English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

BUISÉAD 2021: Sraith láidir beart tacaíochta fógartha ag na hAirí Martin agus Chambers do chursaí Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

- Ciste tacaíochta nua €55m le haghaidh gnóthaí turasóireachta straitéiseacha

- CBL ar an earnáil laghdaithe go 9%, rud a fheabhsóidh iomaíocht agus inmharthanacht gnóthaí

- Féadfaidh gnóthaí fáilteachais, lóistín agus ealaíon buailte ag an bpaindéim aisíocaíochtaí suas le €5,000 sa tseachtain a fháil faoin Scéim Tacaíochta Sriantaí COVID (STSC) nua

- Tacaíocht nua €50m le haghaidh siamsaíocht bheo – réimse tacaíochtaí le haghaidh imeachtaí siamsaíochta beo le reáchtáil in 2021 in ionaid ar fud na tíre, bearta eile mar thaca don cheol, agus scéim nua deontais le haghaidh trealaimh

- €130m don Chomhairle Ealaíon – leibhéal is mó riamh

- Leithdháileadh maoinithe de bhreis agus €78m don earnáil Gaeltachta agus Gaeilge – suas €14.8m ó leithdháileadh tosaigh 2020

- Maoiniú do TG4 suas go €40.733m

- Leithdháileadh €104.5m do Spórt Éireann – suas €36m

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., agus an tAire Stáit, Jack Chambers T.D., inniu (14 Deireadh Fómhair) sonraí an mhaoinithe chomhláin €1,081,818,000 a leithdháileadh ar an Roinn i mBuiséad 2021, a chlúdaíonn réimse sreafaí nua láidre maoinithe agus beart chun marthanas agus téarnamh gnóthaí agus oibríochtaí in earnálacha arna maoirsiú ag an Roinn a chinntiú.

Dúirt an tAire Catherine Martin: “Tá an réimse éagsúil earnálacha a bhfuil an Roinn seo ag freastal orthu i measc na n-earnálacha is mó buailte ag an bpaindéim COVID-19. Fostaíonn na hearnálacha seo na céadta míle saoránach ar fud na tíre agus is iad na hearnálacha seo a mbíonn borradh fúthu nuair a thagann daoine le chéile chun am saor a chaitheamh le chéile. Ba iad seo na chéad earnálacha a dúnadh mar thoradh ar an bpaindéim, agus is cosúil go mbeidh siad i measc na gcinn is deireanaí a bheidh ar ais faoi lánseoil amach anseo. Ó mhí an Mhárta, buaileadh buile throm dár n-institiúidí cultúrtha agus ár n-amharclanna, ár gcinn scríbe turasóireachta, ár dtithe tábhairne agus ár mbialanna, ár n-imeachtaí spóirt agus ár bpobail Ghaeltachta. Tá mórán díobh dúnta, nó faoi shrian mór, ach is iad na gníomhaíochtaí seo na gníomhaíochtaí céanna a chuireann áthas orainn agus atá ríthábhachtach dár sláinte fhisiciúil agus mheabhrach.

“Tá roinnt beart suntasach curtha i bhfeidhm ag an mBuiséad seo anois chun na hearnálacha seo a thacú agus a neartú i rith 2021.

“Ar ndóigh, bhí plé leanúnach againn le geallsealbhóirí agus le hionadaithe earnála i rith na géarchéime. In éineacht le mo chuid oifigeach, tá roinnt cainéal éagsúil rannpháirtíochta bunaithe agam le cinntiú go bhfuil muidne, mar lucht déanta cinntí, ag éisteacht go géar le glór an chleachtóra chultúrtha, an úinéara gnó fáilteachais, na gcomhlachtaí spóirt agus ár bpobal Gaeltachta. Tá leas bainte as an idirghníomhaíocht seo ag réimse leathan tacaíochtaí Rialtais spriocdhírithe agus samhlaíocha a cuireadh i bhfeidhm ó mhí an Mhárta, agus tá siad ina gcabhair riamh chun gníomhaíochtaí agus fostaíocht a chothú sna hearnálacha seo. (Sonraí uile san Aguisín.)

