Ciste €1.27m do chur chun cinn na Gaeilge i gCiarraí
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 7 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers T.D. Maoiniú nua €1,273,904 inniu chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantair Ghaeltachta Chiarraí Thiar agus Ciarraí Theas agus i dTrá Lí.
Leithdháileadh €713,904 ar an iomlán d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo.
Ina theannta sin, ceadaíodh €560,000 do chur i bhfeidhm Phlean Teanga Thrá Lí faoin bpróiseas pleanála teanga.
In ionann é seo agus €80,000 gach bliain do sheacht mbliana an phlean.
Ciste 3 bliana d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Thug an tAire Chambers cuairt inniu ar Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh, áit a d’fhógair sé ciste reatha ar fiú suas le €713,904 é thar thréimhse trí bliana d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo.
Cabhróidh sé seo leis an nGaeilge a threisiú mar phríomhtheanga labhartha i gCiarraí Thiar agus Theas – go háirithe i measc daoine óga agus teaghlach le páistí.
Forbróidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne dhá chlár nua:
- Clár Píolótach Éiceolaíochta don Aos Óg a chothóidh tuilleadh tuisceana ar ghnóthaí imshaoil fiadhúlra; agus,
- Clár faoi leith chun teaghlaigh an cheantair a mhealladh agus a chumasú le bheith in ann lóistín a chur ar fáil do lucht freastail choláistí Gaeilge an cheantair.
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
"Tá an-áthas orm an clár seo a fhógairt inniu - clár a thacóidh leis an bpróiseas pleanála teanga agus an polasaí don oideachas Gaeltachta araon.
Mar thoradh ar an gciste atá ceadaithe, tabharfar tacaíocht do theaghlaigh i Limistéir Phleanála Teanga Chiarraí Thiar agus Chiarraí Theas atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó ar mian leo sin a dhéanamh chomh maith le raon beartas eile a fheidhmiú ar leas na Gaeilge sa dá limistéar.”
Plean Teanga Thrá Lí
Agus é ar chuairt ar Ghaelcholáiste Thrá Lí, d’fhógair sé go bhfuil plean teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Thrá Lí ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga agus go mbeidh ciste is ionann le €560,000 ar fáil le cabhrú le feidhmiú an phlean.
Beidh an plean seo á chur i bhfeidhm faoi stiúir Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí.
Dúirt an tAire Stáit:
“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí as an obair atá déanta acu chun an plean seo a chur le chéile. Tá an-obair déanta chun an pointe seo a bhaint amach agus tréaslaím le gach éinne a bhí bainteach leis.
Ach an oiread leis na pleananna teanga ar fad atá ceadaithe agus á bhfeidhmiú cheana féin, tá deiseanna á dtabhairt sa chás seo do phobal Thrá Lí a bheith lárnach i roghnú a gcuid tosaíochtaí teanga féin faoin bplean agus a bheith páirteach ina chur i bhfeidhm ar bhonn comhpháirtíochta.
Is ar leas na Gaeilge go háitiúil atá an plean agus an iarracht seo ar fad.”
Clár Oidhreacht Chorca Dhuibhne [OCD] Teo.
Tá an clár sonrach seo dírithe ar dheiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil d’aos óg na Gaeltachta i gCiarraí Thiar agus Theas.
Thar thréimhse 3 bliana bainfear amach na gníomhaíochtaí seo a leanas:
Clár Thús Maith
- Déanfar freastal ar 65 teaghlach gach bliain agus cuirfear 12 chuairt baile ar fáil do 42 de na teaghlaigh sin c. 30 i gCiarraí Thiar agus 12 i gCiarraí Theas
- Eagrófar 50 grúpa súgartha, 6 Scléip an tSathairn & 3 mhór-ócáidí i mí na Samhna, mí na Nollag agus um Cháisc.
- Cuirfear 14 ócáid/imeacht ar siúl in Uíbh Ráthach do c. 8 dteaghlach atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht ach a chuireann a gcuid paistí chuig scoileanna atá aitheanta mar scoil Ghaeltachta.
Na hEalaíona Dúchasacha
- Cuirfear 6 sheisiún rince agus 3 sheisiún ealaíona ar fáil do c. 600 dalta in 11 bunscoil i gCiarraí Thiar ar feadh 5/6 seachtaine in aghaidh na bliana.
Acmhainní/Fógraíocht/Forbairt Gairme
- Foilseofar 1 leabhar Gaeilge sa bhliain
- Cuirfear 4 chúrsa oiliúna ar fáil in aghaidh na bliana do na cuairteoirí baile, muinteoirí rince agus múinteoirí ealaíona.
Clár Píolótach Éiceolaíochta don Aos Óg
- Fostófar 3 Áisitheoir i 5 scoil i gCorca Dhuibhne ar feadh 2 uair sa tseachtain. Má éiríonn leis leathnófar é chuig scoileanna eile agus chuig Ciarraí Theas.
Tuilleadh eolais: https://www.oidhreacht.ie/ga/tograi-teangan/
Plean Teanga Thrá Lí
- Beidh ciste bliantúil ar fiú suas le €80,000 á chur ar fáil d’fheidhmiú an phlean teanga. Leis an gciste sin chomh maith, cumasófar don cheanneagraíocht Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú le cabhrú le cur chun feidhme an phlean.
- Den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, tá 25 plean ceadaithe go dtí seo.
- Tá 4 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga go dtí seo - Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe agus An Clochán Liath.
- Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go dtí seo faoin bpróiseas atá á chur i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta 2012 – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin. Is fiú a lua chomh maith, go bhfuil 2 Líonra Gaeilge ceadaithe faoi stiúir Fhoras na Gaeilge sa dlínse ó thuaidh – Carn Tóchair agus Iarthar Bhéal Feirste nach dtagann faoi scáth díreach an Achta.
- Tá 21 Oifigeach Pleanála Teanga (19 i Limistéir Phleanála Teanga Gaeltachta & 2 i mBaile Seirbhíse Gaeltachta) chomh maith le 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe go dtí seo.
- Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte seo a leanas: Cathair Saidhbhín, Caisleán an Bharraigh agus Cathair Chorcaí.
- Tá plean teanga Dhún Garbháin a cuireadh faoi bhráid na Roinne le gairid á bhreithniú faoi láthair ag an Roinn.