English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceaptar Aoife MacEvilly mar Choimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh i gCoimisiún na Meán

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, go bhfuil Aoife MacEvilly ceaptha mar Choimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh i gCoimisiun na Meán.

Oibreoidh MacEvilly in éineacht le Cathaoirleach Feidhmiúcháin agus triúr Coimisinéirí i gCoimisiún na Meán.

Beidh sí i gceannas ar fheidhmiú fheidhmeanna nua Choimisiún na Meán maidir le Físeán ar Éileamh, agus glacadh sí freagracht as na feidhmeanna rialála craolacháin atá ag an eagraíocht cheana féin.

Agus í ag obair go dlúth leis an gCoimisinéir Forbartha Meán, Rónán Ó Domhnaill, beidh ról lárnach ag MacEvilly i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm straitéisí, beartais agus nósanna imeachta Choimisiún na Meán maidir le tírdhreach na meán, chomh maith le cur le hobair níos leithne na heagraíochta.

Ag labhair inniu, dúirt an tAire Catherine Martin:

“Tá áthas orm ceapadh Aoife MacEvilly a fhógairt mar Choimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh i gCoimisiún na Meán. Is ceapachán tábhachtach é seo, ní hamháin maidir le rialáil éifeachtach earnáil na meán fuaime agus closamhairc a chinntiú, ach maidir le forbairt earnála meán láidir, inbhuanaithe agus iolraíoch a chur chun cinn chomh maith a fhreastalaíonn ar riachtanais an lucht féachana.”

Ag labhairt dó faoin gceapachán nua seo, dúirt Jeremy Godfrey, Cathaoirleach Feidhmiúcháin Choimisiún na Meán:

“Tá lúcháir orainn go mbeidh Aoife linn mar Choimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh. Beidh a cuid taithí agus saineolais thar a bheith luachmhar agus muid ag leanúint ar aghaidh ag múnlú agus ag forbairt ár n-eagraíochta atá ag fás. Táimid ag súil go n-úsáidfidh Aoife a taithí rialála agus fócas an leasa phoiblí chun ár gcuid oibre a threorú i réimsí mar mhaoiniú do na meáin seirbhíse poiblí, forbairt an chreata rialála don chraoltóireacht agus d’fhíseán ar éileamh, agus láimhseáil gearáin úsáideoirí.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Príomhfheidhmeanna an Choimisinéara Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh:

• Maoirseacht a dhéanamh ar cheadúnú seirbhísí neamhspleácha teilifíse agus raidió faoi Chuid 6 den Acht Craolacháin 2009;

• Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil chraolacháin seirbhíse poiblí de réir Chuid 7 den Acht Craolacháin 2009 mar a leasaíodh é;

• I ndlúthchomhar leis an gCoimisinéir Forbartha Meán, agus le páirtithe leasmhara ábhartha, ceannaireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Straitéis agus Phlean Gnímh an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a Chur i bhFeidhm mar a bhaineann sé seo le meáin seirbhíse poiblí, agus leis na hearnálacha craolacháin tráchtála agus pobail;

• Maoirseacht a dhéanamh ar athbhreithniú, ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm na gcód agus na rialacha do chraoladh teilifíse agus fuaime agus do sheirbhísí Físeáin ar Éileamh;

• Maoirseacht a dhéanamh ar athbhreithniú, ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm creata comhlíonta agus forfheidhmithe le haghaidh seirbhísí fuaime agus closamhairc a chraoladh.

Aoife MacEvilly

Bhí Aoife MacEvilly ina comhalta den Choimisiún um Rialáil Fóntas ó mhí Dheireadh Fómhair 2014 go mí Iúil 2024, agus ceapadh ina Cathaoirleach í ó mhí Feabhra 2020 go 2023.

Áiríodh ar a príomhchúraimí custaiméirí a chumhachtú agus a chosaint, tacú le custaiméirí gníomhacha agus pobail agus soláthairtí sábháilte, slán agus inbhuanaithe fuinnimh agus uisce a chinntiú.

D’oibrigh Aoife roimhe seo sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus san earnáil phríobháideach.

Tá BA aici sa Ghnó Eorpach agus Gearmáinis ó Ollscoil Uladh, Dioplóma Gairmiúil i Rialachas Rialála ó COBÁC agus MA sa Cheannaireacht ó Smurfit COBÁC.

Coimisiún na Meán

Faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022, tá Coimisiún na Meán freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcreat rialála do sheirbhísí craolacháin, seirbhísí físeáin ar éileamh agus sábháilteachta ar líne, agus as tacú le forbairt earnáil na meán níos leithne in Éirinn.

Bunaíodh Coimisiún na Meán go foirmiúil ar an 15 Márta 2023. Is coimisiún ildhuine é agus tá Cathaoirleach Feidhmiúcháin agus ceathrar Coimisinéirí i gceannas air.

Chuir na hAirí Fiontar, Trádála agus Fostaíochta tús leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha 2024 ar an 16 Feabhra i mbliana. Ainmníonn an tAcht CnaM mar an CSD (Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha) d’Éirinn faoi Acht an AE um Sheirbhísí Digiteacha. Tá reachtaíocht á tabhairt ar aghaidh freisin ag an Aire Dlí agus Cirt chun CnaM a ainmniú mar údarás inniúil faoin Rialachán Sceimhlitheoireachta ar Líne.

Leithdháileadh €10.5m i maoiniú státchiste trí na Meastacháin Athbhreithnithe chun tacú le bunú Choimsiún na Meán in 2023, lena n-áirítear €7.6m chun costais a bhaineann le cur i bhfeidhm an Achta um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 agus moltaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a chlúdach ar an tuiscint go ndéanfadh an tionscal maoiniú ar fheidhmeanna Choimisiún na Meán in 2024.

Tá ordú tobhaigh déanta anois ag CnaM, a fhorchuireann tobhach ar fhíseán ar éileamh agus seirbhísí ainmnithe ar líne chun, ar a laghad, feidhmeanna a bhaineann leis an Acht um Rialáil Sábhailteachta agus Meán ar Líne 2022 a mhaoiniú (i.e. rialáil físeán ar éileamh agus agus seirbhísí ainmnithe ar líne).

Ag deireadh mhí an Mheithimh 2024, bhí 164 ball foirne ag Coimisiún na Meán agus earcaíodh 32 bhall foirne eile le bheith páirteach ann i rith an tsamhraidh. Is méadú é an líon seo ó líon fostaithe de 44 nuair a bunaíodh é.