English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bronntar Gradam Markievicz ar 10 ealaíontóirí chun saothar a chruthú a léiríonn ról na mban i stair na hÉireann

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, deich mbuaiteoirí nua Ghradaim Markievicz d’ealaíontóirí.

Tá sé mar aidhm ag Gradam Markievicz tacú le healaíontóirí chun a gceird a fhorbairt agus ealaín den scoth a chruthú a aithníonn agus a dhéanann comóradh ar ról na mban san am atá caite agus sa tréimhse a gclúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán, 1912-1923, go háirithe.

Seo a leanas na healaíontóirí a fuair gradaim inniu:

  • Emily Aoibheann (Sorcas)
  • Chloe Brenan (Scannánaíocht)
  • Tara Kearns (Amharc-ealaíona)
  • Janet Moran (Amharcannaíocht)
  • Margo McNulty (Amharc-ealaíona)
  • Siobhán Ní Dhuinnín (Damhsa)
  • Doireann Ní Ghríofa (Litríocht - Béarla)
  • Jody O'Neill (Amharclannaíocht)
  • Aoife Spillane-Hinks (Ceoldhrámaíocht)
  • Olesya Zdorovetska (Ceol)

Bronntar dámhachtainí faoin scéim gach bliain idir 2021 agus 2023 ar suas le deichniúr ealaíontóirí (ealaíontóirí aonair a oibríonn ina n-aonair nó ealaíontóirí a chomhoibríonn le healaíontóirí eile) le luach suas le €25k do gach duine aonair nó grúpa. Oibríonn an Roinn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon maidir le riarachán na scéime faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012 2023.

Dúirt an tAire Martin:

“Tagann na 10 ealaíontóirí a fógraíodh inniu mar fhaighteoirí Ghradaim Markievicz mar aon le 20 ealaíontóir atá ag fáil gradam cheana féin ó cuireadh tús leis in 2019. Tugann na Gradaim seo urraim do Constance de Markievicz – a bhí ina healaíontóir í féin – agus tacaíocht d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus seánra chun saothar nua a chruthú a léiríonn ról na mban san am atá caite, go mór mór sa tréimhse a chlúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán. Is í 2022 an ceathrú bliain a bhronnfar an Gradam a riarann ár gcomhpháirtí, an Chomhairle Ealaíon go cumasach. Méadaíodh clár na nGradam go suntasacha anuraidh. Táim tiomanta do thacaíocht a thabhairt don Ghradam i mbliana agus an bhliain seo chugainn agus muid ag obair chun an timpeallacht oibre d’ealaíontóirí a athnuachan, a athchóiriú agus a thacú i ndiaidh na héigeandála sláinte poiblí a chruthaigh COVID-19.”

Dúirt an tAire Martin chomh maith:

“Tá an-áthas orm bualadh leis na healaíontóirí chun an Gradam a fhógairt i mbliana. Aithníonn gach ceann acu a thábhachtaí is atá sé an ról ríthábhachtach a bhí ag mná ina n-aonar agus i dteannta a chéile inár stair a aithint, a thuiscint agus a léiriú. Táim ag súil le dul chun cinn na n-ealaíontóirí agus na saothair nua a chruthófar mar thoradh ar na dámhachtainí seo a fheiceáil - cuirfidh an dá ghné seo leis an bplé ar ról ríthábhachtach na mban sa troid ar son na saoirse agus sa chéad 100 bliain ó bunaíodh an Stát. Is acmhainn ríthábhachtach dár sochaí é léiriú cruthaitheach, chun stair achrannach a insint agus chun ár smaointeoireacht reatha agus ár mianta don todhchaí a threorú.”

