Ateangairí mar chuid den Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh anois
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 30 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 2 Lúnasa 2022
Maoiniú €1.288m atá fógartha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D., chun an Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh do 2022-2025, a bhfuil an-rath uirthi, a leathnú.
Tá an scéim intéirneachta leathnaithe anois chun ateangairí comhdhála a áireamh inti. Cuireadh tús leis an scéim in 2018 a raibh sé i gceist léi deiseanna a chur ar fáil do chéimithe chun socrúcháin oibre a fháil i réimse speisialaithe ábhair an aistriúcháin agus na profléitheoireachta.
Mar chuid den scéim leathnaithe déanfar suas le ceathrar intéirneach ateangaireachta a cheapadh a thabharfaidh faoi thaithí oibre san fhómhar. Cuirfear liúntas €2,000 in aghaidh na míosa ar fáil do na hintéirneachtaí ar feadh tréimhse sé mhí – caithfidh siad dhá mhí i socrúchán teanga agus ceithre mhí i mbun dianoiliúna in Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta sa Choimisiún Eorpach. Tá maoiniú suas le €322,000 ceadaithe gach bliain don scéim intéirneachta ar feadh tréimhse ceithre bliana.
Is é a dúirt an tAire Stáit, Jack Chambers, T.D.:
“Tá ríméad orm leathnú na scéime intéirneachta seo a fhógairt, scéim a bhfuil an-rath uirthi, chun an ateangaireacht a áireamh inti den chéad uair riamh. Leis an scéim seo tugtar deis do chainteoirí Gaeilge taithí a fháil ar shaol na hoibre san Eoraip, oiliúint a fháil sna hinstitiúidí, agus cur lena gcuid scileanna. Cuirfidh sin deiseanna níos fearr ar fáil dóibh i gcomórtais earcaíochta amach anseo. Bhí an t-aiseolas a fuarthas ó na rannpháirtithe agus ó institiúidí éagsúla AE araon thar a bheith dearfach agus tá an rath a bhí ar an scéim soiléir mar gheall go bhfuil go leor intéirneach ag fáil post sna hinstitiúidí. Guím gach rath ar na hintéirnigh don bhliain speisialta seo ina bhfuilimid ag ceiliúradh bhallraíocht 50 bliain na hÉireann san AE.”
Tá tuilleadh eolais faoin scéim le fáil ag: www.gov.ie