Céim shuntasach eile chun cinn i bhforbairt Lárionaid Ghaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 14 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Oifig na nOibreacha Poiblí le dul i gcomhpháirtíocht chun athfhorbairt cheannáras Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair a thabhairt chuig an gcéad chéim eile
Tá fógartha inniu ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D, agus ag Aire Stáit na Gaeltachta agus Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan T.D, go mbeidh Oifig na nOibreacha Poiblí ag dul i gcomhpháirtíocht leis an Roinn agus leis an gConradh chun athfhorbairt cheannáras Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair i lár chathair Bhaile Átha Cliath a thabhairt chuig an gcéad chéim eile.
Is céim shuntasach eile chun cinn í seo i bhforbairt Lárionaid Ghaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath, rud atá á éileamh le fada an lá. De réir Daonáireamh 2022, is é 467,679 an líon daoine (trí bliana nó níos sine) a thug le fios i mBaile Átha Cliath go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt i gcomparáid le 431,413 in 2016. Laistigh den fhigiúr sin, dúirt 16,440 go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil agus dúirt 29,624 go labhraíonn siad go seachtainiúil í. Curtha i gcomparáid leis na figiúirí náisiúnta is ionann é seo agus 25% den líon iomlán a thug le fios go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt, 23% den líon iomlán a dúirt gur labhair siad í go laethúil agus 25% den líon iomlán a dúirt gur labhair siad í go seachtainiúil.
Leis an bhforbairt seo, tá i gceist áis luachmhar a chur ar fáil dóibh siúd le Gaeilge nó suim acu sa Ghaeilge, áit ar féidir leo a bheith ar a gcompord ag úsáid na Gaeilge agus ag glacadh páirt in imeachtaí Gaeilge agus cultúrtha. Tacóidh sé seo ach go háirithe leo siúd atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge agus tabharfaidh sé deis fás eile a dhéanamh ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa phríomhchathair, i gcomhréir le mianta na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.
Ag labhairt ar an ábhar inniu, dúirt an tAire Martin:
“Cuirim fáilte roimh an dul chun cinn tábhachtach seo atá déanta i bpróiseas athfhorbairt Uimhir 6 Sráid Fhearchair inniu. Baineann an tionscadal seo le caomhnú foirgnimh a bhfuil tábhacht náisiúnta stairiúil ag baint leis. Ó bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893, tá ról lárnach glactha acu in athbheochan na Gaeilge agus in áiseanna suntasacha cultúrtha a chur ar fáil ar fud na tíre. Leis an bhfoirgneamh seo, rinneadh pobal labhartha na Gaeilge sa chathair a mhealladh chuige le glúnta anuas ón uair a lonnaigh an Conradh ann in 1966."
"Le fógairt an lae inniu, tá i gceist go mbeidh ról lárnach anois ag Oifig na nOibreacha Poiblí i stiúradh athfhorbairt an fhoirgnimh thábhachtaigh seo chun leasa phobal labhartha na Gaeilge sa phríomhchathair agus, dar ndóigh, iad siúd a thagann ar chuairt ón gcuid eile den tír chomh maith. Guím gach rath ar na páirtithe leasmhara go léir agus iad i mbun an togra fiúntaigh seo”
Ag cur leis an bhfáilte inniu, dúirt an tAire Stáit O’Donovan:
“Mar Aire Stáit don Ghaeltacht agus d’Oifig na nOibreacha Poiblí tá ríméad orm go bhfuil mo dhá Roinn ag dul i mbun comhpháirtíochta lena chéile le forbairt cheanncheathrú Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair a thabhairt chuig an chéad chéim eile. Tá stair shuntasach, thábhachtach ag baint le hUimhir 6 Sráid Fhearchair i stair agus saol na hÉireann ó tógadh é. Ón am a d’fheidhmigh sé mar cheanncheathrú pleanála an Chéid Dáil, agus feidhmíocht na Roinne Airgeadais faoi Mhicheál Ó Coileán, go dtí an lá atá inniu ann, tá ról lárnach glactha ag an bhfoirgneamh seo i saol Bhaile Átha Cliath agus na hÉireann."
"Leis an dul chun cinn ata fógartha inniu neartófar an suíomh le cur le obair fhiúntach Chonradh na Gaeilge ag tabhairt ceanncheathruithe lárnach do phobal Gaeilge na cathrach agus d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh."
"Tá an tionscadal seo, a bhfuil cead pleanála faighte ina leith, mar cheann de phríomhthionscadail na Roinne i láthair na huaire agus beidh infheistíocht shuntasach san áireamh dó seo in 2024, 2025 agus 2026 faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Le hinfheistíocht mo Roinne agus faoi stiúir Oifig na nOibreacha Poiblí, táim muiníneach go leanfar le cur chun cinn na Gaeilge anseo sna blianta fada amach romhainn.”
Ag cur fáilte roimh an gcomhpháirtíocht fógartha inniu, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin:
“Mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge cuirim an-fháilte roimh an gcomhpháirtíocht fógartha inniu idir Oifig na nOibreacha Poiblí, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Conradh na Gaeilge le hUimhir 6 a fhorbairt mar lárionad Gaeilge chathair Bhaile Átha Cliath. Táimid ag súil le lárionad dinimiciúil, nuálaíoch a sholáthróidh réimse mór seirbhísí do phobal na Gaeilge, agus dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa teanga agus go mbeidh stair an fhoirgnimh féin fite fuaite san eispéireas a chuirfear ar fáil don phobal amach anseo.”
Tá tiomantas an Rialtais i leith sheachadta an tionscadail seo léirithe sna gealltanais éagsúla atá tugtha ina leith i gClár an Rialtais: Ár dTodhchaí le Chéile, sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 faoin Thionscadal Éireann 2040 agus sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.
Is ón gClár Caipitil de Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge d’eagraíochtaí lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht go sonrach a bhfuil i gceist an infheistíocht seo a dhéanamh le tuilleadh eolais ar an gclár sin anseo.
Nótaí don Eagarthóir:
Preasráiteas - Daonáireamh 2022: Torthaí Achoimre Contae - Baile Átha Cliath
Clár an Rialtais: Ár dTodhchaí le Chéile “Ionaid Ghaeilge a fhorbairt i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre a chur chun cinn le haghaidh cur chuige pobalbhunaithe maidir le cur chun cinn na Gaeilge.” Lch. 98
Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022: Bearta 4.12 agus 4.13 go sonrach
Plean Forbartha Náisiúnta 2021-2030: Lasmuigh den Ghaeltacht, leanfaidh an Roinn dá tacaíocht don fhorbairt ar Ghréasáin Ghaeilge agus ar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta agus beifear ag díriú go sonrach ar mhoil teanga agus chultúir na Gaeilge mar aitheantas ar an éileamh atá ag fás ar bhonneagar Gaeilge. Ar na tionscadail is suntasaí beidh Mol Gaeilge agus Cultúir ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Conradh na Gaeilge agus Páirtithe Leasmhara eile. (Lch. 84)
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht (Caipiteal)