Ceaptar Cathaoirleach Nua ar Spórt Éireann
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 4 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus an tAire Stáit Spóirt agus Corpoideachais, Thomas Byrne, gur ceapadh John Foley mar Chathaoirleach nua Spórt Éireann.
Ag labhairt faoin gceapachán, dúirt an tAire Martin:
“Déanaim comhghairdeas le John agus guím gach rath air le linn a théarma ar an mBord. Creidim go gcuirfidh sé go mór le hobair Spórt Éireann agus le forbairt spóirt na hÉireann sna 5 bliana amach romhainn.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Is tréimhse thábhachtach agus dhúshlánach í seo don spórt agus é ag téarnamh ó COVID-19 fós. Léirigh John Foley go bhfuil na scileanna agus an saineolas aige chun Spórt Éireann a threorú chun tacú le téarnamh agus fás leanúnach earnáil an spóirt. Guím gach rath air le linn a thréimhse ar an mBord.”
Ceapadh é tar éis glao poiblí ar iarratais ar láithreán gréasáin na mBoird Stáit agus próiseas measúnaithe a bhainistigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Fógrófar dhá cheapachán eile go luath chun folúntais do ghnáthcomhaltaí a líonadh ar an mBord.