English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceaptar cúigear comhaltaí agus cathaoirleach ar Bhord na Comhairle Ealaíon

Fógraíonn an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, ceapadh cúigear comhaltaí agus cathaoirleach Bhord na Comhairle Ealaíon

D’fhógair an tAire Catherine Martin T.D. gur cheap sí Maura McGrath mar chathaoirleach nua na Comhairle Ealaíon agus cúigear comhaltaí nua boird. Seo a leanas na comhaltaí sin:

Róise Goan

Gary Granville

Brian Ó Gáibhín

Gaby Smyth

Richard Yarr

Mairfidh na ceapacháin ar feadh 5 bliana agus tagann siad tar éis ghlao oscailte ar léiriú spéise agus próiseas measúnaithe a d’fheidhmigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:

“Tá lúcháir orm cúigear iarrthóirí den chéad scoth a cheapadh ar Bhord na Comhairle Ealaíon agus tréaslaím a gceapacháin leo. Tá ról lárnach ag an mBord i rialú, maoirseacht agus treo stráitéiseach na Comhairle Ealaíon agus gabhaim buíochas le baill reatha agus nua an Bhoird as a gcuid ama a roinnt linn agus as tacú leis na healaíona. Guím gach rath ar na comhaltaí seo le linn a dtéarmaí agus gabhaim buíochas leo as glacadh leis na róil thábhachtacha seo.”

Gabhaim buíochas freisin le Maura McGrath a ghlac leis an gceapachán mar Chathaoirleach nua an Bhoird le héifeacht ó mhí an Mheithimh. Is ról an-tábhachtach é seo agus níl aon amhras orm ach go dtabharfaidh Maura a taithí leathan agus a fís chuig an gComhairle Ealaíon agus guím gach rath uirthi ina ról nua sna cúig bliana amach romhainn."

Ceapfar Cathaoirleach nua ar Bhord an Cheolárais Náisiúnta in am trátha.

Nótaí d’Eagarthóirí

Maura McGrath

Mar chomhalta boird le deich mbliana anuas agus mar chathaoirleach ó 2016, chuir Maura McGrath go mór leis an gCeoláras Náisiúnta. Bhí ról ceannaireachta aici i raon forbairtí suntasacha sa Cheoláras Náisiúnta le blianta beaga anuas, lena n-áirítear aistriú na Ceolfhoirne agus na gCóir Shiansacha Náisiúnta ó RTÉ in 2022, a bhfreagra ar Covid-19 agus tiomantas do na pleananna móra atá ar bun faoi láthair chun campas an Cheolárais Náisiúnta a athrú agus a athfhorbairt ó bhonn ar Ardán Phort an Iarla.

Tá céim mháistreachta aici san iompar bainistíochta agus eagraíochtúil ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá sí ina ball d’Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn, creidiúnaithe i Rialachas Corparáideach, agus ina ball dáimhe d’Institiúid Bainistíochta na hÉireann. Mar chomhairleoir AD, léi claochlú straitéiseach agus eagraíochtúil a chur i bhfeidhm i raon leathan gnólachtaí. Bhí roil ag Maura ar boird i ngach aon earnáil in Éirinn, ina measc an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus Clinic UPMC i bPort Láirge.

Róise Goan

Ó mhí na Bealtaine 2023, tá Róise Goan ina Comhordaitheoir Ealaíne le Kunstencentrum Vierniulvier i Ghent, ceann de na hionaid ealaíon chomhaimseartha is mó san Eoraip. Ó 2019 i leith, bhí Róise ina Stiúrthóir Ealaíne Artsadmin i Londain. D’oibrigh sí mar Aoi-Drámaturg ag Vooruit sa Bheilg, agus mar chláraitheoir ealaíon neamhspleách in Éirinn chomh maith. Faoi bhratach The Local Group, chruthaigh sí tionscadail léirithe le healaíontóirí agus le pobail áite agus spéise in áiteanna iargúlta idir 2015 agus 2019.

