English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Martin agus an tAire Stáit Byrne machnamh ar an gcéad sé mhí de 2024

Déanann an tAire Martin agus an tAire Stáit Byrne machnamh ar an gcéad sé mhí de 2024

• An Maoiniú is Airde Riamh do Lúthchleasaithe Ardfheidhmíochta na hÉireann i mBliain Oilimpeach agus Pharailimpeach

• Tionscnaimh chun Ról na mBan a Aithint i Sochaí na hÉireann

• Plean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí trí mheán na Gaeilge

• Infheistiú na Milliún sna hEalaíona agus sa Chultúr

• Forbairt Chreat Beartas Turasóireachta Nua

...i Measc na bPríomh-Éachtaí

Tá machnamh á dhéanamh ag Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht ar chuid de na príomh-éachtaí sa chéad leath den bhliain seo a thacaigh leis na hearnálacha faoi shainchúram na Roinne.

Ag labhairt faoi na chéad sé mhí den bhliain, leag na hAirí Martin agus Byrne béim ar thionscnaimh mhóra maoinithe atá ríthábhachtach d’fhás agus d’éabhlóid na n-earnálacha atá faoina gcúram.

Dúirt an tAire Martin:

“Go dtí seo i mbliana, thug mo Roinnse tacaíocht do raon tionscadal agus tionscnamh ar fud na n-earnálacha ar fad faoina sainchúram. Ón maoiniú is airde riamh de €250m i gCaipiteal agus Trealamh Spóirt, go scéim phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona atá ar thús cadhnaíochta, go hinfheistíocht sa Ghaeltacht agus sa Ghaeilge ar scála nach bhfacthas riamh cheana, táim bródúil as tiomantas an Rialtais seo do thionscal na turasóireachta, do na healaíona agus don chultúr, don spórt ag gach leibhéal, dár dteanga dhúchais agus don Ghaeltacht atá mar chroílár aici, agus d’fhorbairt earnáil meán láidir iontaofa.

Léiríonn rathúlacht na tíre sa lúthchleasaíocht idirnáisiúnta le déanaí na buntáistí a bhaineann le hinfheistíocht sa spórt. I mbliana, d’fhógair mo Roinnse €25m, an maoiniú is airde riamh sa Spórt Ardfheidhmíochta trí Spórt Éireann. Is é seo an leibhéal infheistíochta is airde riamh in Éirinn sa Spórt Ardfheidhmíochta - do bhliain aonair agus do chiogal Oilimpeach/Parailimpeach araon. Is céim ollmhór í i dtreo na gcuspóirí infheistíochta a leagtar amach sa Bheartas Náisiúnta Spóirt 2018-2027.

“Ar leithligh faoi raon tionscnamh – idir thionscnaimh airgeadais agus eile – tacaíodh le traidisiúin shaibhre, chultúrtha agus ealaíne na tíre seo. Ina measc seo tá leithdháileadh €6m chun spásanna oibre ealaíontóirí a sheachadadh ar fud na tíre. Léirítear i dtaighde a rinne mo Roinnse, i ndiaidh plé thar roinnt blianta leis na hearnálacha cruthaitheacha agus geilleagair oíche, go bhfuil an t-éileamh ar spásanna oibre ealaíontóirí i bhfad níos airde ná an soláthar, rud a fhágann go bhfuil ganntanas forleathan spásanna cruthaitheacha ar nós stiúideonna agus ionaid léirithe.

“Níos luaithe i mbliana, sheolamar an Straitéis do na hEalaíona Teanga-Bhunaithe chomh maith le pacáiste airgeadais de bheagnach €10 milliún chun tús a chur lena cur i bhfeidhm. Áirítear sa phacáiste seo maoiniú ceithre bliana €5.78 milliún don Taibhdhearc, d’Amharclann Náisiúnta na Gaeilge don tréimhse 2024 go 2027 chomh maith le €4.085 milliún d’Oireachtas na Gaeilge dá Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta chun an Ghaeilge a fhorbairt, a neartú agus ealaíona ar fud na tíre a chur chun cinn sa tréimhse 2024-2027. Leanann rath na scéime €35m Bun-Ioncam do na hEalaíona freisin le híocaíochtaí seachtainiúla de €325 le 2,000 ealaíontóir agus oibrí ealaíon cruthaitheach.

“D’fhoilsigh mé dhá athbhreithniú a coimisiúnaíodh i ndiaidh chinneadh an Rialtais tús a chur le scrúdú neamhspleách, cuimsitheach ar RTÉ. Treoirphlean atá sna 116 moladh a rinne na Coistí Comhairleacha Saineolaithe chun an craoltóir náisiúnta a athchóiriú tuilleadh.

