English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Catherine Martin fáilte roimh athoscailt Fhorais Náisiúnta Cultúir na hÉireann

Chuir Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán fáilte inniu roimh athoscailt Fhorais Náisiúnta Cultúir na hÉireann, mar aon le dánlanna, iarsmalanna, agus leabharlanna ar fud na tíre. Chuir roinnt de na forais chultúrtha seo fáilte roimh chuairteoirí arís ar maidin den chéad uair tar éis dóibh dúnadh ar feadh roinnt míonna mar gheall ar bhearta sláinte poiblí COVID-19.

Dúirt an tAire Catherine Martin:

“Tá an-áthas orm gur oscail ár gcuid dánlann, iarsmalann agus leabharlann a gcuid doirse arís inniu agus tá ríméad ar leith orm cuairt a thabhairt ar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann ar maidin. Is céim thábhachtach í athoscailt ár bhforais chultúir i bPlean Teacht Aniar agus Téarnaimh COVID-19. Is mór an t-ardú meanman agus croí a thugann dánlanna, iarsmalanna agus leabharlanna dúinne inár gcuid saolta. Agus leis an bhfilleadh ar thaisteal idirchontae inniu chomh maith, tá súil agam go mbeidh seans ag gach duine cuairt a thabhairt ar thimpeallacht shábháilte agus spreagúil ár bhForais Náisiúnta Cultúir sna míonna atá romhainn.”

Dúirt Seán Rainbird, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann:

“Tá ríméad orainn doirse Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann a athoscailt. Léirigh an tréimhse neamhghnách seo an tábhacht agus an luach a bhaineann leis an gcultúr dúinn. Tá a fhios againn go bhfuil ár gcuid cuaiteoirí ar bís le filleadh ar na saothair is fearr leo, agus táim ag súil le fáilte a chur rompu agus iad ag teacht ar cuairt arís ar an mbailiúchán buan agus ar ár dtaispeántais nua. Toradh dheich mbliana ceannachán atá inár dtasipeántas is déanaí, Dearcthaí Nua. Feicfidh cuairteoirí éagsúlacht bhreá sa taispeántas, agus tá scéal fíor-spéisiúil ag baint le gach saothar.

D’oscail sé cinn de na Forais Náisiúnta Cultúir inniu, go hiomlán nó go pointe áirithe:

  • Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann
  • Chester Beatty
  • Gailearaí Ealaíne Crawford
  • Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
  • An Chartlann Náisiúnta

Osclóidh Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann arís amárach.

D’oscail Gailearaí Náisiúnta na hÉireann taispeántas, Dearcthaí Nua, ina bhfuil saothair a fuair an Gailearaí idir 2011 agus 2020. Is féidir ticéid do Dhearcthaí Nua a cheannach ar líne, ag tosú ar €5. Tá sé saor in aisce cuairt a thabhairt ar an mbailiúchán buan, ach sula dtugann cuairteoirí cuairt ar an nGailearaí, caithfidh siad í a chur in áirithe.

D’oscail Ard-Mhúsaem na hÉireann trí cinn dá chuid músaem inniu:

  • Músaem na nEalaíon Maisiúil agus Staire, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7
  • Saol na Tuaithe, Páirc an Turlaigh, Co. Mhaigh Eo
  • Seandálaíocht, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 (caitear cuairt a chur in áirithe)

I measc na mbuaicphointí tá: Gleann Dá Loch: Cumhacht, Paidir agus Oilithreacht, taispeántas sealadach in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht, agus Crown Beoir, taispeántas phortráidí grianghrafadóireachta a dhéanann iniúchadh ar ghruaig agus ar fhéiniúlacht i gcultúr an lucht siúil, atá á thaispeáint in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe.

D’oscail Chester Beatty a chuid taispeántas saibhir agus éagsúil arís inniu le cead isteach saor in aisce. Ní gá cuairt a chur in áirithe ach an oiread. Ar an 28 Bealtaine, osclófar taispeántas sealadach nua ar an láthair dar teideal Edo in Colour: Prints from Japan's Metropolis.

Bainfidh cuairteoirí Ghailearaí Ealaíne Crawford taitneamh as taispeántas nua le Dara McGrath, For Those That Tell No Tales, a bhfuil níos mó ná seasca saothar grianghrafadóireachta ann a dhíríonn ar Chogadh na Saoirse. Ina theannta sin, cuireann an Gailearaí fáilte roimh Dhuais Phortráid Zurich agus Duais Phortráid Zurich do Dhaoine Óga don dara bliain as a chéile.

D’oscail Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus an Chartlann Náisiúnta a gcuid doirse arís inniu chomh maith le roinnt srianta i bhfeidhm. Moltar don phobal féachaint ar a suíomhanna idirlín faoi seach chun níos mó eolais a fháil.

Osclóidh Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann arís amárach, agus i measc a chuid taispeántas éagsúil tá Obedience and Defiance, taispeántas iardhearcach Paula Rego a reachtálfar go dtí an 25 Bealtaine. Féachann an mórthaispeántas seo, ina bhfuil níos mó ná 80 saothar ealaíne, ar ghairm Rego ó na 1960í go dtí an lá atá inniu ann. Chun dul isteach sa Mhúsaem caitear ticéad a fháil trí shliotán a chur in áirithe.

Tá eolas athoscailte agus treoir shábháilteachta COVID-19 do gach Foras Náisiúnta Cultúir ar fáil ar a suíomhanna idirlín:

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Ard-Mhúsaem na hÉireann

Chester Beatty

Gailearaí Ealaíne Crawford

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

An Chartlann Náisiúnta

IMMA