“Bhí an teagmháil láidir seo idir mo Roinn agus na hionadaithe earnála ina bonn eolais do Bhuiséad 2021. Tá an tsraith láidir beart suntasach a bhfuil cur síor orthu thíos ina freagra láidir agus spriocdhírithe ar an ngéarchéim seo; beidh sí ina taca don acmhainneacht agus don téarnamh, agus cinnteoidh go mbeidh borradh faoi Éirinn arís i lár an aonaigh dhomhanda i réimsí na turasóireachta, an chultúir, an spóirt agus na hoidhreachta teangeolaíochta a bhfuil muid an-mhórtasach astu.

“Bearta sonracha do na hearnálacha seo is ea iad, agus ar ndóigh táthar ag cur leo ó thaobh na dtacaíochtaí uile-gheilleagracha agus na mbeart leasa shóisialaigh a fógraíodh sa Bhuiséad agus a bhfuil cur síos níos mine déanta orthu ag mo chomh-Airí Rialtais, an tAire Airgeadais Paschal Donohoe san áireamh.”

BUAICPHOINTÍ BHUISÉAD 2021

Turasóireacht

Cuspóir: Chun an tionscal turasóireachta a thacú le fás ar bhealach inbhuanaithe

Buiséad 2021 – Turasóireacht:

- An leibhéal is mó maoinithe fhoriomláin don turasóireacht riamh, méadú €59 milliún i gcomparáid le leithdháileadh 2020

- Ciste tacaíochta nua €55m leanúnachais gnó le haghaidh gnóthaí turasóireachta straitéiseacha. Mar thoradh air seo beidh Fáilte Ireland ag tacú le gnóthaí turasóireachta straitéiseacha atá lárnach do théarnamh na turasóireachta. In éineacht leis an Scéim Tacaíochta Sriantaí Covid a thug an tAire Airgeadais isteach, beidh sé seo ina chabhair chun mórán gnóthaí turasóireachta a chothú tríd an ngéarchéim

- CBL ar an earnáil laghdaithe go 9%, rud a fheabhsóidh iomaíocht agus inmharthanacht gnóthaí

- €5m in oiliúint dhírithe don earnáil agus infheistíocht sa digitiú san earnáil chun tús a chur le hullmhúcháin don gheilleagar tar éis COVID-19

- Ar fud an Rialtais, beidh an méid seo i measc na dtacaíochtaí don Turasóireacht

o Scéim Tacaíochta Sriantaí COVID

o Síneadh ama leis an Tarscaoileadh Rátaí

o Scéim comharbais don SFPF tar éis mhí an Mhárta

o Síneadh ama leis na forálacha stórasaithe fiachais cánach

Tiocfaidh méadú sa bhreis ar €59 milliún ar an maoiniú iomlán don earnáil turasóireachta in 2021, is é sin €220.9 milliún, i gcomparáid leis an leithdháileadh tosaigh i mBuiséad 2020. San áireamh sa mhaoiniú beidh €179.9m i gcaiteachas reatha agus €41m in infheistíocht chaipitiúil.

Tá an tAire ag déanamh forála do thacaíocht nua gnó €55m do ghnóthaí turasóireachta straitéiseacha chun cuidiú leo teacht tríd an bpaindéim agus chun bheith ann chun an téarnamh a bhrú chun cinn. Beidh sé ríthábhachtach dár dtéarnamh go ndéantar cothabháil ar acmhainn in earnálacha straitéiseacha na turasóireachta. In éineacht leis an Scéim Tacaíochta Sriantaí Covid (STSC), an gearradh CBL, an síneadh ama leis an SFPF, an síneadh ama leis an stórasú fiachais cánach, agus an tarscaoileadh rátaí, tá an Rialtas ag cabhrú cothú a dhéanamh ar na gnóthaí is mó buailte ag na srianta riachtanacha sláinte poiblí.

Tá maoiniú curtha ar fáil aici chomh maith le haghaidh uasoiliúint dhírithe chun marthanas agus téarnamh gnóthaí san earnáil a thacú. Chomh maith leis sin, maoineoidh an Buiséad an feabhsú ar láithreacht dhigiteach agus cumas ríomhthráchtála gnóthaí turasóireachta. D’éiligh an Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta an dá cheann de na bearta seo.