Rinne sí staidéar ar an drámaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus bhain sí céim amach in 2004. Sa bhliain 2008, ceapadh í ina Stiúrthóir ar Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath, a raibh sí i gceannas uirthi ar feadh cúig bliana, agus áit ar bhunaigh sí Fringe Lab, clár stiúideo agus tacaíochta d’ealaíontóirí ó cheann ceann na bliana.

Ar bhuaicphointí a gairm neamhspleách tá obair le Prime Cut i mBéal Feirste ar fhorbairt ealaíontóirí, agus dhá thairiscint Phríomhchathair Chultúir na hEorpa lena n-áirítear Three Sisters 2020. In éineacht lena cuid oibre sna taibh-ealaíona, scríobh sí don teilifís, go háirithe do shraith Aifric ar TG4.

Gary Granville

Tá an Dr Gary Granville ina Ollamh Emeritus san Oideachasagus ina Stiúrthóir Eatramhach ar an gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Dearaidh, Baile Átha Cliath. Roimhe sin bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach Cúnta ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta in Éirinn. Sa cháil sin, rinne sé maoirsiú ar dhearadh agus ar thabhairt isteach clár náisiúnta, lena n-áirítear an Ardteistiméireacht Fheidhmeach, Clár Scoileanna na Sraithe Sóisearaí agus tionscnaimh in oideachas saoránachta, in oideachas fiontraíochta agus sna healaíona. Le blianta beaga anuas bhí sé ina chathaoirleach ar Ghrúpa Forbartha na hEalaíne CNCM sa tsraith shóisearach agus san Ardteistiméireacht. Tá taithí leathan ag Gary Granville mar bhall de ghrúpaí comhairleacha beartais lena n-áirítear Éire Ildánach, an tÚdarás um Ard-Oideachas, an Chomhairle Mhúinteoireachta, CNCM agus comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta eile. Áirítear lena chuid foilseachán leabhair, ailt agus tuarascálacha coimisiúnaithe ar oideachas ealaíon, ar bheartas curaclaim agus measúnaithe, ar stair an tsaothair agus ar shaoránacht dhomhanda. Is cainteoir dúchais Ghaeilge é agus oibríonn sé tré mheán na gaeilge mar is cuí.

Brian Ó Gáibhín

Is as Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath é Brian Ó Gáibhín, agus faoi láthair tá sé ina Phríomhoifigeach Oibríochtaí ar Áras Chrónáin Ionad Cultúir i mBaile Átha Cliath áit a ndéanann sé bainistíocht agus maoirseacht ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm clár fairsing, éagsúil agus cuimsitheach Ealaíon, Cultúir agus Léirithe i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara áitiúla agus náisiúnta.

Tá BA san Oideachas agus Máistreacht sa Ghnó agus sa Teicneolaíocht Faisnéise (OCBÁC) ag Brian. Go luath ina shaol, bhí Brian ina mhúinteoir Gaelscoile, ina láithreoir ar TG4 agus ina Cheann ar Roinn an Cheoil ag Scoil Idirnáisiúnta Chouiefat san U.A.E. Thaistil sé go forleathan ar fud an domhain freisin mar Bhainisteoir Turais d’Ealaíontóirí Idirnáisiúnta.

Bhí Brian ina bhall gníomhach / ina chathaoirleach ar go leor bord agus coistí. Ba Chathaoirleach Thurasóireacht Dheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath 2004-2015 é Brian agus bhí sé lárnach i dtabhairt Oireachtas na Cruinne 2017 agus Oireachtas na Samhna 2019 chuig Deisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Threoraigh Brian Áras Chrónáin chuig Gradaim Áite IPB Uile-Éireann do ‘Thionscnamh Áit Chruthaitheach’ 2018. D’fhorbair Brian agus stiúraigh sé stádas oifigiúil ‘Líonra Gaeilge’ a bhaint amach in 2020 do Shráidbhaile Chluain Dolcáin, an chéad cheann i stair an stáit. Faoi láthair tá Brian ar Bhord Stiúrthóirí Chomhlachas Tráchtála Dheisceart Bhaile Átha Cliath agus ar Bhord an Oireachtais, agus tá sé ina Chathaoirleach ar Chomhchoiste Náisiúnta na Líonraí Gaeilge.