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Seo thíos roinnt sonraí faoi thograí na n-ealaíontóirí dá ngradaim:

Ealaíontóir/Faighteoir Foirm Ealaíne Tionscadal/Forbraíocht
Aoibheann, Emily Sorcas An spás cultúrtha, timpeallachta agus sóisialta idir an t-ealaíontóir agus máthair a hathar a scrúdú.Fad pearsanta ón ‘maireachtáil dhúchasach’ trí thraidisiúin amhránaíochta agus filíochta na hÉireann a fhiosrú. Dul i dteagmháil le healaíontóirí agus le meantóirí eile chun na téamaí seo sa cheol, sa rince agus sa dealbhóireacht a fhiosrú.
Brenan, Chloe Scannánaíocht Scannán nua a a chruthú a scrúdaíonn an luibheolaí Éireannach Matilda C Knowles (1864-1933) agus a hábhar taighde, léicin. Formáidí iolracha íomhá ghluaisteach sa phíosa a shintéisiú. Oibriú le luibheolaí, cumadóir agus meantóireacht a fháil i scannánú agallaimh / beochan turgnamhach 16mm.
Kearns, Tara Amharc-ealaíona Taifead agus plé a dhéanamh ar ról na mban i gceantair lucht oibre mar phobal an ealaíontóra féin ar Shráid an tSirriam, trí shraith saothar comhoibríoch agus saothar coincheapúil a chruthú. Plé a dhéanamh ar an ngrúpa ban seo go háirithe agus iad tar éis dul i ngleic le dúshláin ar leith le blianta beaga anuas.
McNulty, Margo Amharc-ealaíona Rudaí a bhaineann le saol na mban le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán a nochtadh. Saothar nua a chruthú mar fhreagra ar na rudaí seo. An insint faoin tréimhse stairiúil a athrú trí scéalta nua a chruthú.
Moran, Janet Amharclannaíocht Saothar amharclainne nua a fhorbairt, faoin gceoltóir réabhlóideach Dilly Dicker a chuimsíonn scannáin chiúin agus ceol bunaidh trí thréimhse taighde agus meantóireachta. Ceardlann le comhoibrithe chun an chéad dréacht a chruthú a thugann ómós do ról Dilly i neamhspleáchas na hÉireann a bhaint amach nach bhfuil á meas faoina luach.
Ní Dhuinnín, Siobhán Rince Píosa nua a fhorbairt le comhoibrithe saineolacha ag úsáid filíocht nua-aimseartha na Gaeilge, rince chomhaimseartha agus ceol. Taighde a dhéanamh ar an léiriú agus an taithí bheo atá ag coirp na mban in amhráin agus i ndánta na Gaeilge le 100 bliain anuas. Fuinneamh agus beocht, trí dhamhsa, a chur sa léargas iontach liteartha seo.
Ní Ghríofa, Doireann Litríocht (Béarla) Taighde a dhéanamh agus leabhar a scríobh ina mbeidh stair dhochreidte nár insíodh, trí shaol na mban a bhí ina gcónaí in Ospidéal Meabhairghalair Cheantar Chorcaí roimh 1923. Caidreamh gairmiúil an ealaíontóra le Cartlann Chorcaí agus Músaem Poiblí Chorcaí a fhorbairt.
O'Neill, Jody Amharclannaíocht Taighde a dhéanamh ar ról na mban cisinscneach agus na mban atá éagsúil ó thaobh inscne i stair agus i réimse éabhlóideach na habhcóideachta míchumais in Éirinn, le tacaíocht ó Rosaleen McDonagh, Katherine O’Donnell, Rhona Coughlan & Pamela McQueen. Dráma nua a chruthú, bunaithe ar an taighde seo. Clabhsúr a chur leis le ceardlann fobartha dhá lá.
Spillane-Hinks, Aoife Ceoldrámaíocht Taighde a dhéanamh ar ábhar cartlainne Phríosún Chill Mhaighneann a bhaineann le mná a bhí ina bpríosúnaigh pholaitiúla in 1923. Teagmháil a dhéanamh le baill an phobail trí agallaimh agus trí cheardlanna. Comhoibriú leis an gcumadóir Stephen McNeff & an stiúrthóir David Brophy chun fís a fhorbairt do thionscadal ceoldrámaíochta beo i bPríosún Chill Mhaighneann i bhfómhar na bliana 2023.
Zdorovetska, Olesya Ceol Saothar trasdisciplíneach uaillmhianach nua a chruthú chun oidhreacht O’Connor-Vilinska agus Markievicz a cheiliúradh. Guth a thabhairt do mhná labhairt go cruthaitheach ar son an cheartais sa 21ú haois. Mná Éireannacha-Úcráineacha atá ina sár-ealaíontóirí a thabhairt le chéile chun an tionscadal seo a sheachadadh ar leibhéal idirnáisiúnta.