English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Martin fáilte roimh thuarascáil an Ghrúpa Oibre Turasóireachta Inbhuanaithe

Inniu (19 Deireadh Fómhair 2021), chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., fáilte roimh thuarascáil ón nGrúpa Oibre Turasóireachta Inbhuanaithe a shainaithníonn gníomhartha chun cleachtais turasóireachta inbhuanaithe a chur chun cinn idir seo agus 2023.

Bunaíodh an Grúpa Oibre Turasóireachta Inbhuanaithe faoin bPlean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021 agus d’fhoilsigh sé tuarascáil roimhe seo a leagann amach an sprioc “go mbeidh Éire i measc na gceannairí domhanda i gcleachtais turasóireachta inbhuanaithe” agus Treoirphrionsabail um Fhorbairt Turasóireachta Inbhuanaithe in Éirinn chomh maith.

Tá an Grúpa Oibre Turasóireachta Inbhuanaithe tar éis sraith gníomhaíochtaí a fhorbairt a chuirfidh cleachtais turasóireachta inbhuanaithe chun cinn in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag na gníomhartha a léirítear sa tuarascáil seo modhanna nua taighde a bhunú, a mhéadóidh leibhéal na fianaise atá ar fáil, agus a chruthóidh scéal soiléir chun cumarsáid a dhéanamh faoin gclár oibre inbhuanaitheachta chun tuiscint agus feasacht níos fearr a chothú i measc pháirtithe leasmhara turasóireachta agus an phobail i gcoitinne. Cinnteoidh sé freisin go gcuirfear inbhuanaitheacht san áireamh i bhforbairt beartais, i bpleanáil gnó gníomhaireachtaí agus tionscail, i mbainistíocht ceann scríbe agus i ngníomhaíochtaí poiblíochta.

I measc roinnt de na príomh-mholtaí tá:

• Rannpháirtíocht pobail níos airde i bpleanáil cheann scríbe a chinntiú chun an leas is fearr is féidir a bhaint as réitigh dúlra sa turasóireacht áitiúil.

• Rochtain níos fearr a sholáthar ar eolas agus ar uirlisí do chuairteoirí chun turasóireacht fhreagrach a chleachtadh trí áireamháin charbóin a fhorbairt a ligfidh do chuairteoirí tionchar a lorg carbóin ar an gcomhshaol a mheas.

• Athrú a spreagadh in earnáil na turasóireachta trí scéimeanna dreasachta a aithint agus a sheachadadh chun aghaidh a thabhairt ar na príomhrudaí a spreagann agus a chuireann bac ar athrú a dhéanamh.

• Gealltanas inbhuanaitheachta a fhorbairt do chuairteoirí chun tacú le hiarrachtaí na hÉireann cuidiú leis an gcomhshaol a chaomhnú agus gníomhú ar bhealach freagrach agus inbhuanaithe.

• Freagrachtaí le sannadh laistigh de na gníomhaireachtaí turasóireachta chun treo straitéiseach agus próifíl mhéadaithe a sholáthar d’fhorbairt inbhuanaithe turasóireachta.

• Ionadaí sinsearach earnála le sannadh chun gníomhú mar chosantóir inbhuanaitheachta.

• Cinn scríbe a aithint agus a fhorbairt a d’fhéadfaí a chur chun cinn mar áiteanna inbhuanaitheachta den chéad scoth.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Tá an-áthas orm glacadh le tuarascáil an Ghrúpa Oibre Turasóireachta Inbhuanaithe a thugann léargas ar na céimeanna is féidir a ghlacadh chun cleachtais turasóireachta inbhuanaithe a chur chun cinn go gearrthéarmach. Fuair mé an leibhéal maoinithe is airde riamh don turasóireacht i mbuiséad na seachtaine seo caite agus tabharfaidh an maoiniú sin aghaidh ar ábhair imní láithreacha a bhaineann le maireachtáil agus éascóidh sé téarnamh na hearnála agus muid ag athoscailt do thurasóireacht idirnáisiúnta. Agus an téarnamh sin ar siúl, caithfimid féachaint amach anseo agus a leagan amach cén cineál earnála turasóireachta a theastaíonn uainn idir seo agus 2030 agus ina dhiaidh sin. Chuige sin, thug mé treoir do mo chuid oifigeach tús a chur le forbairt beartas turasóireachta náisiúnta nua, a chuireann inbhuanaitheacht i mbéal an phobail. Beidh an beartas seo bunaithe ar an obair a dhéanann an Grúpa Oibre Turasóireachta Inbhuanaithe agus tógfaidh sé ar an obair sin. Cuideoidh cur i bhfeidhm rathúil na ngníomhartha sa tuarascáil seo le feasacht agus tuiscint a mhéadú ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gclár oibre inbhuanaithe turasóireachta.

Ciallaíonn turasóireacht inbhuanaithe ár n-acmhainní turasóireachta nádúrtha, cultúrtha agus eile a úsáid gan saothrú agus iad a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Ciallaíonn sé freisin gur cheart go mbeadh an turasóireacht dearfach do phobail áitiúla chomh maith lena bheith inbhuanaithe go heacnamaíoch. I bhfianaise é sin, ní mór dúinn iarracht a dhéanamh sprioc na hÉireann a bhaint amach le bheith i measc na gceannairí domhanda i gcleachtais turasóireachta inbhuanaithe. Tá cáil ar an tír seo mar Oileán Iathghlas na hÉireann go hidirnáisiúnta agus beidh cothú an íomhá ghlas seo trí chleachtais turasóireachta inbhuanaithe a ghlacadh mar bhonn tábhachtach faoin téarnamh agus faoi fhás na turasóireachta amach anseo."

Sustainable Tourism Working Group Report