Coinníodh an infheistíocht sa Chiste Margaíochta Turasóireachta le cinntiú go mbeidh Éire in ann teacht ar ais chuici féin go sciobtha nuair a bheidh sé sábháilte do thurasóirí ónár bpríomh-mhargaí.

Dúirt an tAire Martin “Fuair mé an Plean Téarnaimh Turasóireachta 2020–2023 le déanaí, doiciméad ina dtugtar le fios an gá le bearta práinneacha chun marthanas gnóthaí turasóireachta a chinntiú, agus ag an am céanna síolta an téarnaimh a chur. Déan Buiséad 2021 beart de réir briathair ar na tosaíochtaí láithreacha a shainaithin an Tascfhórsa Téarnaimh Turasóireachta. Tá áthas orm go bhfuil an maoiniú breise is mó riamh cinntithe agam don bhuiséad turasóireachta. Cabhróidh an maoiniú seo aghaidh a thabhairt ar imní láithreach an mharthanais gnó agus ag an am céanna féachann chun cinn le hoiliúint dhírithe agus tacaíochtaí digitithe. In éineacht leis an laghdú ar an ráta CBL, an Scéim Tacaíochta Sriantaí Covid do ghnóthaí faoi shrianta fíormhóra na mbeart sláinte poiblí, agus an tarscaoileadh leanúnach ar rátaí tráchtála, tá an pacáiste tacaíochtaí don turasóireacht ina fhreagra suntasach ar thionchar eiseach COVID-19.”

Chomh maith leis sin, dúirt an tAire Martin “Cé go bhfuil an turasóireacht ag streachailt anois, bhí sí ina tiomántán don téarnamh san am atá thart agus is gá dúinn an cumas lárnach sa tionscal a chothú chun cur ar a cumas teacht ar ais chuige féin arís.”

Cultúr agus na hEalaíona

Cuspóir: Chun láidreachtaí ealaíonta agus cruthaitheacha céad scoth na hÉireann a chur chun cinn agus a fhorbairt anseo agus thar sáile, agus a luach sochaíoch, geilleagrach agus cáil don tír a uasmhéadú

Buiséad 2021 – Buaicphointí Cultúrtha agus Ealaíon:

- Tacaíocht nua €50m don tsiamsaíocht bheo. Mar thoradh air seo beidh réimse tacaíochtaí le haghaidh imeachtaí siamsaíochta beo le reáchtáil in 2021 in ionaid ar fud na tíre, bearta eile mar thaca don cheol, chomh maith le scéim nua deontais le haghaidh trealaimh

- Leibhéal is mó maoinithe riamh don Chomhairle Ealaíon, is é sin €130m

- Méadú €9m go breis agus €30m ar mhaoiniú do Fís Éireann i gcomparáid le leithdháileadh tosaigh 2020

- €8m chun foráil a dhéanamh don Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta a aistriú chuig an gCeoláras Náisiúnta

Thuairiscigh an tAire Martin go dtiocfaidh méadú 70% ar an maoiniú iomlán don earnáil cultúir in 2021 i gcomparáid le leithdháileadh tosaigh 2020 i mBuiséad 2020. San áireamh sa mhaoiniú seo beidh €270m i gcaiteachas reatha agus €60.7m in infheistíocht chaipitiúil, agus is léiriú é ar aitheantas an Rialtais do thionchar trom na sriantaí COVID-19 ar an earnáil.

Don chéad uair, tá an Rialtas ag cur suim €50m ar fáil mar thacaíocht don tsiamsaíocht bheo. San áireamh leis seo beidh bearta don earnáil siamsaíochta tráchtála den chéad uair, agus tacóidh an tsiamsaíocht bheo in ionaid ar fud na tíre, ag tógáil ar an bPacáiste Spreagthaí Post a fógraíodh i mí Iúil. Beidh sé ina thaca chomh maith do ghníomhaíochtaí ag leibhéal an phobail agus mar thoradh air beidh deiseanna oibre níos fearr ann d’oibrithe criú agus ionaid ar fud na tíre. Beidh breis tacaíochtaí ann don cheol, ag tógáil ar an éileamh dochreidte ar thacaíocht faoin Scéim Spreagthaí Post Ceoil Mhí Iúil arna hoibriú ag First Music Contact. Beidh scéim deontas caipitiúil do threalamh i bhfeidhm in 2021. In éineacht leis na bearta a d’fhógair an tAire Airgeadais, cuirfidh sé seo breis tacaíochtaí ar fáil d’earnáil atá buailte go dona ag COVID-19.