“Agus iad curtha i bhfeidhm, feabhsóidh siad rialachas RTÉ, go hinmheánach agus go seachtrach, cinnteoidh siad go léireofar níos fearr i gcultúr RTÉ luachanna na seirbhíse poiblí atá ag a fhoireann, agus feabhsóidh siad tírdhreach caidrimh thionsclaíoch agus próisis agus nósanna imeachta acmhainní daonna araon laistigh de RTÉ. Léirítear sna moltaí bealach do RTÉ atá níos cuimsithí, níos trédhearcaí agus níos cuntasaí, eagraíocht a bhfuil fíornádúr seirbhíse poiblí ag baint léi.”

Dúirt an tAire, chomh maith:

“Tá torthaí ár n-infheistíocht i dtionscal na scannán agus na teilifíse le feiceáil i gcónaí, ó léiriúcháin bheaga neamhspleácha go buaiteoirí Oscar agus mórscannáin sruthaithe. Bhí an-áthas orm a bheith in ann comhghairdeas a dhéanamh le Cillian Murphy ar a Gradam Acadaimh. Léiríonn sé buaic thionscail a bhfuil mo Roinnse bródúil as tacú léi.

“Le blianta beaga anuas tháinig méadú ar aitheantas ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar ghannionadaíocht na mban i stair pholaitiúil, eolaíoch, shóisialta agus chultúrtha an Stáit.

“Dá réir sin, bhunaigh mé coiste comhairleach nua i mbliana chun díriú ar mhná agus ar scéalta na mban sna bailiúcháin náisiúnta cultúir.

Maidir leis an turasóireacht, dúirt an tAire Martin:

“Leanaimid ar aghaidh ag tabhairt tacaíocht láidir d’earnáil na turasóireachta agus í ar a haistear i dtreo téarnamh iomlán tar éis COVID-19. Níos luaithe i mbliana thugamar faoi phróiseas comhairliúcháin poiblí ar ár gCreat Beartas Turasóireachta nua a mhúnlóidh an chaoi a bhforbróidh turasóireacht in Éirinn ar bhealach inbhuanaithe sa tréimhse go dtí 2030. Táim ag súil leis an bpolasaí sin a fhoilsiú sna míonna amach romhainn. Bhí deis agam freisin labhairt leis an earnáil ag Meitheal i gCill Airne agus ag dhá chruinniú den Fhóram Fáilteachais agus Turasóireachta a reáchtáladh, agus bhí mé i mo chathaoirleach ar an gceann is déanaí díobh. Tá an plé seo leis an earnáil ríthábhachtach chun todhchaí inbhuanaithe a thógáil don turasóireacht in Éirinn.

“Tá caipiteal ar fáil fós chun an turasóireacht a fhorbairt, agus bhí an-áthas orm Cearnóg nua na Banríona Méabh a oscailt i Sligeach. Athraíodh an spás ina chearnóg phoiblí tharraingteach agus ina mol treoshuímh a mheallfaidh cuairteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta gan dabht.

Chuir an tAire Martin béim freisin ar an gcomhoibriú leanúnach thuaidh/theas sa turasóireacht atá ag dul i méid i gcónaí le hatosú na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas:

“Ag Cruinniú Earnáil Turasóireachta CATT d’aontaigh mé leis an Aire Conor Murphy go mbunófaí Comhghrúpa Comhordú Straitéiseach chun deiseanna a aithint agus a scrúdú a thacóidh le forbairt inbhuanaithe na hearnála turasóireachta ar fud an oileáin.”

Dúirt an tAire Byrne:

“Mar Rialtas, táimid ag seachadadh na mbuiséad is airde riamh don spórt, agus muid ag obair chun deis a thabhairt do gach duine, de gach cumas, páirt a ghlacadh sa spórt agus san aclaíocht. An mhí seo caite, dheimhnigh muid go mbeidh €250 milliún, an méid is airde riamh ar fáil don Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt, arb ionann é sin agus méadú 50% ar an maoiniú i gcomparáid leis an mbabhta deiridh de leithdháiltí in 2020. Feicfimid an infheistíocht is mó riamh in áiseanna spóirt nuair a fhógraítear leithdháiltí an Chláir um Chaipitil agus Trealamh Spóirt an fómhar seo.

“Ina theannta sin, sheolamar babhta nua €120 milliún den Chiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála le haghaidh iarratas i mí Aibreáin, agus cuirfear béim láidir ar inseachadacht agus muid ag measúnú na n-iarratas a fuaireamar tar éis an spriocdháta d’iarratais ar an 1 Iúil.

“Bhí bród orm maoirseacht a dhéanamh ar thabhairt isteach agus ar fhoilsiú an Riachtanais nua Rochtana Comhchosúla, a dearadh lena chinntiú go bhfuil rochtain chomhchosúil ag mná agus fir ar áiseanna spóirt a mhaoinítear go poiblí.

