Ceapachán chomhaltaí nua ar Bhoird RTÉ agus TG4
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 20 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 11 Iúil 2024
Dheimhnigh Catherine Martin, TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, inniu (Céadaoin 20 Márta 2024) ceapachán chomhaltaí nua ar Bhoird RTÉ agus TG4.
Agus í ag deimhniú na gceapachán, dúirt and tAire Martin:
“Ag cruinniú an Rialtais inniu, ceadaíodh ceapachán beirt comhaltaí nua ar Bhord RTÉ agus beirt ar Bhord TG4. Thar ceann an Rialtais, ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an gceathrar comhaltaí nua agus iad ag tabhairt faoin ról tábhachtach seo le tacú le craoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn.”
Ceapadh Noreen O’Kelly agus Shirley Bradshaw ar Bhord RTÉ, agus is iad Muireann Ní Chíobháin agus Éamonn Ó hÁrgáin atá ceapaithe ar Bhord TG4.
Maidir leis na ceapacháin ar Bhord RTÉ, dúirt an tAire Martin:
“Lena cúlra sa chuntasóireacht agus san airgeadas, tá taithí leathan ag Noreen i rólanna feidhmeannacha agus neamhfheidmeannacha, san earnáil phríomháideach agus san earnáil phoiblí agus beidh seo chun leasa an Bhoird. Beidh Shirley, a thosaigh le RTÉ in 1994, sa ról tabhachtach mar ionadaí an mheitheal oibre ar an mBord.”
Ag déanamh tagairt do na cepacháin ar Bhord TG4, dúirt an tAire:
“Tá taithí leathan ag Muireann agus Éamonn beirth a chuirfidh le Bord TG4 agus iad ag tabhairt aghaidh ní hamháin ar ardchaighdeán ábhair a sholáthar don lucht féachana, ach freisin ar a ról i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga laethúil i measc an phobail.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Déantar na ceapacháin ar an dá Bhord de réir forálacha Roinn 81 den Acht Craolacháin, 2009.
Ceapacháin ar Bhord RTÉ
Is cuntasóir cairte í Noreen O’Kelly a ceapadh chun Bhord BSL ar feadh 10 mbliana idir 2013 agus 2023, áit ina raibh sí ina Cathaoirleach ar an Choiste um Iniúchóireacht agus Riosca (2014 go 2023), Stiúrthóir Sinsearach Neamhspleách (2022-2023), agus cathaoirleach gníomhach ar feadh roinnt míonna in 2021. Stiúrthóir agus cathaoirleach faoi láthair ar Choiste Airgeadais, Iniúchóireachta agus Riosca de chuid Re-Turn, scéim náisiúnta éarlaise agus aisíoca de chuid na hÉireann. Roimh seo, bhí sí ar Bhord Rehab ó 2016 go 2021, le linn sin mar chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchta agus Riosca agus mar bhall den choiste íocaíochta. I measc a taithí feidhmeannach tá rólanna le Independent News & Media PLC agus C&C Group Ltd, agus oibríonn sí go páirtaimseartha faoi láthair mar shainchomhairleoir le is an gcomhlacht Advanced Boardroom Excellence, atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus a dhéanann measúnú ar éifeachtacht bhord sa dlínse sin.
Thosaigh gairm Shirley Bradshaw in RTÉ i 1994 san Aonad Léirúcháin Neamhspleách. Ó shin, tá Shirley ag obair i rólanna in oibríochtaí stiúideó agus tá sí anois mar oibrí ceamara ar Chursaí Reatha. Toghadh Shirley mar ionadaí ar an meitheal oibre ag SIPTU, ceapadh í ar Bhinse Fiosrúcháin inmheánach RTÉ ar Chaidreamh Tionsclaíoch, toghadh í mar chathaoirleach Ghrúpa Cheardchumman RTÉ, agus rinne sí iondaíocht ar oibrithe scannánaíochta agus teilifíse Éireannacha ag an bPléchoiste Sóisialta um Chlosamhairc don Choimisiún Eorpach. [NB: De réir an Achta Craolacháin tá foráil go mbeidh comhalta amhain de Bhord RTÉ ina bhall foirne a ceaptar tar éis toghcháin.]
Ceapacháin ar Bhord TG4
Is scríbhneoir do phaistí (i mBéarla agus i nGaeilge), scríbhneoir scripte agus taibheoir í Muireann Ní Chíobháin. D’oibrigh sí le TG4 agus RTÉ, ina measc mar Eagarthóir Coimisiúnaithe do Dhaoine Óga (Cúla 4) ó Nollaig 2022 go Nollaig 2023. Scríobh sí agus rinne sí eagarthóireacht ar roinnt thograí teilifíse do phaistí ar RTÉ agus ar TG4. I measc a saothar mar údar tá: Gealach agus Grian (Samhain 2023); Wild Wonders (Samhain 2023); Murphy's Law (O'Brien Press - 2022); Eoinín (Futa Fata Éire 2021, 2022); GIY's Know-It-ALLmanac (GIY Books, Ireland 2019).
Is é Éamonn Ó hÁrgáin Uachtarán Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus d’oibrigh sé ar feadh 21 bliain le Foras na Gaeilge mar stiúrthóir agus mar rúnaí an bhoird le Bord na Gaeilge. Tá Éamonn mar chathaoirleach ar an gCoiste Comhairlicháin ar an nGaeilge le Comhairle Contae Chiarraí agus tá sé mar bhall den Choiste Monatóireachta na Gaeilge in An Garda Síochána.