Tá maoiniú don Chomhairle Ealaíon suas €50m go €130 i gcomparáid lena leithdháileadh tosaigh do 2020. Leis an infheistíocht breise seo, tugtar cumhacht don Chomhairle Ealaíon cabhrú le healaíontóirí, hoibrithe ealaíon agus eagraíochtaí ealaíon teacht tríd an ngéarchéim agus a ról a imirt sa téarnamh náisiúnta. Cinnteoidh sé seo go mbeidh fáil ag an bpobal, ar bhealaí nua agus cumaiscthe, ar imeachtaí den chaighdeán is airde thar na formáidí ealaíon uile. Beidh an tacaíocht seo ina cosaint ar phoist agus cuirfear ar chumas na mílte ealaíontóirí saothar nua a chruthú. I mbliana, tá tacaíocht á cur ar fáil ag an gComhairle Ealaíon do réimse níos leithne geallsealbhóirí buailte ag an bpaindéim. Leis an méadú seo i maoiniú, cuirfear ar chumas na Comhairle Ealaíon leathnú breise a dhéanamh ar an gclúdach atá aige agus chun bheith i dteagmháil le hoibrithe san earnáil, go háirithe iad siúd nach mbeadh ina dtairbhithe roimhe seo ó thacaíocht ón gComhairle Ealaíon.

Tá foráil €8m á déanamh leis an gCeoláras Náisiúnta le haghaidh na Ceolfhoirne Siansaí Náisiúnta ó RTÉ. Beidh sé seo ina chéim shuntasach i dtreo na cuspóra chun cur ar chumas na ceolfhoirne í féin a bhunú mar cheolfhoireann den chéad scoth ar leibhéal idirnáisiúnta. Leis seo agus an Ceoláras Náisiúnta, cuirfear straitéis cláir cruthaitheach agus samhlaíoch ar fáil a fheabhsóidh go mór tairiscint an eagraíocht mhéadaithe seo don phobal.

Tiocfaidh méadú €9m go €30.1m in 2021 ar mhaoiniú Fís Éireann. Tá an tionscal closamhairc ag dul ó neart go neart in 2020, agus bhí rath ar an scáileán ar Normal People, ach chomh maith leis sin bhí dea-theist ar an aschur a choinneáil i bhfianaise COVID-19. Leis an leithdháileadh is mó riamh seo, tacófar tuilleadh le Fís Éireann ag an tráth cinniúnach seo. Chomh maith leis seo, is tacaíocht thábhachtach é an síneadh ama bliana breise leis an ardú céatadáin réigiúnach faoi Alt 481 agus beidh sé ina chabhair le haghaidh tuilleadh fáis sa tionscal.

Leis an maoiniú caipitiúil breise, beidh dul chun cinn sa chlár leanúnach infheistíochta inár n-institiúidí caipitiúla, lena n-áirítear Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, An Chartlann Náisiúnta agus Gailearaí Ealaíne Crawford.

Tá méadú go €5m ar maoiniú do na Deich mBliana de Chomórthaí chun gur féidir comóradh cuí a dhéanamh ar chéad bliain na n-imeachtaí a raibh bunú an Stáit mar thoradh orthu.

Dúirt an tAire Martin: “100 bliain tar éis na n-imeachtaí seo, tá áthas orm go bhfuil an Rialtas, sna cúinsí deacra seo, ag seasamh lenár n-ealaíontóirí agus lenár bpobail chruthaitheacha a mbraitheann muid chomh mór sin orthu chun muid a chothú tríd an dúshlán is mó den ghlúin seo.

Tá mé muiníneach go mbeidh deiseanna feabhsaithe ann mar thoradh ar na bearta seo do gach duine chun leas a bhaint as buntáistí ár dtairiscintí ealaíonta agus cultúrtha sa chiall is leithne in 2021.”

