English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo (Snáithe II) - Cuirfear suas le €2m i ndeontais ar fáil chun tacú le hamharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireacht in 2021

Inniu (Dé Céadaoin, an 24 Samhain 2021), sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, scéim tacaíochta nua chun cabhrú le hionaid, léiritheoirí agus poiblitheoirí a chuireann amharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireacht ar scála mór ar stáitse.

Faoin Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo 2021, Snáithe II, cuirfear suas le €2m i ndeontais ar fáil chun amharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireacht ar mhórscála a chómhaoiniú i rith Nollaig 2021. Caithfidh go bhfuil imeachtaí ráthúla den sórt seo curtha ar stáitse ag iarratasóirí cheana féin.

Dúirt an tAire Martin:

“Tá an earnáil imeachtaí buailte go dona ag an bpaindéim. Leithdháil mé os cionn €25m chun tacú leis an earnáil le linn 2021, agus maoiníodh imeachtaí suas go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair faoin Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo. Tá an dara snáithe den scéim mhaoinithe sin á chur ar fáil agam anois le haghaidh amharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireacht ar scála mór, nach raibh in ann leas a bhaint as an Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo ní ba luaithe sa bhliain. Tá a fhios agam go bhfuil geamaireacht ríthábhachtach d’inmharthanacht bhliantúil airgeadais na n-ionad seo."

Forbraíodh an Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo chun cabhrú leis an earnáil taibhithe beo deiseanna fostaíochta a chruthú in 2021 d’ealaíontóirí, taibheoirí, teicneoirí agus foireann tacaíochta agus chun aschur Éireannach ealaíne ar ardchaighdeán a sholáthar do lucht féachana na hÉireann. Chruthaigh an scéim deiseanna gníomhaíochta agus fostaíochta a raibh géarghá leo san earnáil i dtréimhsí nuair a bhí srianta COVID-19 i bhfeidhm.

Rinne an Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo 2021 foráil go gcuirfí imeachtaí ar siúl go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2021, agus mar thoradh air sin ní raibh imeachtaí a bhí ar siúl thar thréimhse na Nollag in ann leas a bhaint as maoiniú. Shocraigh an tAire sruth tiomnaithe €2m a sholáthar faoi Shraithe 2 den Scéim d’amharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireacht ar scála mór a bheidh ar stáitse i rith Shamhain agus Nollaig 2021.

Reáchtálfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an scéim. Measfar deontais suas le 50% de chostais incháilithe léiriúcháin. I measc na gcostais incháilithe tá:

  • Costais ionaid le aghaidh an imeachta, costais criú / forchostais / costais foirne (a thabhaítear mar thoradh ar an léiriú agus ar feadh ré an léirithe amháin) san áireamh
  • Conarthaí seirbhíse do:

Táillí ealaíontóra/taibheora

Táillí ceoltóra

Táillí criú

Seirbhísí ó earnálacha cruthaitheacha (lena n-áirítear seirbhísí dearthóirí seit / éadaí)

  • Costais shruthú beo
  • Costais a bhaineann le héadaí le haghaidh léiriúcháin amharclainne
  • Costais a bhaineann le fógraíocht agus caidrimh phoiblí don imeacht
  • Fruiliú threalamh speisialta atá ag teastáil don imeacht go sonrach
  • Costais sláinte, sábháilteachta agus slándála

Léigh na treoirlínte le haghaidh tuilleadh sonraí. Tá treoirlínte ar fáil anseo.

Cuirfear an fhoirm iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag 1 i.n. Dé Luain, an 29 Samhain agus glacfar le hiarratais go dtí 1 i.n. Dé Luain, an 13 Nollaig 2021.

Is féidir ceisteanna faoin scéim a sheoladh i ríomhphost chuig LPSSstrand2@tcagsm.gov.ie