‘Déan do Phóstaer Toghcháin Féin Ag Úsáid Teicnící Clódóireachta 100 bliain d’aois’ Ceardlanna Clódóireachta do Pháistí le Mná 100 agus leis an Músaem Náisiúnta Cló
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 16 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Catherine Martin T.D. tionscnamh nua Mhná 100 i gcomhpháirtíocht leis an Músaem Náisiúnta Cló
Inniu d’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., (Déardaoin, an 16 Meitheamh 2022) roimh an gceardlann phíolótach clódóireachta do dhaoine óga – ‘Déan do Phóstaer Toghcháin Féin ag Úsáid Teicnící Clódóireachta 100 bliain d’aois’ – a d’eagraigh Mná 100 agus an Músaem Náisiúnta Cló, mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá lúcháir ar mo Roinnse tacú leis an tionscnamh spreagúil nua seo de chuid Mhná 100, a reáchtáladh ar bhonn píolótach sa Mhúsaem Náisiúnta Cló. Ag baint úsáide as na modhanna clódóireachta céanna a bhí ar fáil céad bliain ó shin, tugadh cuireadh do ghrúpa páistí scoile i rang a 5 póstaeir toghcháin a dhéanamh do na mná a sheas sa toghchán in 1922. Cuireann an cur chuige idirghníomhach inláimhsithe seo beocht sa stair do dhaltaí agus leagann sé béim ar ról na mban i stair na hÉireann a ndéantar dearmad air go minic. Léiríonn na póstaeir seo an chaoi a gcuireann rogha beag focal teachtaireacht chumhachtach in iúl.”
Chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó tharla an ‘Toghchán Comhaontaithe’ ar an 16 Meitheamh 1922, chuaigh Mná 100 i gcomhpháirtíocht leis an Músaem Náisiúnta Cló chun an cheardlann phíolótach nuálach clódóireachta seo a reáchtáil.
Roimh an toghchán, ar an 20 Bealtaine 1922, síníodh comhaontú toghcháin ag an nóiméad deiridh. Mhol sé seo painéal náisiúnta comhrialtais don tríú Dáil Éireann, comhdhéanta de Theachtaí Dála ar son agus in aghaidh an Chonartha. Ar na mná a sheas sa toghchán ar an 16 Meitheamh bhí Kathleen Clarke, Margaret Pearse, an Dr Ada English agus Constance de Markievicz Mary MacSwiney agus Kate O’Callaghan. Toghadh Mary MacSwiney agus Kate O’Callaghan.
D’fhoghlaim daltaí ó bhunscoil áitiúil faoi chomhthéacs stairiúil an toghcháin agus d’éist siad le beathaisnéisí na dTeachtaí Dála a luaitear in Eipeasóid a hAon de phodchraoladh comórtha céad bliain Mhná 100, eist anseo. D’fhéach siad ar an taispeántas ar líne ‘Print, Protest & the Polls’ agus níos tábhachtaí fós d’fhoghlaim siad faoin scríbhneoireacht áititheach.
Ag baint úsáide as litirphreas, an modh céanna a bhí ar fáil breis agus 100 bliain ó shin, d’oibrigh na scoláirí i ngrúpaí beaga, ag baint úsáide as a gcuid focal féin, chun a gcuid manaí toghcháin féin a chruthú. Dhírigh siad ar an mbeirt bhan-iarrthóirí ar éirigh leo, Mary MacSwiney agus Kate O’Callaghan. Fuair siad amach an tábhacht a bhaineann le focail ag baint úsáide as an modh stairiúil seo. Is féidir leat a gcuid cruthaitheachta a fheiceáil anseo: https://www.mna100.ie/ga/centenary-moments/dean-do-phostaer-toghchain-fein-ag-usaid-teicnici-clodoireachta-100-bliain-daois/
Tá sé beartaithe ag Mná 100 agus ag Músaem na Clódóireachta na ceardlanna a leathnú ar fud na tíre chun dul chuig scoil i ngach cúige. Tá níos mó ceardlann á bpleanáil níos déanaí i mbliana agus go luath in 2023. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le commemorations@tcagsm.gov.ie
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tionscnamh nua ban ar líne is ea é Mná 100, do thréimhse dheireanach Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, agus leanann sé leis an obair chun róil na mban sa tréimhse réabhlóideach a léiriú. Téigh chuig www.mna100.ie chun tuilleadh eolais a fháil.
Tá gach eipeasóid de phodchraoladh Mhná 100 ar fáil ar www.mna100.ie nó pé áit a bhfaigheann tú do phodchraoltaí.