An Ghaeltacht

Cuspóir: Tacú leis an nGaeilge agus a húsáid mar phríomhtheanga labhartha na Gaeltachta a neartú.

Buiséad 2021 – Buaicphointí don Ghaeltacht:

- Leithdháileadh maoinithe de bhreis agus €78m don earnáil Gaeltachta agus Gaeilge – méadú €14.8m ar leithdháileadh tosaigh 2020

- Maoiniú iomlán de €31.8m d’Údarás na Gaeltachta – chun tacaíocht a thabhairt cliantchomhlachtaí a chosaint ar thionchar iomlán an Bhreatimeachta agus COVID-19

- An chéad mhéadú ar mhaoiniú cláir ó 2016 don Fhoras Teanga

- Maoiniú do TG4 suas €3.5m go €40.733m

De réir na ngealltanas i gClár an Rialtais, chuir an tAire Martin agus an tAire Stáit Chambers fáilte in éineacht roimh an bhfógra go gcuirfear maoiniú breise de €14.8m ar fáil don earnáil Gaeltachta agus Gaeilge an bhliain seo chugainn, agus é mar thoradh air go mbeidh leithdháileadh maoinithe de bhreis agus €78m ann. Is ionann é seo agus méadú bliain ar bhliain de 23% ar leithdháileadh tosaigh 2020 agus áirítear ann an méadú i leithdháileadh caipitiúil Údarás na Gaeltachta don chruthú fostaíochta. Mar thoradh air seo beidh díreach faoi bhun €14.5m ann, rud a théann os cionn an ghealltanais a rinneadh i dTionscadal Éire 2040. Beidh an méadú 45% seo i leithdháileadh caipitiúil Údarás na Gaeltachta i gcomparáid le leithdháileadh 2020, ina chúnamh d’Údarás na Gaeltachta chun a chliantchomhlachtaí a chosaint ar thionchar iomlán an Bhreatimeachta agus na paindéime COVID-19. Beidh buntáiste ann don Ghaeltacht chomh maith mar gheall ar leithdháileadh méadaithe don phróiseas pleanála teanga reachtúil agus do thacaíochtaí pobail agus teanga, de réir Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge. Cuirfear maoiniú breise os cionn €1.779m ar fáil don chomhoibriú trasteorann san earnáil teangacha, rud a chinnteoidh go mbeidh an chéad mhéadú maoinithe ann don Fhoras Teanga ó 2016 agus go mbeidh Rialtas na hÉireann in ann a ghealltanais airgeadais don Ghaeilge a chomhlíonadh faoin gcomhaontú Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua.

Mar aon leis sin, faoi vóta Meán na Roinne, tá méadú €3.5m ar mhaoiniú do TG4 (lena n-áirítear €1m caipitiúil). Ciallaíonn sé seo go mbeidh an maoiniú molta €40.733m ar an iomlán ar fáil dó.

Tá sonraí na leithdháiltí méadaithe ar fáil thíos:

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (taobh amuigh den Ghaeltacht)

• Leithdháileadh breise €1m i maoiniú reatha do Scéimeanna Tacaíochta Teanga na Roinne taobh amuigh den Ghaeltacht.

• Leithdháileadh caipitiúil breise €1.368m d’fhorbairt Lárionad Gaeilge ar fud na tíre. Mar thoradh air seo beidh leithdháileadh iomlán €2m ann chuige seo in 2021.

Dúirt an tAire Chambers: “Tá áthas orm a bheith in ann leithdháileadh breise €1m a chur ar fáil do Scéimeanna Tacaíochta Teanga na Roinne taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá na scéimeanna seo tar éis cur go mór le tionscadail nuálacha teicneolaíochta Gaeilge le blianta beaga anuas agus tá mé ag súil le tuilleadh dul chun cinn a fheiceáil sa réimse seo sa bhliain seo romhainn, go háirithe i ndáil leis an stáisiún raidió ceoil móréilimh dírithe ar dhéagóirí le Gaeilge, Raidió Rí-Rá.

