English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceapacháin nua d’Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire Martin agus an Aire Stáit Stáit O'Donovan

D'fhógair Catherine Martin T.D., Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Patrick O'Donovan, T.D., Aire Stáit na Gaeltachta, go bhfuil cúigear gnáthchomhalta nua ceaptha acu inniu (28/09/23) d’Údarás na Gaeltachta don tréimhse go deireadh 2024 agus go bhfuil síneadh curtha le téarma Mary Uí Chadhain mar Chathaoirleach an bhoird go dtí deireadh na bliana seo, tráth a n-éiróidh sí as a ról mar Chathaoirleach ach a bhfanfaidh sí ag feidhmiú mar ghnáthchomhalta go deireadh 2024.

Tá curtha in iúl don Roinn ag an gComhalta, Debra Ní Shúilleabháin, go mbeidh sí ag éirí as a ról ar an mbord le héifeacht láithreacht.

Fágfaidh sé seo uile go mbeidh folúntas amháin ar an mbord sa thréimhse suas go deireadh na bliana nuair a fhógrófar Cathaoirleach nua na heagraíochta.

Dúirt an an tAire Martin:

“Tá áthas orainn na ceapacháin seo a fhógairt agus táim cinnte go rachaidh comhaltaí nua Údarás na Gaeltachta i mbun a gcuid oibre le fuinneamh agus le dúthracht. Is eagraíocht í an tÚdarás a bhfuil ról lárnach le himirt aici i saol phobal na Gaeltachta agus cuirfidh na comhaltaí nua atá fogartha inniu leis an ról sin sa tréimhse amach romhainn.”

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan

"Is cinnte go mbíonn agus go mbeidh dúshláin éagsúla, sean agus nua, ag teacht i dtreo Údarás na Gaeltachta go síoraí seasta, ach rachaidh an cumas, an taithí agus an réimse leathan scileanna atá ag na comhaltaí seo go léir chun sochar go mór don eagraíocht."

Comhaltaí Údarás na Gaeltachta

Comhaltaí ceaptha ar an mbord de thoradh próiseas poiblí a eagraíodh faoi stiúir PAS

Cathaoirleach

Mary Uí Chadhain - Cathaoirleach reatha ar bhord eatramach an Údaráis, ba Stiúrthóir Airgeadais agus Gnó agus Rúnaí Cuideachta i dTG4 í Mary suas go mí Meán Fómhair 2019. Tá sí ina cónaí i gCaiseal, i gceantar Chonamara.

Gnáthchomhaltaí Nua

Máire Áine Uí Ailín - Is Oifigeach Socrúchán in Ollscoil na Gaillimhe í Máire Áine Uí Ailín. Tá sí freagrach as riaradh Clár Socrúchán Oibre do mhic léinn atá i mbun BA le Gaeilge agus mic léinn atá ag staidéar Dlí le Gaeilge. Tá BA sa Ghaeilge aici agus MA sa Phleanáil Teanga. Is as Ceantar na nOileán di ó dhúchas agus tá sí ina cónaí ar an gCeathrú Rua.

Caitlín Ní Bhroin - Is Oifigeach Pleanála Teanga í Caitlín Ní Bhroin i gCloch Cheann Fhaola, Co. Dún na nGall. Rugadh agus tógadh Caitlín i Machaire Rabhartaigh agus tá seacht mbliain is fiche caite aici ag obair leis an Ghaeilge ar fud na hÉireann. Tá B.A. aici i dTeanga agus Litríocht na Gaeilge agus M. Res bainte amach aici ar Fhilíocht na mBard sa 17ú Aois.

Sonya Uí Shíoda - Tá Sonya Uí Shíoda ina cónaí i Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe. Is iar-Ceannasaí Seirbhisí Corporáideach agus iar-Bhainisteoir Pleanáil, Polasaí agus Cúrsaí AE de chuid Udarás na Gaeltachta í.

Micheál Ó Drisleáin - Is iar-Stiúrthóir ar Choláiste na Rinne, i nGaeltacht na Déise, é Mícheál Ó Drisleáin. Tá Ph.D sa Ghaeilge bainte amach aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus tá sé ag obair mar chomharleoir gnó/margaíochta.

Seán Ó Cuirreáin - Is iar-comhalta ar bhord an Údaráis é Seán Ó Cuirreáin as Dún na nGall. Tá sé ag obair mar Bhainisteoir ar Ionad Saorálaí Dhún na nGall agus é ina chomhalta boird ar Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus Pobal chomh maith.

Comhaltaí ceaptha cheana féin ar ainmniúchán na n-Údarás Áitiúla:

Anthony Molloy ainmniúchán Chomhairle Contae Dhún na nGall

Pádraic Ó Conaire ainmniúchán Chomhairle Contae Mhaigh Eo

Pádraig Mac an Iomaire ainmniúchán Chomhairle Contae na Gaillimhe

Breandán Mac Gearailt ainmniúchán Chomhairle Contae Chiarraí

Joe Conway ainmniúchán Chomhairle Contae Phort Láirge*

Nóta don Eagarthóir

Faoi réir Acht na Gaeltachta 2012, is bord de dhá dhuine dhéag atá ag Údarás na Gaeltachta. Ceapann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán seachtar de na comhaltaí, an Cathaoirleach san áireamh.

Maidir leis na cúigear comhaltaí eile, ainmníonn na húdaráis áitiúla, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, na cúigear comhaltaí sin don Aire i gcomhair ceapacháin.

Ag eascairt as cinneadh an Rialtais ar 13 Nollaig 2022 is tréimhse suas le dhá bhliain a bheidh ag an mbord sa chaoi is go mbeidh an deis chuí ann leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht reatha faoina gceaptar Bord an Údaráis. Tá cóip den phreas ráiteas a eisíodh ar 14 Nollaig faoin leasú reachtaíochta ar fáil anseoanseo

Faoin socrú reatha, i gcás comhaltaí atá ainmnithe i leith na gceantar is lú Gaeltachta eadhon: Comhairlí Contae na Mí, Phort Láirge agus Chorcaí, is tréimhse dhá bhliain a bhíonn ag na comhaltaí sin ar bhonn rota eatarthu san ord: An Mhí, Corcaigh agus Port Láirge de réir Alt 16 2a(vi) san Acht. Thosaigh tréimhse fheidhmithe ainmniúchán Chomhairle Chontae Phort Láirge ar 1 Márta 2023.