ceaptar-ceathrar-comhaltai-nua-ar-bhord-mhusaem-nua-ealaine-na-heireann
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 3 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin ceapadh ceathrar comhaltaí nua ar bhord Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann.
- Ali Curran
- Jess Majekodunmi
- Mike Fitzpatrick
- Sinéad O’Sullivan
Cuirfidh an ceathrar comhaltaí tréimhse cúig bliana isteach.
Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm a fhógairt gur ceapadh na hiarrthóirí fuinniúla seo a bhfuil an-éagsúlacht taithí acu a thacóidh le hoibríochtaí agus uaillmhian Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann do na cúig bliana atá romhainn. Guím gach rath ar an gceathrar a ceapadh le linn a dtéarmaí agus gabhaim buíochas leo as glacadh leis na róil thábhachtacha seo. Guím gach rath orthu le linn a dtéarmaí.”
Dúirt David Harvey, Cathaoirleach an Mhúsaeim:
“Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh na daoine nua a ceapadh ar bhord an Mhúsaeim a thagann isteach ag am tábhachtach don Mhúsaem agus muid ag tabhairt faoinár straitéis nua cúig bliana. Tugann gach duine acu scileanna uathúla chuig an Bord a bhfuil éagsúlacht leathan tallainne air cheana féin agus táim ag tnúth lena bheith ag obair leo. Sna blianta atá romhainn, cuirfidh an Músaem leis an méid a baineadh amach le tríocha bliain anuas, chun a rochtain phoiblí a mhéadú le clár uaillmhianach agus ag an am céanna leanúint ar aghaidh ag cur le naisc idirnáisiúnta chun ealaín na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain”.
Rinneadh na ceapacháin tar éis gairm phoiblí ar iarratais ar www.stateboards.ie agus próiseas measúnaithe.
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Is comhairleoir gnó agus eagraíochtúil í Ali Curran. Tá sí ina Stiúrthóir ar CHL Consulting Ltd., ina ball d’Institiúid Stiúrthóirí Éireann agus ina Comhairleoir Bainistíochta deimhnithe le hInstitiúid na gComhairleoirí agus Comhairleoirí Bainistíochta. Tá Máistreacht aici i Síceolaíocht Eagrúcháin, teastas gairmiúil san Athrú Eagraíochtúil agus is cóitseálaí feidhmiúcháin agus ceannaireachta cáilithe í. Tá neart taithí ceannaireachta agus bainistíochta ag Ali ar eagraíochtaí cultúrtha tar éis di a bheith ag obair roimhe seo mar Stiúrthóir ar Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath, Stiúrthóir Amharclann na Péacóige @ Amharclann na Mainistreach, agus Stiúrthóir Amharclann Tron, Glaschú.
Tá Jess Majekodunmi ina stiúrthóir bainistíochta ar The Dock, príomhionad T&F agus Nuálaíochta Domhanda Accenture i mBaile Átha Cliath. Is staraí dearaidh agus dearthóir nuálaíochta í agus tá scileanna iontacha agus neart taithí aici ar phobal, comhionannas, éagsúlacht, agus cuimsiú chomh maith le nuálaíocht agus inbhuanaitheacht.
Tá Mike Fitzpatrick ina Dhéan ar Scoil Ealaíne & Deartha Luimnigh, TUS. Mar ealaíontóir, coimeádaí, léiritheoir acadúil agus cultúrtha, áirítear lena thaithí roimhe seo róil mar Stiúrthóir/Coimeádaí Ghailearaí Chathair Luimnigh, Coimisinéir na hÉireann do Biennale na Veinéise, Stiúrthóir ar an gcéad Chathair Chultúir Náisiúnta in Éirinn, i gceannas ar thairiscint Luimnigh do Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, agus mar Choimeádaí Amharcealaíne le Féile Ealaíon Chill Chainnigh.
Is innealtóir ildisciplíneach, scoláire agus scríbhneoir í Sinéad O’Sullivan a bhfuil a cuid oibre suite ag crosbhealach na nuálaíochta, na heacnamaíochta, na geopholaitíochta, na hinnealtóireachta agus go leor eile. Is Ollamh Cúnta le hInnealtóireacht Aeraspáis í freisin in institiúid cháiliúil New Bauhaus, agus í ag teagasc siollabas idirdhisciplíneach innealtóireachta agus dearaidh úrnua. Bhí sí i gceannas ar thaighde an Oll. Michael E. Porter san Institiúid Straitéise agus Iomaíochais i Scoil Ghnó Harvard, chomh maith.