English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bord Nua Fhís Éireann

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, comhaltaí nua Bhord Fhís Éireann. Seo a leanas iad:

• Susan Bergin (Cathaoirleach Ainmnithe),

• Dr Zélie Asava,

• John McDonell,

• Ray Harman agus

• Eoin Holohan

• Marian Quinn (ceaptha arís)

• Kate McColgan (ceaptha arís)

Rinneadh na ceapacháin tar éis fheachtas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí do Bhord Fhís Éireann.

Ag fáiltiú roimh na ceapacháin, dúirt an tAire:

“Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh Bhord nua Fhís Éireann, a nglacann lena ról ag am iontach i dtionscal na scannán. Tuigimid go léir na dúshláin a chuireann COVID-19 romhainn ach cabhróidh tacaíocht agus infheistíocht mhéadaithe i bhFís Éireann le príomhthionscadail a sholáthar i léiriú scannán, drámaí teilifíse agus beochan. Leag infheistíocht agus obair inbhuanaithe an bhunchloch le haghaidh fás dearfach san earnáil agus in ainneoin na deacrachtaí a chruthaíonn COVID-19, léirigh an earnáil an teacht aniar atá inti. Tá tóir shuntasach ar ábhar físe agus lenár lucht saothair oilte, ár n-oidhreacht chultúrtha, ár dtírdhreacha agus ár dtacaíochtaí don earnáil, aithnítear gur áit iontach í Éire chun teacht i dtír air seo. Táimid uaillmhianach do thionscal na scannán in Éirinn agus ba mhaith linn earnáil fhís chruthaitheach na hÉireann a fhás go dtí go mbeidh an earnáil ina hionad feabhais idirnáisiúnta d’earnálacha na físe cruthaithí. Tá ról lárnach ag an mBord i rialú, maoirseacht agus treo stráitéiseach Fhís Éireann agus gabhaim buíochas le comhaltaí an Bhoird as a gcuid ama a roinnt linn agus as glacadh le ról i dtacú leis an earnáil closamhairc”.

Tá seachtar comhaltaí boird ceadaithe sa reachtaíocht ar a bunaíodh an Bord, le comhalta amháin le ceapadh mar Chathaoirleach.

Rinneadh na ceapacháin seo tar éis don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comórtas oscailte a reáchtáil inar glacadh le hiarratais ó dhaoine a raibh taithí earnála proifisiúnta acu, taithí chruthaitheach agus theicniúil, taithí ar dháileachán, ar thaispeántas agus ar lucht féachana a fhorbairt, taithí ar ghnéithe ábhartha—taithí os comhair na gceamairí san áireamh, taithí ar ealaíona cruthaitheacha—taithí ar cheardaíocht san áireamh, nó taithí gnó níos leithne.