Coiste comhairleach nua maidir le haiseag agus aisdúichiú na hoidhreachta cultúir
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 20 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Bunú coiste chun treoir a chur ar fáil d’institiúidí cultúir fógartha ag an Aire Martin
Tá sé fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin T.D. inniu go bhfuil sainchoiste nua le bunú chun comhairle a chur ar an Rialtas ar shaincheisteanna a bhaineann le haiseag agus aisdúichiú ábhair atá íogair ó thaobh an chultúir de in Éirinn. Tabharfaidh an coiste faoi thaighde i ndáil le dea-chleachtas idirnáisiúnta laistigh den réimse a bhaineann le taighde foinse, aiseag agus aisdúichiú, mar aon le dul i mbun rannpháirtíochta le príomhpháirtithe leasmhara chun scóip na mbailiúchán ábhartha oidhreachta cultúir in Éirinn a mheas. Is é is cuspóir don choiste ná comhairle beartais a chur ar fáil agus treoirlínte náisiúnta a ullmhú chun tacú le hinstitiúidí cultúir na hÉireann déileáil le hábhair ina mbailiúcháin nach bhfuil aon fhoinse ar eolas acu dóibh.
Go hidirnáisiúnta, tharla roinnt cásanna ardphróifíle le gairid inar thug institiúidí cultúir déantáin ar ais do na háiteanna ba dhual dóibh. Cé go bhfuil feasacht an phobail ar na saincheisteanna seo ag méadú, ní raibh aon treoirlínte ag institiúidí cultúir in Éirinn maidir leis an mbealach le déileáil lena leithéid d’ábhair. Cuirfidh an coiste comhairleach nua tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do bhainisteoirí bailiúcháin maidir le caighdeáin ghairmiúla chun an oidhreacht chultúir a bhainistiú.
An Ró-Onórach, an Tiarna Donnell Deeny, cathaoirleach Spoliation Advisory Panel rialtas na Ríochta Aontaithe agus comhalta de Chúirt Eadrána don Ealaíon na Háige a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste. Déanfar comhaltaí an choiste a roghnú ó earnáil na músaem, na gcartlann agus na ngailearaithe, ón státseirbhís agus ó shaineolaithe dlí agus eitice, mar aon le hionadaíocht ó phobail éilitheora. Beidh an Chomhairle Oidhreachta, an comhlacht reachtúil a bhfuil freagracht uirthi as beartais a mholadh a bhaineann le míreanna oidhreachta mar aon le freagracht a bheith uirthi i leith an Chláir um Chaighdeáin Músaeim in Éirinn, ina chomhlacht formhaoirseachta ag an gcoiste agus cuirfidh sí rúnaíocht ar fáil.
Dúirt an tAire Martin inniu:
"Is saincheist chasta agus íogair é aiseag agus aisdúichiú na hoidhreachta cultúir, agus is ceann é a bhíonn ar mhúsaeim ar fud an domhain dul i ngleic leis níos minicí anois. Is é sin an fáth a bhfuil sé níos tábhachtaí anois go gcuirfimid struchtúir agus treoir ar fáil chun tacú lenár n-institiúidí cultúir an fearann seo a stiúradh. Táim cinnte go gcuirfidh an Coiste Comhairleach nua seo ar Aiseag agus Aisdúichiú feabhas ar an tuiscint atá againn ar dhéantáin chultúir nach mbeadh a bhfoinse ar eolas againn agus chun caint agus comhar idirnáisiúnta níos fearr a chothú ar na saincheisteanna seo.”
Is éard a dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan:
“Is céim shuntasach chun cinn é fógra an lae inniu lena chinntiú go mbítear an-chúramach go deo nuair atáthar ag cuimhneamh ar mhíreanna atá íogair ó thaobh an chultúir de a aiseag agus a aisdúichiú. Mar aon lenár gcomhghleacaithe sa Roinn, tá sé de dhualgas orainn tacú le forbairt caighdeán gairmiúil i gcomhairle leo sin atá freagrach as ár mbailiúcháin a bhainistiú, agus a bhféadfadh sé go mbeadh orthu aghaidh a thabhairt ar an bhfearann seo nach bhfuil aon taithí acu air. Cuireann bunú an choiste leis an obair atá ar bun ag an gComhairle Oidhreachta leis an earnáil ó 2006 mar chuid dá Clár um Chaighdeáin Músaeim in Éirinn (MSPI), áit a bhfuil cúnamh tugtha cheana féin ag clár creidiúnaithe chun caighdeáin na 61 rannpháirtí a thabhairt go dtí leibhéil nua barr feabhais.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is é an Ró-Onórach, an Tiarna Donnell Deeny a bheidh ina Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach ar Aiseag agus Aisdúichiú. Mar aon lena ghairm fhada sa dlí, chaith an Tiarna Donnell Deeny trí théarma ar Spoliation Advisory Panel Rialtas na Breataine lena n-áirítear é a bheith ina chathaoirleach air ó 2012 agus is comhalta é faoi láthair den Chúirt Eadrána don Ealaíon sa Háig. D’fhóin sé freisin ina chomhalta agus ina Chathaoirleach ar Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ina Uachtarán ar Chumann Oidhreacht Ailtireachta Uladh.
Déanfar an chuid eile de chomhaltaí an choiste a roghnú uathu seo a leanas:
- Ionadaithe ó earnáil na músaem, na gcartlann agus na ngailearaithe in Éirinn
- Saineolas dlí lena n-áirítear saineolas ón earnáil phoiblí agus phríobháideach
- Ionadaithe ón gComhairle Oidhreachta
- Ionadaí a bhfuil cúlra acu in eitic
- Ionadaíocht ó phobail éilitheora
- Ionadaithe ó na Ranna Rialtais seo a leanas:
o An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
o An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
o An Roinn Gnóthaí Eachtracha
- Is féidir go mbeidh sé de chumhacht ag an nGrúpa comhaltaí a chomhthoghadh, más cuí
Tá dréacht-théarmaí tagartha na Comhairle Comhairlí leagtha amach mar seo a leanas:
- Beartas idirnáisiúnta, dea-chleachtas agus treoirlínte reatha a aithint, a bhféadfadh rannpháirtíocht agus comhairliúchán a bheith san áireamh ann.
Taighde maidir leis an staid dhlíthiúil laistigh d’Éirinn mar a bhaineann le tabhairt ar ais agus aisdúichiú na hoidhreachta cultúir, ag aithint bearnaí agus mar is féidir dul i ngleic leo a mholadh.
- Mapáil na bpríomhpháirtithe leasmhara ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.
- Dul i mbun rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara chun raon na mbailiúchán oidhreachta cultúir agus ábhair laistigh d’Éirinn a d’fhéadfadh a bheith ina gconspóid a mheas.
- Dul i mbun rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara chun dea-chleachtas a aithint laistigh den réimse a bhaineann le taighde foinse, aiseag agus aisdúichiú.
- Tagairt do ghníomhaíocht reatha agus do ghníomhaíocht roimhe seo maidir leis an réimse seo in Éirinn.
- Comhairle beartais agus tacar de threoirlínte náisiúnta a ullmhú.