English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhalta Nua Ceaptha ar Bhord Fáilte Éireann

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin gur ceapadh an tUasal Dónall Curtin ar Bhord an Údaráis Náisiúnta um Fhorbairt na Turasóireachta (Fáilte Éireann). Cuirfidh an tUasal Curtin téarma cúig bliana isteach.

Agus í ag cur fáilte roimh cheapachán Dhónaill Curtin ar an mBord, thagair an tAire Martin don taithí shuntasach boird atá ag an Uasal Curtin:

“Tá an-áthas orm é seo a fhógairt agus táim an-bhuíoch de as glacadh leis an ról ríthábhachtach seo agus as a chuid scileanna agus saineolais a thairiscint don Údarás Náisiúnta um Fhorbairt na Turasóireachta.”

Ag labhairt inniu, dúirt Cathaoirleach Fháilte Éireann, Ruth Andrews:

“Thar ceann an Údaráis agus foireann feidhmiúcháin Fháilte Éireann cuirim fáilte roimh Dhónall agus déanaim comhghairdeas leis as a cheapachán. Tugann Dónall saibhreas taithí leis i réimsí an Rialachais Chorparáidigh agus an Airgeadais a thabharfaidh luach suntasach don Údarás, d’Fháilte Éireann agus don earnáil turasóireachta níos leithne.”

Nóta chuig an Eagarthóir:

Dónall Curtin

Tá taithí ag an Uasal Curtin mar chuntasóir, stiúrthóir boird agus ceannaire gnó le cúlra in Airgeadas, Rialachas Corparáideach, Iniúchadh agus Bainistíocht Riosca agus tá ardscileanna aige le taithí fhairsing sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon.

I measc stiúrthóireachtaí boird Dhónaill tá Green Effects Investments plc, an Chomhairle Ealaíon, an Oifig um Sholáthar Rialtais, Coláiste na hÉireann Leuven agus Luath-Óige Éireann. Bhunaigh sé ceann de na cleachtais chuntasaíochta is láidre in Éirinn agus tá an-taithí aige ar Choistí Iniúchóireachta agus Riosca, san earnáil Phríobháideach agus Phoiblí araon.

Cinnteoidh Dónall go bhfuil dea-chleachtas agus dea-rialachas corparáideach laistigh den seomra boird agus struchtúir ábhartha laistigh de ghnóthais chun glacadh le luachanna eagraíochtúla a éascú ar fud an domhain.

Leanann Dónall air ag cur seirbhísí comhairleacha straitéiseacha ar fáil do go leor eagraíochtaí, tugann sé meascán uathúil d’eolas gnó/cuntasaíochta agus eolas domhain ar earnáil na ballraíochta gairmiúla chun réitigh a sholáthar do go leor eagraíochtaí.