English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Martin fáilte roimh leithdháileadh mhaoiniú €8.6m tríd an Scéim Fuaime agus Físe

Cuireann an tAire Martin fáilte roimh leithdháileadh mhaoiniú €8.6m tríd an Scéim Fuaime agus Físe

• Maoiniú €7.9m do 27 dtionscadal teilifíse agus 38 dtionscadal raidió

• 706k chun tacú le craoltóirí pobail chun cláir a mbaintear tairbhe as go sóisialta a chruthú

Inniu (Déardaoin, an 12 Aibreán), chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD fáilte roimh fhógra Choimisiún na Meán go mbronnfar breis is €8.6 mhilliún ar chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha faoi bhabhta 51 agus 52 de Scéim Fuaime agus Físe an Chiste Craoltóireachta.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Leanfaidh na dámhachtainí a fógraíodh inniu leis an tacaíocht don earnáil léiriúcháin neamhspleách, agus cuirfidh siad níos mó ábhar seirbhíse poiblí ar ardchaighdeán ar fáil do lucht féachana na hÉireann. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an mbéim ar ábhar a bhaineann le comhionannas, cuimsiú agus pobail nua Éireannacha faoi láthair. Fáiltím freisin roimh an tacaíocht atá á tabhairt dár gcraoltóirí pobail. Cuirfidh na deiseanna oiliúna agus forbartha a sholáthrófar leis an maoiniú seo ar a gcumas leanúint lena gcion tairbhe luachmhar do phobail áitiúla agus d’earnáil na meán ina iomláine”.

I mBabhta 51 den Scéim Fuaime agus Físe díríodh ar chláir faoi chomhionannas inscne, éagsúlacht agus cuimsiú pobail agus guthanna nua na hÉireann, agus cumasaíodh leibhéal na leithdháiltí, go páirteach, trí mhaoiniú breise ón státchiste a fuair an tAire Martin. Babhta tiomnaithe sochair shóisialta do Chraoltóirí Pobail a bhí i mBabhta 52 inar díríodh ar chláir agus deiseanna oiliúna agus forbartha a sholáthar.

Ag tabhairt faoi deara go bhfuil iarratais ar an gcéad bhabhta maoinithe eile faoin Scéim Fuaime agus Físe á lorg faoi láthair, dúirt an tAire Martin:

“Tá sé ríthábhachtach tacaíocht a thabhairt dár léiritheoirí neamhspleácha agus is é sin an fáth a bhfuil mé ag leanúint ar aghaidh ag cur maoiniú méadaithe ar fáil don Scéim Fuaime agus Físe. Tá an chéad bhabhta eile den Scéim, a fhéachfaidh le tacú le hábhar ina ndíreofar ar leanaí agus daoine óga nó atá comhchruthaithe acu, oscailte anois d’iarratais agus spreagfainn gach léiritheoir incháilithe chun iarratas a dhéanamh”.

Nótaí d’Eagarthóirí

Babhta 51

• Bronnfar díreach os cionn €7.9m agus tacófar le léiriú 65 thionscadal teilifíse agus raidió do lucht féachana ar fud na tíre.

• Tá €6.7m á leithdháileadh ar 27 dtionscadal teilifíse, agus os cionn €1.1m do 38 léiriúchán raidió.

• Díríodh sa Bhabhta seo ar chláir faoi chomhionannas inscne, éagsúlacht, agus cuimsiú pobail agus guthanna nua na hÉireann, agus cuireadh leis an leibhéal maoinithe a bhí ar fáil le maoiniú breise ón státchiste a chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar fáil.

• Tacóidh beagnach 35% den mhaoiniú a moladh (€2.7m) le tionscadail Ghaeilge/Dhátheangacha a léiriú.

• Téann 95% den mhaoiniú (€7.4m) go díreach chuig an earnáil léiriúcháin neamhspleách.

I measc na dtionscadal suntasach a maoiníodh i mBabhta 51 tá:

Mí Cheol na hÉireann: Craolfaidh Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann léiriúchán raidió do Hot Press ina léireofar agus ina ndéanfar ceiliúradh ar scoth na tallainne ceoil nua agus atá ag teacht chun cinn, ar 21 stáisiún raidió tráchtála áitiúil timpeall na hÉireann.

Echo Eco: Scrúdófar sa tsraith seo de chláir uair an chloig le Newstalk athrú aeráide agus ceisteanna comhshaoil agus is í an t-eolaí comhshaoil clúiteach an Dr Tara Shine a óstálfaidh an clár.

Alternatyva Alternayvai: Léiriúchán teilifíse do Theilifís Phobail Bhaile Átha Cliath ina leanfar léiriúchán ceoldráma agus ina ndéanfar ceiliúradh ar chultúr na Liotuáine.

Am Abú: Clár nua nuálach Gaeilge a léireoidh Wonder Pics do pháistí. Féachfaidh an tsraith drámaíochta stairiúil do TG4 le litearthacht sna meáin a spreagadh agus beidh sí ar an gcéad léiriú a bhainfidh úsáid as sreabhadh oibre Réaltacht Fhíorúil Unreal Engine.

Grá ar an Trá: Filleann an tsraith siamsaíochta Grá ar an Trá, a léiríonn Macalla Teoranta, don dara séasúr ar Virgin Media Television.

Babhta 52

• Babhta Sochair Shóisialta sainoiriúnaithe a bhí i mBabhta 52 de Scéim Fuaime & Físe 4, babhta neamhiomaíoch le maoiniú leithdháilte ar Chraoltóirí Pobail a léirigh go leordhóthanach conas a d’éascóidís rochtain agus ionadaíocht ní b’fhearr ar a bpobail faoi seach agus a chabhróidís le raon rannpháirtíocht an phobail a mhéadú i léiriú agus i ndáileadh ábhar craolta.

• Cuireadh béim ar leith sa bhabhta maoinithe freisin ar Chraoltóirí Pobail a chuireann cláir agus deiseanna oiliúna agus forbartha ar ardchaighdeán ar fáil d’fhoireann stáisiúin agus d’oibrithe deonacha, agus tacófar ann le raon gníomhaíochtaí thar 19 stáisiún.

• Is é seo an ceathrú Babhta Sochair Shóisialaigh atá á feidhmiú ag an Scéim ó 2020 agus tugann sé méid iomlán an mhaoinithe a thairgtear go díreach do chraoltóirí pobail trí na Babhtaí Sochair Shóisialaigh go €2.5m.

Tá sonraí iomlána na dtionscadail ar éirigh leo ar fáil ar shuíomh idirlín Choimisiún na Meán.

Is féidir le léiritheoirí agus craoltóirí neamhspleácha iarratas a dhéanamh anois ar Bhabhta 53 den Scéim. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Choimisiún na Meán.