Gaby Smyth

Rinne Gaby Smyth staidéar i COBÁC (B. Sc Onóracha, HDE), Ollscoil Luimnigh (M.A), Scoil Cheoil Laighean, agus is comhalta d'Institiúid na gCuntasóirí Cairte é, ag cáiliú freisin mar Idirghabhálaí Deimhnithe (CEDR, Londain). Tá sé ag obair i gcomhairleacht airgeadais agus cánachais le breis agus tríocha bliain, ag speisialú sna healaíona litríochta, sa ceol, sa scannánaíocht, sa drámaíocht agus sna hamharc-ealaíona – ag déanamh ionadaíochta agus comhairle ar go leor de na cleachtóirí móra Éireannacha agus idirnáisiúnta sna réimsí seo.

Bhí baint ag Gaby freisin le ceannaireacht agus rialachas go leor eagraíochtaí ealaíon in Éirinn; bhí sé ina chathaoirleach ar bhoird Temple Bar Gallery & Studios, Corn Exchange Theatre Company, agus TEAM Educational Theatre Company. Bhí sé ina chathaoirleach freisin ar bhoird Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath agus Chompántas Ceoldrámaíochta; agus b'eisean an chéad chathaoirleach ar Cheoldrámaíocht Náisiúnta na hÉireann. Ina theannta sin, bhí sé ina chathaoirleach neamhfheidhmiúcháin ar Boulder Media Ltd., cuideachta mhór beochana Éireannach, agus ar an gcéad chathaoirleach neamhspleách ar Léiritheoirí Físe Éireann, an scátheagraíocht don tionscal scannán, beochana agus teilifíse sa stát. Ina theannta sin, bhí sé ina chathaoirleach ar bhord Amnesty International Ireland idir 2001 – 2005, agus arís ó 2010 go 2014. Bhí sé ina chathaoirleach freisin ar Fhóram na gCathaoirleach Idirnáisiúnta d’Amnesty International.

Richard Yarr

Tá Richard Yarr ar dhuine de na gairmithe ealaíon is cáiliúla i dTuaisceart Éireann: léiritheoir Ceoil agus Ealaíon a bhfuil gradaim buaite aige le BBC; nuálaí aitheanta san earnáil; agus faighteoir Onóra Náisiúnta – MBE as Seirbhísí don Cheol. Is Leas-Leifteanant ar Chontaebhuirg Bhéal Feirste é freisin.

Tá taithí shubstaintiúil ag Richard ar choistí agus carthanachtaí rialtais áitiúil a threorú. Tá sé ina Chathaoirleach ar Fhéile Ceoil & Scoil Samhraidh Charles Wood; Stiúrthóir Ealaíne ar Chomórtas Orgánach Idirnáisiúnta Thuaisceart Éireann, a bhunaigh sé in 2011; Comhairleoir Ceoil do CCE (An Chomhairle Curaclaim, Scrúduithe & Measúnaithe, TÉ) agus Stiúrthóir Ceoil san áit adhartha is sine i mBéal Feirste. Tá sé ina Chomhalta Ceoil ag Scoil Ardeaglais Lichfield in Staffordshire agus ina Phátrún ar Chomórtas Ceoltóir Óg na Bliana Thuaisceart Éireann agus ar Fhéile Urlabhra, Drámaíochta, Cheoil & Ealaíne an Lagáin araon.

Chomhordaigh Richard clúdach náisiúnta BBC ar Derrry~Londonderry UK City of Culture in 2013 agus, mar thacadóir láidir ar chomhpháirtíochtaí Ealaíon, chruthaigh sé Comórtas Chór Scoile na Bliana BBC Thuaisceart Éireann in 2015 – comhpháirtíocht idir BBC, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus Cór Náisiúnta Óige Thuaisceart Éireann. Is Comhalta de Chumann Ríoga na nEalaíon é Richard agus Saorfhear de Chathair Londan.