“Ón mbunleibhéal go dtí an seomra boird, ba mhaith linn tacaíocht a thabhairt do rannpháirtíocht na mban sa spórt ag gach céim. Le déanaí, d’fhógair muid €4 mhilliún, an méid ab airde riamh do chláir a dearadh chun níos mó ban a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa spórt. Tá méadú suntasach le feiceáil freisin ar líon na mban i róil cheannaireachta spóirt, le céatadán foriomlán na mban ar bhoird spóirt ag 45% i mí Aibreáin 2024, i gcomparáid le 29% in 2020. Faoi riail nua a tugadh isteach, coinneofar siar 50% de mhaoiniú an Rialtais go dtí go sroichfear ionadaíocht inscne 40% ar bhoird náisiúnta spóirt agus ar Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt.

“I gcomhréir le sprioc chlár an Rialtais maidir le rannpháirtíocht iomlán 60% sa spórt a bhaint amach faoi 2027, sheol mé Ciste Nua Allamuigh an Náisiúin Rannpháirtíochta i mí na Bealtaine, a dearadh chun spreagadh a thabhairt do ghníomhaíocht fhisiciúil i suíomhanna phobail áitiúla trí thacú le Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt tionscadail spóirt gan bhacainní a fhorbairt ar thalamh atá inrochtana don phobal.

“D’éirigh le hÉirinn go leor mór-imeachtaí spóirt idirnáisiúnta den chéad scoth a óstáil, agus le déanaí chuir ár bpríomhchathair fáilte roimh lucht leanúna peile ó gach cearn den Eoraip agus níos faide i gcéin i mí na Bealtaine do Chluiche Ceannais Shraith Europa UEFA 2024.

“Agus muid ag súil le tacú le Foireann na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha níos déanaí an Samhradh seo, tá áthas orm aird a dhíriú ar an méid atá déanta ag an Rialtas seo i mbreis agus €89 milliún a infheistiú i gciogal Oilimpeach Pháras seo i gcomparáid le €59 milliún a infheistíodh i gciogal Parailimpeach Thóiceo.”

Dúirt an tAire Byrne:

“Ó ceapadh mar Aire Stáit na Gaeltachta mé i mí Aibreáin, bhí áthas orm go leor réimsí tosaíochta a chur chun cinn. Le déanaí, d’fhógair muid gur ceapadh Cathaoirleach nua ar Údarás na Gaeltachta agus ag féachaint romhainn, táim ag tnúth leis an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) a fhoilsiú agus an píosa tábhachtach reachtaíochta seo a thabhairt isteach do Thithe an Oireachtais roimh shos an tSamhraidh.

“Is forbairt í atosú cruinnithe Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas agus ba mhór an sásamh dom bualadh leis an Aire Pobail, Gordon Lyons CTR, agus leis an Aire Sóisearach ag Oifig an Fheidhmeannais, Aisling Reilly CTR, in Oifig na Rúnaíochta Thuaidh Theas in Ard Mhacha, go déanach i mí Bealtaine, áit a ndearnamar plé le páirtithe leasmhara ábhartha.

“Bhí an-áthas orm dul chun cinn suntasach a fhógairt le déanaí maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, le tosach feidhme forálacha a cheadaíonn an Coiste Logainmneacha nua a cheapadh agus toghairm ghiúiré a eisiúint go dátheangach.

“Ar an 19 Meitheamh, cuireadh an chéad Phlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge faoi mo bhráid agus laistigh de 3 mhí ón dáta seo, cuirfear an plean faoi bhráid an Rialtais lena cheadú. Tá rún daingean agam an Plean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a fheiceáil mar threoir éifeachtach chun an ceanglas reachtúil a chomhlíonadh go mbeadh ar a laghad 20% den fhoireann earcaithe chuig comhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge, faoin 31 Nollaig 2030.”

I measc cuid de na príomhbhearta a tugadh isteach go dtí seo in 2024 chun tacú leis na hearnálacha Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tá:

An Turasóireacht

• Ceaptar Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus comhaltaí boird nua do Thurasóireacht Éireann

• Tuairimí á Lorg ar Thodhchaí Thurasóireacht na hÉireann

• Leithdháileann Fáilte Éireann maoiniú chéad chéime €24m Aistriú Cóir

• Tá obair ag leanúint ar aghaidh ar Thionscadal Comhoibrithe Branda Turasóireachta na nOileán Comhroinnte a bhfuil sé mar aidhm aige naisc níos fearr a chruthú idir dhá bhealach cósta íocónacha

• An Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas – dearbhaíonn an tAire Martin tiomantas oibriú i gcomhar le gach páirti leasmhar chun earnáil turasóireachta inbhuanaithe a bhaint amach

• Seachadadh tacaíochtaí spriocdhírithe do ghnóthaí turasóireachta is mó a mbíonn tionchar ag díláithriú an stoic chóiríochta orthu

• Maoiniú caipitil a sholáthar go leanúnach chun forbairt inbhuanaithe an táirge turasóireachta ar fud na réigiún a chinntiú.