“Tá gealltanas tugtha ag an Rialtas, trí Thionscadal Éire 2040, d’fhorbairt na lárionad Gaeilge ar fud na tíre agus cuirfidh an leithdháileadh caipitiúil méadaithe €1.368m an réimse seo go mór chun cinn in 2021.”

Údarás na Gaeltachta

Tá maoiniú iomlán de €8.132m breise á chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta. San áireamh leis seo tá €2.978m i dtreo costais riaracháin, agus de thoradh indíreach air seo beidh maoiniú méadaithe ann ó ioncam acmhainní féin na heagraíochta, rud a chuirtear i dtreo costais riaracháin go hiondúil, ach a bheidh ar fáil in 2021 le haghaidh cuspóirí cruthaithe fostaíochta agus forbartha pobail agus teanga. Tá €700,000 breise á chur ar fáil don fhorbairt pobail in 2021, rud atá ag tógáil ar na méaduithe a cuireadh ar fáil sa dhá Bhuiséad dheireanacha. Mar thoradh ar an €4.454m i maoiniú caipitiúil beidh iomlán de €14.45m ar fáil dó mar leithdháileadh caipitiúil.

An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

Maidir le Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne, cuirfear leithdháileadh breise €507,000 ar fáil i gcomparáid le leithdháileadh tosaigh 2020. Is éard a chiallaíonn an leithdháileadh méadaithe seo ar deireadh – arb ionann €329,000 agus maoiniú reatha, agus €178,000 agus maoiniú caipitiúil – ná go mbeidh leithdháileadh foriomlán de €10.199m ann faoin bhfo-cheannteideal seo in 2021.

An Próiseas Pleanála Teanga

Maidir leis an bpróiseas pleanála teanga, tá €1.3m breise á chur ar fáil le haghaidh 2021 i dteannta leithdháileadh tosaigh 2020 chun taca breise a chur faoi ullmhú agus feidhmiú pleananna teanga i réigiúin Ghaeltachta agus ar fud na tíre araon. Ciallaíonn sé seo ar deireadh go mbeidh leithdháileadh foriomlán de €5m ann faoin bhfo-cheannteideal seo in 2021.

Comhoibriú Trasteorann

Cuirfear maoiniú breise os cionn €1.779m ar fáil don chomhoibriú trasteorann san earnáil teangacha, rud a chinnteoidh go mbeidh an chéad mhéadú maoinithe ag an bhForas Teanga ó 2016 agus go mbeidh Rialtas na hÉireann in ann a ghealltanais airgeadais don Ghaeilge a chomhlíonadh faoin gcomhaontú Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua. Leis an leithdháileadh maoinithe táscach seo, atá faoi réir breis plé leis an Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann, cuirfear ar chumas Fhoras na Gaeilge agus Ghníomhaireacht na hUltaise cur lena gcláir teanga agus chultúir i leith réimsí nua agus maoiniú a mhéadú, nuair is cuí, do ghrúpaí teanga reatha.

Spórt

Cuspóir: Chun cur le sochaí níos sláintiúla agus níos gníomhaí tríd an rannpháirtíocht sa spórt a chur chun cinn agus trí ardfheidhmíocht spóirt agus soláthar spóirt a thacú

Buiséad 2021 – Buaicphointí Spóirt:

- Leithdháileadh €104.5m do Spórt Éireann – suas €36m

- Leithdháileadh maoinithe €10m ó na Cistí Díomhaoine don Spórt – suas €2m

- Maoiniú le haghaidh babhta nua den Chlár Caipitil Spóirt

Tá méadú €26.29 milliún ar an tacaíocht maoinithe reatha do chláir Spórt Éireann. Leis an maoiniú seo, beidh Spórt Éireann in ann leanúint leis an tacaíocht don earnáil spóirt in 2021, lena n-áirítear bearta amhail:

• Maoiniú méadaithe don spórt ardfheidhmíochta le cinntiú go dtacaítear lenár lúthchleasaithe chun a gcumas a bhaint amach ag na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha in Tokyo atá curtha ar atráth

• Croí-mhaoiniú deontais méadaithe dár gcomhlachtaí spóirt chun iad a chothú trí na míonna dúshlánacha atá romhainn

• Maoiniú méadaithe do chláir rannpháirtíochta Spórt Éireann lena n-áirítear na hacmhainní nuálacha ar líne a raibh an oireadh sin ratha orthu i mbliana

Tá sé aontaithe ag an Rialtas chomh maith go méadófar €2 milliún an maoiniú do spórt ó na Cistí Díomhaoine, is é sin leithdháileadh iomlán de €10 milliún. Díreoidh an maoiniú seo ar phobail a bhfuil sé deacair teacht orthu, le tionscadail nuálacha chun an rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíochtaí fisiciúla do chách a chur chun cinn agus a chothú.

