English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuirtear tús le hAthfhorbairt Uaillmhianach an Chartlann Náisiúnta

Cuirtear tús le leathnú mór úrscothach den chartlann ar an suíomh stairiúil

Cuirtear tús he hathfhorbairt stór Chartlann Náisiúnta na hÉireann ar Shráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8 inniu le hinfheistíocht mhór de bhreis is €37m. Sa tionscadal seo a chuirfear i gcrích thar 65 seachtain, déanfar taifid an Stáit a chosaint don todhchaí sna blianta amach romhainn i bhfoirgneamh cartlainne nua-aimseartha saintógtha.

Is tionscadal suntasach é an athfhorbairt seo faoi chlár infheistíochta na bhForais Náisiúnta Cultúir mar chuid de Thionscadal Éire 2040. Maoiníonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an tionscadal agus seachadtar é i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí.

Coinnítear taifid oifigiúla an Stáit sa Chartlann Náisiúnta, chomh maith le bailiúcháin phríobháideacha. Tá breis is 50 milliún taifead sa Chartlann Náisiúnta san iomlán ó thaifid ón 16ú haois suas go cinn a bhaineann le stát nua-aimseartha na hÉireann. Coinnítear taifid luatha daonáirimh sa Chartlann Náisiúnta freisin lena n-áirítear daonáirimh 1901 agus 1911 atá ar fáil go poiblí. Tá foireann an Chartlann Náisiúnta ag obair faoi láthair ar eisiúint phoiblí Dhaonáireamh 1926, an chéad daonáireamh de chuid Saorstát Éireann, a eiseofar ar an 18 Aibreán 2026.

Coimeádtar príomhbhailiúcháin an Chartlann Náisiúnta go slán i bhfoirgnimh ar Shráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8 áit a bhfuil seomraí léitheoireachta poiblí, cóiríocht oifige agus stór cartlainne. Mar sin féin, in ainneoin a achair, níl spás i bhfoirgneamh Shráid an Easpaig (iar-mhonarcha brioscaí Jacobs) do mhéideann móra taifead ó 2013 i leith. Beidh spás san athfhorbairt le haghaidh os cionn 300,000 bosca cartlainne i stór cartlainne saintógtha, a dearadh le hoibreacha talún, bunsraith agus seirbhísí chun taiscí stórála cartlainne a fhorbairt amach anseo ar bharr na taiscí stórála cartlainne nua más gá le himeacht ama.

Ag labhairt sa Chartlann Náisiúnta inniu dúirt an tAire Martin:

“Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu agus obair ag tosú ar stór an Chartlann Náisiúnta a athrú ó bhonn. Chonaiceamar, le linn Deich mBliana na gCuimhneachán, an ról ríthábhachtach atá ag an gCartlann Náisiúnta maidir le taifid luachmhara an Stáit a chaomhnú. Soláthrófar méadú dhá thrian ar thoilleadh iomlán stórála an Chartlann Náisiúnta de bharr leathnú agus athchóiriú fhoirgneamh Shráid an Easpaig go stór nua-aimseartha, úrscothach, slán agus faoi rialú comhshaoil, a chloíonn le caighdeáin stórála cartlainne a nglactar leo go hidirnáisiúnta. Is tionscadal suntasach é seo do cheann dár bhForais Náisiúnta Cultúir agus cinntíonn sé gur féidir leis an gCartlann Náisiúnta freastal ar a riachtanais atá ag teacht chun cinn ar bhealach inbhuanaithe a sheasfaidh an aimsir.”

Ag labhairt inniu freisin, dúirt an tAire Kieran O’Donnell, an tAire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí:

“Inniu, bainimid sprioc thábhachtach amach maidir le taifid fhisiceacha agus bailiúcháin ár staire a chosaint le tosú na n-oibreacha i bhFoirgneamh an Chartlann Náisiúnta ar Shráid an Easpaig. In athfhorbairt an fhoirgnimh, soláthrófar an spás riachtanach chun freastal ní hamháin ar an méid taifead atá againn faoi láthair ach soláthrófar deiseanna ann áiteanna stórála cartlainne breise a fhorbairt de réir mar is gá amach anseo freisin."

"Tá lúcháir orm go bhfuil an tionscadal seo ag dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, rud a thugann muid níos gaire do stór nua-aimseartha, oiriúnach don fheidhm do thaifid Stáit a chomhlíonfaidh éilimh reatha agus amach anseo”.

Maoiníonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an tionscadal agus seachadtar é i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí. Is tionscadal faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, Tionscadal Éire 2040, é an fhorbairt seo ina ndéanfar athchóiriú agus athnuachan ar go leor dár bhForais Náisiúnta Cultúir dó na glúnta atá le teacht.

CRÍOCH