Breis is €500,000 i maoiniú fógartha chun go gcuirfidh Cultúr Éireann ealaíona na hÉireann chun cinn ar fud an domhain
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 30 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, inniu go bhfuil breis is €500,000 i maoiniú á chur ar fáil chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí Chlár Deontas Chultúr Éireann.
Rachaidh an maoiniú chun tairbhe seachtú cúig tionscadal ar fud 24 tír agus a chuimseoidh damhsa, scannán, litríocht, ceol, amharclannaíocht agus na hamharc-ealaíona.
Is éard a dúirt an tAire Martin agus na bronntaí á bhfógairt aici:
“Tá mo Roinnse, trí Chultúr Éireann, ag obair i dtreo sprioc Éire Dhomhanda 2025, lorg cultúir domhanda na hÉireann a dhúbailt, a bhaint amach trí thacú le healaíontóirí na tíre a gcuid saothar a chur os comhair lucht spéise ar fud an domhain. Tá tacaíocht tugtha ag Cultúr Éireann do 532 tionscadal le dhá bhliain anuas, tacaíocht a thug ar ealaíontóirí bealaí nua agus nuálacha a aimsiú chun a gcuid saothar a chur os comhair lucht spéise idirnáisiúnta. Agus muid ag teacht chugainn féin tar éis na paindéime, tá sé ríthábhachtach go leanfaimid ag tabhairt tacaíocht d’ealaíontóirí na hÉireann ó tharla gur moladh é ar a gcumas go roghnaítear iad go leanúnach lena gcuid saothair a chur i láthair ar na stáitsí is fearr ar fud an domhain, san Astráil, ar fud na hÁise agus na hEorpa, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i Meiriceá Theas.”
Airítear a leanas ar na tionscadail:
- Tacaíocht camchúirte san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh, san Astráil agus san Nua-Shéalainn do cheathracha ceoltóir agus grúpa ceoil, lena n-áirítear Junior Brother, Aoife Nessa Francis, Just Mustard, Loah, Clare Sands, Wallis Bird agus CMAT;
- Tacaíocht do lucht déanta scannán freastal ar thaispeántais dá gcuid oibre lena n-áirítear an 13ú Féile Bhliantúil Scannáin na Breataine & na hÉireann i Lucsamburg (Meán Fómhair), Féile Scannán Newport Beach (Deireadh Fómhair), Féile Scannáin na hÉireann, Londain (Mí na Samhna), Féile Scannáin na hÉireann, Toronto (Márta 2023) agus ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Valladolid, an Spáinn (Deireadh Fómhair) ag a mbeidh béim ollmhór ar Éirinn;
- Scríbhneoirí na hÉireann, lena n-áirítear Sara Baume agus Annemarie Ní Churreáin ag glacadh páirt i bhféilte sa Nua-Shéalainn, in SAM agus san India.
- Lá Idirnáisiúnta na bPíb Uilleann ag ionaid idirnáisiúnta san Airgintín, sa Bhreatain, i gCeanada, san Fhrainc, san Iodáil, san Spáinn agus sna Stáit Aontaithe (Mí na Samhna).
- Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann agus Peter Whelan i Halla Wigmore i Londain (Aibreán 2023);
- Camchúirt mhór i Meiriceá Thuaidh de The Humours of Bandon le Margaret McAuliffe curtha ar stáitse ag Fishamble (Aibreán - Meitheamh 2023)
- Taispeántais de Trade agus Mary Motorhead le Mark O’Halloran agus Emma O’Halloran ag an bhFéile PROTOTYPE, Nua-Eabhrac agus ag LA Opera (Eanáir/Aibreán 2023)
- Taispeántais idirnáisiúnta le healaíontóirí na hÉireann lena n-áirítear Gareth Kennedy, Sean McKernan agus Avril Corroon agus sárthaispeántas d’ealaíontóirí na linne seo in Éirinn ag MART Gallery i bpáirt le CIACLA Los Angeles (Earrach na bliana 2023);
- Maoiniú i dtreo Chlár Fhómhar/Gheimhreadh na bliana 2022 ag Ionad Cultúrtha na hÉireann in Hammersmith, Londain agus Féile Éireannach Tyneside (Mí na Samhna);
- Gailearaithe na hÉireann páirteach ag aontaí ealaíona mór le rá i Londain, in Miami agus i Nua-Eabhrac agus saothair ealaíontóirí na hÉireann ar taispeántais ag na haontaí céanna.
Chun liosta iomlán a fháil d’fhaighteoirí deontas an bhabhta seo téigh chuig www.cultureireland.ie.
Dúirt an tAire chomh maith:
“Mar chuid de Bhuiséad 2023 tá méadú €2m, ó €4.6m go €6.6m, faighte agam do Chultúr Éireann. Cinnteoidh an maoiniú breise sin go mbeidh Cultúr Éireann ábalta leanúint d’ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain chomh maith le deiseanna a chruthú agus tacaíocht a thabhairt do ghairmeacha idirnáisiúnta ealaíontóirí na hÉireann. Cuideoidh an maoiniú le Cultúr Éireann críocha níos leithe a bhaint amach d’ealaíona na hÉireann agus leanúint de thacaíocht a thabhairt d’ionaid straitéiseacha Ealaíona na hÉireann i Londain, i Nua Eabhrac agus i bPáras, chun cruthaitheacht na hÉireann a chur i láthair lucht féachana domhanda”.