Dheimhnigh an Rialtas arís a ghealltanas don Champas Náisiúnta Spóirt i mBaile Bhlainséir le leithdháileadh caipitiúil méadaithe de €9.7 milliún le haghaidh 2021.

I ndáil leis an infheistíocht chaipitiúil i dtionscadail spóirt, ceadóidh soláthar 2021 babhta nua den Chlár Caipitil Spóirt a oscailt le haghaidh iarratas go luath agus déanfar an leithdháileadh an bhliain seo chugainn. Chomh maith leis sin, tá acmhainní curtha ar fáil in 2021 chun na chéad tionscadail ar leithdháileadh maoiniú orthu níos túisce i mbliana faoin gCiste Bonneagair Spóirt Mórscála a chur chun cinn.

Leithdháileadh maoiniú de bheagnach €6m i mBuiséad 2021 chun na gealltanas reatha a chomhlíonadh maidir leis an gCorn Ryder a óstáil in Éirinn in 2027 agus chun tairiscintí poitéinsiúla amach anseo a mhaoiniú le haghaidh imeachtaí móra. Ní amháin go bhfuil buntáistí ag baint lena leithéid d’imeachtaí don spórt, féadfaidh siad chomh maith cur leis an bhfás geilleagrach an cumas a bheith acu cabhrú le téarnamh na hÉireann ó thionchar phaindéim COVID-19.

Dúirt an tAire Chambers: “Infheistíocht fíorshuntasach é seo sa spórt agus tógann sé ar an bpacáiste forleathan tacaíochtaí a cuireadh ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin COVID roimh chomhlachtaí rialaithe náisiúnta agus clubanna in 2020. Méadóidh an maoiniú seo an croí-mhaoiniú deontais dár gcomhlachtaí spóirt chun iad a chothú trí na míonna dúshlánacha atá romhainn. Tá a fhios agam go bhfuil clubanna ar fud na tíre ag súil le clár caipitil spóirt nua a osclóidh go gairid agus cuirfidh an méadú sa mhaoiniú ó Chistí Díomhaoine an rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíochtaí fisiciúla chun cinn agus cothóidh í, go háirithe i bpobail a bhfuil sé deacair teacht orthu.”

“Aithníonn an Rialtas go bhfuil sé deacair faoi láthair tuar a dhéanamh ar thionchar na paindéime COVID-19 ar an spórt in Éirinn in 2021. Tá sé léirithe ag an Rialtas i mbliana go bhfuil sé réidh chun idirghabháil a dhéanamh chun na príomh-choir chinniúnacha i saol spóirt na hÉireann a chothú agus leanfaidh an Rialtas agus Spórt Éireann leis an dlúth-theagmháil le comhlachtaí spóirt le cinntiú go bhfuil an tacaíocht riachtanach uile ar fáil in 2021.”

Craoltóireacht agus na Meáin

Cuspóir: Treo Straitéiseach don Chraoltóireacht Seirbhíse Poiblí agus do Mheáin eile

Buiséad 2021 – Buaicphointí Craoltóireachta agus Meán:

- Maoiniú do TG4 suas €3.5m go €40.733m

- Aistriú na Ceolfhoirne Siansaí Náisiúnta ó RTÉ chuig an gCeoláras Náisiúnta

Thuairiscigh an tAire Martin go raibh méadú €3.5m á chur leis an maoiniú do TG4 (lena n-áirítear €1m caipitiúil). Ciallaíonn sé go mbeidh an maoiniú molta €40.733m ar an iomlán ar fáil dó.

