English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceoltóirí gairmiúla atá ag teacht chun cinn le leas a bhaint as an Scéim um Chaipiteal Ceoil den chéad uair

Fáiltíonn an tAire Martin roimh fhógairt 55 faighteoir sa bhabhta maoinithe is déanaí chun tacú le taibhghrúpaí agus ceoltóirí aonair uirlisí ceoil a cheannach

Inniu (an 4 Iúil 2022), d’fháiltigh an tAire Catherine Martin T.D. roimh fhógairt Music Network faoi mhaoiniú €306,096 a bronnadh ar thaibhghrúpaí agus ar cheoltóirí gairmiúla tríd an Scéim um Chaipiteal Ceoil.

Roinntear an babhta maoinithe seo faoin Scéim um Chaipiteal Ceoil, idir 28 taibhghrúpa neamhghairmiúla (€165,156), 18 gceoltóir chumasacha aonair (€100,940) chomh maith le 9 gceoltóir gairmiúla atá ag teacht chun cinn (€40,000).

Tá an tionscnamh seo, atá ann ó 2008, á bhainistiú ag Music Network agus á mhaoiniú ag an Roinn. Tacaíonn an Scéim um Chaipiteal Ceoil le huirlisí ceoil a cheannach agus dearadh í chun freagairt do raon leathan riachtanais chaipitiúla laistigh d’earnáil an cheoil in Éirinn. Réimse deacrachta ar leith do cheoltóirí agus do ghrúpaí ceoil is ea uirlisí ceoil a cheannach. Is féidir leis an gcostas a bhaineann le ceannach, cothabháil agus deisiú uirlisí a bheith ina bhac costasach ar fhorbairt go leor eagraíochtaí agus daoine aonair. Tá sé mar aidhm ag an Scéim um Chaipiteal Ceoil aghaidh a thabhairt air seo.

Tá trí dhámhachtain ar leith sa Scéim caipitil a chuireann maoiniú ar fáil chun uirlisí ceoil a cheannach do thaibhghhrúpaí agus do cheoltóirí aonair ag caighdeán taibhithe ghairmiúil. I mbliana, tá dámhachtain ar fáil go sonrach do cheoltóirí gairmiúla atá ag teacht chun cinn.

Ag labhairt faoi na dámhachtainí seo, dúirt an tAire Martin:

“Rachaidh babhta 2021 den Scéim um Chaipiteal Ceoil chun tairbhe an oiread sin eagraíochtaí agus daoine aonair ar fiú go mór cuidiú leo, díreach mar a rinneadh ó seoladh ar dtús é breis is deich mbliana ó shin. Féachaim ar an Scéim Caipitil seo mar cheann dár bpríomhthionscnaimh mhaoinithe agus gabhaim buíochas ó chroí le Music Network as an Scéim seo a bhainistiú.

“Dearadh an Scéim um Chaipiteal Ceoil chun freagairt do raon leathan riachtanais chaipitiúla laistigh d’earnáil an cheoil in Éirinn. Mar iarmhúinteoir ceoil, tá a fhios agam cé chomh tábhachtach agus atá uirlisí ceoil ar ardchaighdeán do go leor bannaí agus grúpaí a sheinneann ina bpobail áitiúla ar fud na tíre. Gach bliain déantar maoiniú a imfhálú do roinnt contaetha agus i mbliana tugadh tús áite do chontaetha Dhún na nGall, Chill Chainnigh agus Shligigh do mhaoiniú €34,500.

“Is ábhar misnigh freisin é 26 ceoltóir gairmiúil cumasach a fheiceáil ag baint leasa as an Scéim, go háirithe naonúr ceoltóirí atá ag teacht chun cinn a bheidh ag fáil cúnaimh chun uirlisí agus trealamh a cheannach thar go leor seánraí, a thacóidh iad ina ngairmeacha ar feadh na mblianta fada."