An tAire O’Donovan i gceannas ar thoscaireacht chun na Seapáine chun comhpháirtíochtaí cultúir agus spóirt a neartú
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 28 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Aibreán 2025
- An tAire chun geallsealbhóirí cultúir agus spóirt ó Éirinn agus ón tSeapáin a óstáil sa tSeapáin ag Pailliún na hÉireann a osclaíodh le déanaí ag Expo 2025 Osaka, i measc ócáidí eile
- Cruinnithe polaitiúla agus earnálacha chun caidrimh spóirt, chultúir agus tionscail idir Éire agus an tSeapáin a chur chun cinn
Tá an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, ag taisteal go Tóiceo inniu chun a bheith i gceannas ar thoscaireacht ardleibhéil a bhfuil mar aidhm aici na ceangail chultúir agus spóirt idir Éire agus an tSeapáin a neartú.
Díreoidh an toscaireacht, agus iad ag cur leis an Chinneadh Rialtais maidir le Éire-an tSeapáin 2025 (Aibreán 2025), ar chur chun feidhme an Chomhráitis idir an tSeapáin agus Éire a chur chun cinn, agus ar chomhpháirtíochtaí cultúir agus spóirt idir an dá thír a dhaingniú.
Beidh an chuairt seo ag tarlú le linn Chlár Éire-An tSeapáin 2025—sraith bhliana gníomhaíochtaí a bhfuil mar aidhm leo láithreacht agus feiceálacht na hÉireann a mhéadú sa tSeapáin, lena n-áirítear rannpháirtíocht na hÉireann in Expo 2025 Osaka agus trí oscailt Áras nua na hÉireann níos déanaí i mbliana, agus é mar aidhm fhoriomlán aici ár naisc pholaitiúla agus eacnamaíocha, agus naisc idir dhaoine, a neartú.
Áirítear sa chlár, agus tús á chur leis i dTóiceo, cruinnithe chun ceangail chultúir, spóirt agus eacnamaíochta na hÉireann le parlaiminteoirí, lucht déanta beartais agus geallsealbhóirí earnála cultúir na Seapáine a fhorbairt. Buailfidh an tAire freisin le diaspóra cutúir agus spóirt na hÉireann sa tSeapáin chun plé a bheith acu faoi fhorbairt a dhéanamh ar ár gceangail leis an tír.
Ina dhiaidh seo, rachaidh an tAire O’Donovan go Osaka chun a bheith i gceannas ar ghearradh an ribín ag Pailliún na hÉireann ag Expo 2025.
Agus é ag freastal ar Sheachtain ar Théama ‘Cultúir a Chomhchruthú don Todhchaí’, óstálfaidh an tAire O'Donovan príomh-Gheallsealbhóirí Cultúir Éireannacha agus Seapánacha ag Pailliún na hÉireann chun plé a dhéanamh faoi conas ar féidir linn comhoibriú a neartú idir an dá thír. Áireofar ar láithreoirí cultúir na hÉireann ag Expo 2025 Ard-Mhúsaem na hÉireann, An Ceoláras Náisiúnta, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Cruit Éireann, Animation Ireland agus go leor eile.
Agus é ag labhairt roimh an mhisean, dúirt an tAire O’Donovan:
“I gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag éirí níos casta i gcónaí, tá an tSeapáin ag teacht chun cinn mar chomhpháirtí straitéiseach tábhachtach d’Éirinn ar an stáitse domhanda, a bhfuil an dearcadh céanna acu agus atá againn féin. Le gealltanais an Rialtais maidir le hinfheistíochtaí suntasacha sa tSeapáin agus béim mhéadaithe trí Chlár Éire-an tSeapáin 2025, tá léirithe go soiléir againn gur mian linn an caidreamh tábhachtach seo a neartú sna blianta amach romhainn."
“Tá mé ag súil go mór lena bheith ag obair lenár macasamhlacha Seapánacha sna hearnálacha cultúir agus spóirt, chomh maith le diaspóra éachtach spóirt agus cultúir na hÉireann sa tSeapáin, chun an caidreamh oibre idir ár ndá oileán a fhorbairt. Beidh ár n-obair i dTóiceo agus Osaka sa tseachtain amach romhainn fíorthábhachtach chun feiceálacht na hÉireann sa tSeapáin a mhéadú agus comhpháirtíochtaí agus malartuithe cultúir bríomhara nua a fhorbairt.”
CRÍOCH
Nótaí chuig na heagarthóirí:
Tá an tSeapáin ar cheann de na comhpháirtithe trádála is mó le hÉirinn san Áis, le trádáil dhá-threo a bhfuil luach de bhreis agus €21.5 billiún aici. Is í an fhoinse is mó Infheistíochta Dírigh Eachtraí isteach in Éirinn í ó réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise.
Is í aidhm Straitéis Éire Dhomhanda, ar tionscnamh ilbhliantúil uile-Rialtais í, ná scóip agus tionchar rannpháirtíocht dhomhanda na hÉireann a mhéadú faoi dhó faoi 2025. Cuirtear béim sa straitéis ar fheasacht ar Éirinn a chothú thar lear.
I mí Iúil 2022, shínigh an Taoiseach Micheál Martin TD Comhráiteas le Príomh-Aire Kishida na Seapáine inar cuireadh de cheangal ar an dá thír go mbainfear leibhéal nua amach i gcaidreamh agus malartuithe idir Éire agus an tSeapáin. Is samplaí soiléire iad oscailt Áras na hÉireann sa tSeapáin, agus rannpháirtíocht in Expo, de na gealltanais sin a bheith á dtabhairt i gcrích.
Trí rannpháirtíocht in Expo, cuirtear ardán ar leith ar fáil chun teagmháil dhíreach a dhéanamh le muintir na Seapáine agus le cuairteoirí ó mhórthimpeall an réigiúin.
Tá Pailliún na hÉireann ag Expo 2025 ina chuid lárnach de chlár Éire-an tSeapáin 2025, ar sraith bliana gníomhaíochtaí í atá deartha chun borradh a chur faoi láithreacht agus feiceálacht na hÉireann, lena n-áirítear trí oscailt Áras nua na hÉireann níos déanaí i mbliana, agus chun ár naisc pholaitiúla agus eacnamaíocha, agus naisc idir dhaoine, a neartú.
Fuair ailtirí Oifig na nOibreacha Poiblí, a dhear Pailliún na hÉireann, a n-inspioráid don phailliún ó mhóitíf ársa Cheilteach na triscéile. Beidh Pailliún na hÉireann ina mhol d’eagraíochtaí Éireannacha, Team Ireland, an diaspóra agus an diaspóra coibhnis, agus áit a bheidh ann ina gcothaítear ceangail le hÉirinn. Gheobhaidh gach cuairteoir tuiscint níos fearr ar chultúr na hÉireann, muintir na tíre agus a ceangail leis an tSeapáin trí eispéireas cuairteoirí tumthach.
Cuirfidh raon geallsealbhóirí Team Ireland, ar nós institiúidí cultúir, ranna rialtais agus gníomhaireachtaí Stáit, le láithreacht na hÉireann ag Expo Osaka, Kansai.
Tá tuilleadh eolais faoi Éire-an tSeapáin 2025 ar fáil ag Ireland.ie/IrelandJapan2025.