Ceapacháin déanta ar Bhord an Fhoras Teanga
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 5 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tionóladh cruinniú d’earnáil Iompar na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas in Oifigí Chomhrúnaíocht na Comhairle, Ard Mhacha agus go fíorúil inniu, Dé Céadaoin 5 Bealtaine 2021.
Cheadaigh an Chomhairle sé cheapachán, ainmnithe ag Rialtas na hÉireann, mar Chomhaltaí Boird den Fhoras Teanga. Ceapadh Regina Uí Chollatáin mar Chathaoirleach agus Freda Nic Giolla Chatháin mar chomhalta de Bhord Foras na Gaeilge ar feadh téarma cheithre bliana.
Chomh maith leis sin ceapach Freddie Kettyle mar Leas-Chathaoirleach, mar aon le Allen McAdam, Lavinia Tilson agus Karen Devenney mar chomhaltaí ar Bhord Ghníomhaireacht na hUltaise ar feadh téarma cheithre bliana freisin.
Ag labhairt dóibh faoi na ceapacháin seo inniu, dúirt an tAire Catherine Martin agus tAire Stáit Jack Chambers go raibh áthas orthu anois go raibh ionadaíocht iomlán ar Bhord an Fhoras Teanga (Bord Fhoras na Gaeilge: 16; Bord Ghníomhaireacht na hUltaise 8) agus go raibh siad ag súil go mór le bheith i mbun oibre leis an mBord nua i gcur chun cinn obair an Fhoras Teanga Thuaidh Theas.
CRÍOCH
Nóta don Eagarthóir
Beathaisnéis Baill Bord an Fhoras Teanga
Forsa na Gaeilge
Regina Uí Chollatáin
Is as Leitir Ceanainn, Dún na nGall ó dhúchas í Regina Uí Chollatáin. Is í Cathaoir agus Ollamh na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath í agus is í Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidissa Choláiste í (2015-21). Athbheochan, iriseoireacht na Gaeilge agus an cultúr cló na príomhréimsí taighde agus foilsitheoireachta atá aici.
Ar na gradaim a bronnadh uirthi tá comhaltachtaí Nicholas O’Donnell (Melbourne, 2019) agus Ollamh Sinsearach ICUF (2011-12). Is ball í de Bhord Comhairleach Acadúil MoLI agus de Chomhairle Bhéaloideas Éireann. Ba bhall í de Bhord bunaidh TG4 í (2007-12) agus ba í an Cathaoirleach ar Fhóram Stair Nuachtáin agus Thréimhseacháin na hÉireann í (2016-19). Is í an tUachtarán ar an Global Irish Diaspora Congress a bhunaigh sí i 2017.
Freda Nic Giolla Chatháin
D’oibrigh Freda mar Oifigeach Forbartha Gaeilge i gComhairle Contae Ros Comáin agus chaith sí sealanna éagsúla ag obair sa Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, mar Riarthóir, mar Bhainisteoir agus mar Stiúrthóir Ealaíne. Bhí sí ina Príomhfheidhmeannach le Gnó Mhaigh Eo chomh maith. Sular tháinig paindéim Covid-19, bhí Freda ag feidhmiú mar Oifigeach Cumarsáide Gaeilge le Gaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa, agus ó shin i leith, tá sí ag obair mar shaoraistritheoir. Sa bhreis ar a cuid oibre ghairmiúil, d’oibrigh Freda thar na blianta ar choistí féilte éagsúla, Féile Ealaíon Chathair na Mart agus Féile Chruite Acla ina measc.
Tá BA sa Nua-Ghaeilge agus sa Cheol aici ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, Dioplóma Iarchéime i Riarachán na nEalaíon ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus MA i Léann an Aistriúcháin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh. Chaith sí tréimhse oiliúna leis an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil agus tá an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí bainte amach aici chomh maith.
Gníomhaireacht na hUltaise
Freddie Kettyle
Is feirmeoir agus fear gnó as Achadh an Iúir, Contae an Chabháin é Freddie Kettyle. Bhí sé mar Leas-Chathaoirleach ar Ghníomhaireacht na hUltaise roimhe seo ó 2015 go 2019. Is iarbhall de Chomhairle Contae an Chabháin é agus bhí sé ar Bhord Bainistíochta Choláiste Achadh an Iúir agus ar Choiste Gairmoideachais an Chabháin roimhe seo.
Allen McAdam
Is céimí de chuid Eolaíochta Talmhaíochta UCD, comhairleoir forbartha socheacnamaíoch agus eacnamaíochta, fiontraí agus feirmeoir páirtaimseartha as Contae Mhuineacháin é Allen McAdam. Aithnítear é mar chomhairleoir a bhfuil taithí aige i réimse na forbartha tuaithe agus áitiúla i réigiún na teorann agus roimhe seo bhí poist bhainistíochta aige le Lakeland Dairies, Terralift Fertilizers, DCI Energy agus Cavan Monaghan LEADER. Tá sé ina bhall gníomhach de Phobal Albanach Uladh i gContae Mhuineacháin.
Chaith Allen tréimhse ar Bhord Ghníomhaireacht na hUltaise idir 2017-2020 agus ar go leor eagraíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha eile.
Lavinia Tilson
Is as Gránard, Co. an Longfoirt ó dhúchas í Lavinia, agus tá cónaí uirthi i gContae an Chabháin le seacht mbliana is fiche. Fuair sí céim ó Choláiste na Tríonóide i 1992 le Céim B. Ed. Chuir sí tús lena gairm teagaisc i Ráth Bhoth, Co. Dhún na nGall agus faoi láthair tá sí ina príomhoide bunscoile i mBaile Chonaill, an Cabhán, post atá aici le ós cionn scór bliain.
Bhí baint ghníomhach aici le go leor tograí / coistí thar na blianta, ó léiriú drámaíochta, Amharclanna Óige, Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, Bord Oideachais na Deoise, Banóglaigh, Seirbhísí Forbartha Óige, Comhaontas Tourette agus Tionscnamh Trasteorann Léargas.
Karyn Devenney
D’fhás Karyn suas i nGleann Lagan in Oirthear Dhún na nGall, áit a raibh traidisiúin agus teanga phobal Ultais timpeall uirthi go laethúil. Bhí tionchar mór ag paisean a hathair do phobal na hUltaise uirthi, rud a sreag í chun tuiscint níos fearr a fháil ar a cúlra.
Ba i gColáiste Naomh Louise ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste, a chuir sí tús lena gairm múinteoireachta mar mhúinteoir Drámaíochta agus Béarla, tréimhse a ndeachaigh i bhfeidhm go mór uirthi ina gairm. Chaith sí dhá bhliain freisin in Ionad Rathgael i mBeannchar, Co. an Dúin ag obair le Ógchiontóirí agus Páistí i gCúram.
Faoi láthair, is leas-phríomhoide í i mBunscoil i Mainéar Uí Chuinneagáin, Co. Dhún na nGall. Tá sí ag obair faoi láthair mar mhúinteoir oideachas speisialta sa scoil, post a roinntear le Gaelscoil i Leitir Ceanainn.