English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Beirt chomhaltaí eile ceaptha ar bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann

Beirt chomhaltaí eile ceaptha ar bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., inniu go gceapfar an bheirt chomhaltaí nua a leanas ar bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA):

- John McLaughlin; agus

- Rhoda Lane-O’Kelly

Téarma cúig-bhliana a bheidh ag an bheirt ceapaithe.

Dúirt an tAire Martin, agus í ag labhairt faoi na ceapacháin:

“Is cúis áthais dom ceapachán na n-iarrthóirí spreagúla seo a fhógairt, a bhfuil taithí sa dearadh ailtireachta agus sa chumarsáid straitéiseach acu faoi seach, rud a bheidh ina acmhainn mhór do Bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann sna cúig bliana amach romhainn. Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a ghabháil leis an mbeirt a ceapadh agus mo bhuíochas a ghabháil leo as na róil thábhachtacha seo a ghlacadh. Guím gach rath orthu le linn a dtéarmaí.”

Dúirt Ali Curran, Cathaoirleach IMMA:

“Is cúis áthais dom fáilte a chur roimh na ceapaithe nua ar bhord IMMA, atá ag teacht isteach ag am iontach agus muid i gcéimeanna luatha straitéis cúig-bhliana an mhúsaeim. Tabharfaidh an bheirt cheapaithe scileanna ar leith leo go dtí an músaem, ina bhfuil éagsúlacht leathan tallann cheana féin ar ár mBord, agus táim ag súil go mór lena bheith ag obair leo.”

Rinneadh na ceapacháin i ndiaidh gairme poiblí ar iarratais ar www.Stateboards.ie agus i ndiaidh próisis measúnaithe arna reáchtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

CRÍOCH

NÓTAÍ CHUIG NA hEAGARTHÓIRÍ

Is ailtire i mbun cleachtais agus ollamh comhlach sa dearadh ailtireachta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, é John McLaughlin. Tá taithí idirnáisiúnta aige ar a bheith ag obair ar mhórthionscadail chathartha agus chultúrtha, ar nós athchóiriú Músaem Náisiúnta na nEalaíon Áiseach Guimet i bPáras, agus ba ea príomhailtire Údarás Dugthailte Bhaile Átha Cliath é sular bhunaigh sé John McLaughlin Architects in 2010.

Rhoda Lane-O’Kelly ag obair le 30 bliana anuas ar leibhéal feidhmeannaigh shinsearaigh in earnáil na n-earraí tomhaltóra agus miondíola, le taithí fhairsing i réimsí gnó cosúil le cumarsáid straitéiseach, cothú branda, caidrimh chorparáideacha agus forbairt inbhuanaithe. I measc a cáilíochtaí tá Máistreacht Feidhmeannaigh sa Cheannaireacht Chultúrtha agus MBA Feidhmeannaigh, ina raibh grá s’aici do na healaíona ag teacht lena léargais phearsanta ar fhorbairt agus maoiniú músaem chomh maith le spreagthaí daonchairdis.