Cultúr agus na hEalaíona

• Cuirtear tús le hoibreacha ar athfhorbairt €37m ar an Stór Cartlainne sa Chartlann Náisiúnta

• Maoiniú €6 mhilliún chun spásanna oibre a sheachadadh d’ealaíontóirí ar fud na tíre

• Bronann Éire Ildánach €1.2 mhilliún ar thionscadail ildanacha sláinte agus folláine

• Feachtas na Roinne chun saol oíche na hÉireann a dhéanamh cuimsithí do dhaoine faoi mhíchumas

• Cruinniú na nÓg 2024 – 1000 gníomhaíocht chruthaitheach shaor in aisce do dhaoine óga

• Faigheann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Baliúchán Bonar Law

• Taispeántas nua de ghnéithe tábhachtacha de shaol na hÉireann le 100 bliain anuas

• Cuireann an tAire Martin fáilte roimh leithdháileadh mhaoiniú €8.6m tríd an Scéim Fuaime agus Físe

• Coiste comhairleach nua le díriú ar mhná agus scéalta na mban sna bailiúcháin náisiúnta cultúir

• Seoladh Ionadaíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise 2024

• Luaitear filí agus polaiteoirí na hÉireann i measc na dtaifead nua a eisíodh ar líne

• Zeitgeist Irland 24 – clár bliana ealaíona agus cultúr na hÉireann ar fud na Gearmáine in 2024

• Fógraíonn Cultúr Éireann níos mó ná €1.2 mhilliún le haghaidh ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain

• Tagann Earnáil na nEalaíon le chéile chun Stádas an Ealaíontóra in Éirinn & torthaí na chéad bhliana den chlár píolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona a phlé

• Tionscadal athfhorbartha Dhánlann Crawford le dul ar aghaidh chuig tairiscint

• Aibhsíonn an tAire Michael McGrath agus an tAire Catherine Martin feabhsuithe le déanaí ar Alt 481 ag Ardmore Studios

An Ghaeltacht

• Fógraítear straitéis agus pacáiste maoinithe €20 milliún nua ealaíon don Ghaeltacht agus do phobal labhartha na Gaeilge

• Fógraíonn an tAire Byrne ardú ar liúntais laethúla do theaghlaigh agus brúnna Gaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

• Faomhann an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ceapachán POF Fhoras na Gaeilge

• Maoiniú teicneolaíochta de níos mó ná €2m chun scileanna ETIAM a fhorbairt trí mheán na Gaeilge

• Cathaoirleach Nua Údarás na Gaeltachta

• Ceadaítear €600,000 do Chiste Spreagtha Chonradh na Gaeilge 2024 – 2026

An Spórt

• €25 mhilliún, an infheistíocht is mó riamh in Ardfheidhmíocht Spóirt do 2024

• Soláthraítear €250m faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt, an méid is mó riamh

• Óstáiltear Cluiche Ceannais Shraith Europa i mBaile Átha Cliath

• Fógraítear ciste maoinithe €120 milliún d’infreastruchtúr spóirt ar scála mór

• An leibhéal maoinithe is mó riamh do Choistí Spóirt in 2024

• Seoladh Chiste Nua Allamuigh an Náisiúin Rannpháirtíochta

• An Maoiniu is Airde Riamh do Chláir Spóirt na mBan

• Modhnóir Spóirt na hÉireann

• Comhaontú Páirteach Níos Fearr sa Spórt

• Foilsíonn na hAirí Martin & Byrne Athbhreithniú ar an gCiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála agus Riachtanas nua Rochtana Comhchosúla

• Athbhreithniú ar an gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála agus Beartas Rochtana Comhchosúla

• 26 milliún - an Maoiniú is Airde Riamh do Threalamh Spóirt

Na Meáin

• Foilsíonn an tAire Martin athbhreithnithe tar éis scrúdú neamhspleách ar RTÉ

• Ceaptar comhaltaí nua ar Bhoird RTÉ agus TG4

• Tuairimí á lorg maidir le 14 imeacht spóirt nua atá á meas le saorchraoladh ar an teilifís

• Seoladh an chéad Straitéis Inscne, Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe d’Earnáil na Meán

• Fáiltíonn an tAire Martin roimh leithdháileadh €8.6m mar mhaoiniú tríd an Scéim Fuaime agus Físe

• Tugann an Roinn Nós Imeachta Níos Simplí Isteach maidir le Fógairt Chumasc Meán