Dúirt an tAire: “Agus na hearnálacha cultúir agus craoltóireachta agus meán anois faoi mo shainchúram, tá áthas orm a fhógairt go n-aistreofar an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta chuig an gCeoláras Náisiúnta, rud a bheidh ina bhuntáiste mór do RTÉ.

Bhunaigh mé an Coimisiún um Thodhchaí na Meán le déanaí i gcomhpháirt leis an Taoiseach, agus tuairisceoidh an Coimisiún don Rialtas ar an bhfís do na meáin seirbhíse poiblí, agus cén chaoi le meáin seirbhíse poiblí atá bríomhar, inbhuanaithe, agus neamhspleách a chinntiú don am romhainn.”

Tá maoiniú á chur ar fáil chun gealltanais Thuaidh–Theas an Rialtais faoin gcomhaontú Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua a chomhlíonadh.Cuirfear €1m ar fáil don Chiste Craoltóireachta Gaeilge i dTuaisceart Éireann le haghaidh cruthú ábhair. Tá €100k san áireamh sa soláthar chomh maith le haghaidh RTÉ agus €100k le haghaidh TG4 chun an chraoltóireacht Ghaeilge a chur chun cinn.

Beidh €839k ar fáil d’Údarás Craolacháin na hÉireann i ndáil le tarscaoileadh an tobhaigh craoltóireachta don earnáil raidió neamhspleách ní ba luaithe sa bhliain.

Mar fhocail scoir, dúirt an tAire Martin: “Is cinnte go bhfuil muid ag maireachtáil tríd an bpaindéim is measa le céad bliain anuas. Ach is gá dúinn tír níos láidre a chothú, is gá dúinn a bheith acmhainneach agus seasamh lenár gcuid earnálacha féin a chruthaigh rath agus tallann agus a thug spreagadh dúinn i gcúluithe eacnamaíocha roimhe seo. Tá súil agam go mbeidh bearta mo Roinne i ngach earnáil ina ndroichead chun 2021 agus an t-am dá éis, agus mar chuid den téarnamh, mar chuid de thodhchaí a sháraíonn tionchair an víris.

“D’oibrigh mé go dian le mo Roinn ar an mBuiséad seo, agus chinntigh cistí chun daoine a choinneáil i mbun léirithe, seirbhísí turasóireachta a choinneáil beo, clubanna agus spóirt a chothabháil agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge. Anois an t-am chun na tacaíochtaí seo a chur ag obair, anois an t-am chun obair as lámh a chéile. Tá súil agam na cistí agus na tacaíochtaí fadréimseacha seo a fheidhmiú le mo chomhghleacaithe Airí Rialtais sna laethanta agus seachtainí romhainn.”

Dúirt an tAire Chambers: “Tá na pobail Spóirt agus Ghaeltachta i measc na n-earnálacha is mó buailte ag COVID-19. Tá mé muiníneach go gcuirfidh na bearta agus na tionscnaimh a fógraíodh inné ar chumas na n-earnálacha seo teacht ar ais chucu féin go sciobtha ó thionchair na paindéime agus go gcuirfear ar a gcumas fás agus forbairt a dhéanamh in 2021. Ó thaobh an Spóirt, tá an-áthas orm gur léiriú é Buiséad 2021 ar ghealltanas an Rialtais seo an rannpháirtíocht sa spórt a fhás trí bhabhta breise den Chlár Caipitil Spóirt, chomh maith leis an méadú €9.7m i maoiniú don Champas Náisiúnta Spóirt i mBaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15. Tá gealltanas tugtha againn chomh maith chun tacú le scoth ár lúthchleasaithe agus iad ag ullmhú do na Cluichí Oilimpeacha atá curtha ar atráth go dtí an samhradh seo chugainn. Creidim go mbeidh an buiséad méadaithe a cinntíodh don Ghaeltacht fíorthábhachtach chun tacú le gnóthaí i bpobail Ghaeltachta agus chun an teanga a fhorbairt ar fud na tíre, agus cinnteoidh an méadú €3.5m do TG4 go mbeidh an iriseoireacht seirbhíse poiblí den chaighdeán is airde ann sa ré is mó ina dteastaíonn sé.”

CRÍOCH