English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Baineann an Iománaíocht an Domhan Mór Amach - Aithníonn UNESCO an Iománaíocht mar Oidhreacht Bheo na hÉireann

Tá gliondar croí ar Josepha Madigan TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, a fhógairt go ndearnadh an Iománaíocht a inscríobh ar Liosta Ionadaíoch UNESCO d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Dhaonna.

Ag cruinniú a thionóil Coiste Idir-Rialtasach UNESCO chun an Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe a Chosaint ar Oileán Mhuirís inné (an 28 Samhain), faomhadh ainmniúchán Iománaíochta na hÉireann, agus baineadh aitheantas idirnáisiúnta amach don Iománaíocht, dá bharr, mar phríomhghné d’oidhreacht bheo na hÉireann atá le cosaint don ghlúin amach anseo.

Dúirt an tAire Madigan:

"Tá gliondar croí orm gur bhain an Iománaíocht aitheantas idirnáisiúnta amach ó UNESCO. Príomhghné de chultúr na hÉireann is ea an iománaíocht. Leis na cianta anuas, ba chuid thábhachtach an iománaíocht d’aitheantas na hÉireann, agus bhronn fir agus mná an traidisiún beo seo ar gach glúin a tugadh aníos. Táim buíoch den Chumann Camógaíochta agus den CLG as an obair a rinne siad le mo Roinn chun an t-aitheantas seo a bhaint amach ó UNESCO."

Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún UNESCO chun an Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe a Chosaint in 2015. Bunaíodh an Coinbhinsiún chun oidhreacht chultúrtha a chosaint, a thuiscint, agus chun feasacht a mhúscailt air go háitiúil, go náisiúnta, agus go hidirnáisiúnta. Is éard a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha dholáimhsithe, nó an oidhreacht bheo, nósanna, traidisiúin, ceirdeanna, cluichí, agus cleachtais atá mar chuid de shaol agus aitheantais daoine ar bhonn aonair agus mar chuid de phobail níos fairsinge, agus a thugtar ar aghaidh ó ghlúin go glúin.

Is í an Iománaíocht, a mbíodh an cluiche iomlán i gceist leis roimhe seo, an chamógaíocht ina measc, faoi mar a d’imir fir, mná agus leanaí, dara hinscríbhinn na hÉireann ar an Liosta Ionadaíoch. Rinneadh chéad ainmniúchán na hÉireann, Píobaireacht Uilleann, a inscríobh go hoifigiúil anuraidh.

Rinne an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an aighneacht don inscríbhinn seo a stiúradh i gcomhar leis an CLG agus leis an gCumann Camógaíochta.

Dúirt Uachtarán an CLG, John Horan:

"Ard-bhuaicphointe eile is ea cinneadh UNESCO chun an stádas mór le rá Oidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe a bhronnadh ar chluiche na hiománaíochta agus bronnadh an stádas i rith shárbhliain iománaíochta 2018. I ndiaidh samhradh iontach eile de Chraobhchomórtas iománaíochta, bronnann dámhachtain seo UNESCO aitheantas idirnáisiúnta ar ár gcluiche dúchasach agus bronnann sé aitheantas idirnáisiúnta ar an tábhacht chultúrtha, shóisialta agus spóirt ar Mhuintir na hÉireann. Athdheimhníonn sé an chaoi nach ach spórt atá i gceist leis an Iománaíocht. Taisce náisiúnta atá ann; is traidisiún ársa é a dhéanann sinn a cheangal lenár stair Cheilteach agus is cuid dár ndúchas é. Is mór an buíochas atá tuillte ag an nglúin daoine a rinne an cluiche a chaomhnú, a chosaint agus a chur chun cinn ar leibhéal scoile, cumainn agus contae chun go mairfeadh sé agus go mbeadh an rath air chun ár leasa le linn tréimhse ina raibh tóir gan choinne ar an gCluiche anseo. Tá dualgas orainn go léir atá bainteach sa Chumann a chinntiú go ndéanann an obair um chur chun cinn a dhéanaimid an Iománaíocht a chaomhnú don ghlúin amach anseo."

Dúirt Kathleen Woods, Uachtarán an Chumainn Chamógaíochta:

"Is mór an onóir gur bronnadh ar an gCamógaíocht an t-aitheantas idirnáisiúnta mór le rá seo a léiríonn an ról lárnach a ghlacann an Iománaíocht agus an Chamógaíocht i mbeatha na hÉireann agus an stair fhairsing a bhaineann lenár gcluichí. Tá gliondar croí orm dár n-oibrithe deonacha agus imreoirí iontacha sin go léir gur aithníodh ár gcluichí uathúla mar gheall gurb iad a bhronnann beatha agus beocht ar ár gcluichí. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Madigan agus a comhghleacaithe laistigh den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta anuas ar ár gcomhghleacaithe sa CLG don obair dhian a rinne siad agus an tacaíocht a thug siad leis an aighneacht seo."

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Madigan:

"Tá Liosta Ionadaíoch UNESCO in ainm is infheictheacht, feasacht agus éagsúlacht a chur chun cinn san oidhreacht chultúrtha go hidirnáisiúnta. Deis iontach atá in inscríbhinn na hIománaíochta chun gné de chultúr na hÉireann ar a bhfuil ardmheas a roinnt le daoine eile.

"“Díreach an mhí seo caite – mar thacaíocht leis an bhfeachtas seo don inscríbhinn – d’fhreastail mé ar cheiliúradh ar chultúr agus traidisiún na hiománaíochta ag Ambasáid na hÉireann i bPáras, agus ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun buíochas a ghabháil leo siúd a chuir leis an imeacht an-rathúil sin – Pat Daly (an CLG), Louise Conlon (an Cumann Camógaíochta) Aidan O’Sullivan, Claire Cave agus Paul Rouse (UCD), John Fenton agus Daniel McCarthy (Ionadaithe Cumainn)."

CRÍOCH