Ceaptar ceathrar comhaltaí nua ar Bhord Gobharnóirí agus Caomhnóirí Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 3 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin gur ceapadh ceathrar comhaltaí nua ar bhord gobharnóirí agus caomhnóirí Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann.
- An Dr Michelle D Cullen
- Margie McCarthy
- An Dr Sandra Collins
- Adrian O’Carroll
Cuirfidh an ceathrar comhaltaí tréimhse cúig bliana isteach.
Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm a fhógairt gur ceapadh na hiarrthóirí fuinniúla seo a bhfuil an-éagsúlacht taithí acu a thacóidh le hoibríochtaí agus uaillmhian Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann do na cúig bliana atá romhainn. Guím gach rath ar an gceathrar a ceapadh le linn a dtéarmaí agus gabhaim buíochas leo as glacadh leis na róil thábhachtacha seo.”
Dúirt Mary Keane, Cathaoirleach Bhord Gobharnóirí agus Caomhnóirí GNÉ:
“Is institiúid thar a bheith fuinniúil agus nua-aimseartha é Gailearaí Náisiúnta na hÉireann agus tá lúcháir orm ceapadh an Dr Sandra Collins, an Dr Michelle D Cullen, Margie McCarthy agus Adrian O’Carroll chuig an mBord a fhógairt. Tugann na ceapacháin seo raon scileanna breise agus taithí rialachais don Ghailearaí agus muid ag díriú ar ár gcéad Phlean Straitéiseach eile a fhorbairt agus ár gcuid oibre tábhachtaí a chumasú sna blianta atá romhainn.”
Rinneadh na ceapacháin tar éis gairm phoiblí ar iarratais ar www.stateboards.ie agus próiseas measúnaithe.
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Tá an Dr Michelle D. Cullen ina Stiúrthóir Bainistíochta agus comhalta boird in Accenture International agus tá sí i gceannas ar Chuimsitheacht agus Éagsúlacht sa chuideachta. Tá sí go mór ar son na héagsúlachta sa cheannaireacht agus ina comhbhunaitheoir ar thionscnamh Women on Walls de chuid Accenture le hAcadamh Ríoga na hÉireann, Coláiste Ríoga na Máinliá in Éirinn agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a bhfuil sé mar aidhm aige bancheannairí a dhéanamh infheicthe trí shraith portráidí coimisiúnaithe chun na glúnta atá le teacht a spreagadh. Tá sár-éacht déanta ag an Dr Cullen i mbainistiú na nuálaíochta, le béim ar na daonnachtaí agus cinnteoireacht inbhuanaithe, uilechuimsitheach. Ainmníodh í mar Bhean na Bliana ag Gradaim na mBan sa TF 2018. Tá PhD ag Michelle ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus bronnadh gradam Éachta Alumni OCBÁC uirthi.
Is Innealtóir Cairte í Margie McCarthy, Comhalta d’Innealtóirí Éireann agus Stiúrthóir Taighde agus Léargas Beartais le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann a thacaíonn le haistriú fuinnimh ghlan na hÉireann. Is í Margie an t-urraitheoir
feidhmiúcháin freisin le freagracht as cumarsáid straitéiseach an Údaráis agus a straitéis chomhionannais, éagsúlachta agus cuimsithe. Thosaigh sí leis an Údarás tar éis oibriú le Fondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ), áit a raibh sí ina Ceann Oideachais agus Rannpháirtíochta Poiblí agus Stiúrthóir Eatramhach Eolaíochta don tSochaí. Tá scileanna iontacha agus neart taithí aici maidir le pobal, comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú chomh maith le nuálaíocht agus inbhuanaitheacht.
Is Leabharlannaí Ollscoile sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath í an Dr Sandra Collins. D’oibrigh sí sa nuálaíocht dhigiteach agus san oidhreacht chultúrtha thar 25 bliain san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. Roimhe sin bhí sí ina Stiúrthóir ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ina Stiúrthóir bunaithe ar Thaisclann Dhigiteach na hÉireann in Acadamh Ríoga na hÉireann, ina Bainisteoir Clár Eolaíoch i bhFondúireacht Eolaíochta Éireann, ina Máistir Innealtóir in Ericsson Telecommunications, agus ina léachtóir le Matamaitic in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bronnadh dochtúireacht ar an Dr Collins i ndinimic shreabhach neamhlíneach ón COBÁC agus is faighteoir dámhachtain Alumni COBÁC í do Thaighde, Nuálaíocht agus Tionchar. Roimhe seo bhí sí ar bhoird Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann, Leabharlann Chester Beatty, agus Mhúsaem Litríochta Éireann, chomh maith le Bord Rialachais Sonraí Oscailte Rialtas na hÉireann, Fóram Comhairleach an Rialtais um ‘Ár dTodhchaí a Chruthú’, agus Comhairle na bhForais Náisiúnta Cultúir.
Fuair Adrian O’Carroll, a rugadh sna Cealla Beaga, Contae Dhún na nGall, a chuid oideachais in Éirinn agus ansin chaith sé an chuid is mó dá ghairm bheatha i Londain ag obair mar stocbhróicéir. Tá neart taithí aige i réimse na bainistíochta airgeadais agus riosca. Chomhbhunaigh sé Merrion Capital Group, a tháinig chun bheith ar cheann de na heagraíochtaí bróicéireachta stoic, bainistíochta cistí agus airgeadais chorparáidigh is mó le rá in Éirinn. In 2010 mar chuid de roinnt athruithe úinéireachta, thapaigh Adrian an deis éirí as an ngnó agus a chuid ama lasmuigh den teaghlach a chaitheamh ag tabhairt comhairle ar bhonn deonach do na healaíona agus ag forbairt tuiscint ar earnáil na n-amharcealaíon in Éirinn. Faoi láthair tá Adrian ina Chathaoirleach ar Choiste Airgeadais Project Arts Centre i mBarra an Teampaill agus is ball é de bhord AKO Capital. Bhí ról lárnach ag Adrian i bhforbairt Project Arts Centre ina institiúid thábhachtach d'Ealaín chomhaimseartha na hÉireann.