English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Martin ceiliúradh ar oscailt champas nua i gCeol-Acadamh Ríoga na hÉireann

Nocht Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann (CARÉ) a champas nua inniu, le tacaíocht ó dheontas €3 mhilliún ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus deontas €7 milliún ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Áiríonn an athfhorbairt uaillmhianach ar shuíomh stairiúil Rae an Iarthair athchóiriú ar bhloc Seoirseach bunaidh CARÉ chomh maith le struchtúr nua saintógtha ina bhfuil sraith spásanna léirithe, foghlama agus oideachais.

Soláthraítear san athfhorbairt raon áiseanna den scoth a chuireann CARÉ chun cinn mar lár-ionad idirnáisiúnta ceoil. Áirítear leis seo nach mór ochtó seomra teagaisc agus maoirseachta taighde, leabharlann ar scála mór agus áis taighde, halla ceadail ina bhfuil 300 suíochán le fuaimíocht den scoth, halla léachta srathach, seomra teiripe ceoil chomh maith le raon seomraí coiteanna agus spásanna riaracháin. Cuirfidh an tionscadal ar chumas CARÉ a chohórt mac léinn a leathnú ag leibhéal fochéime agus iarchéime ag soláthar níos mó deiseanna oideachais do cheoltóirí in Éirinn.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Cuireann campas nua CARÉ raon iontach áiseanna ar fáil dár gceoltóirí agus ealaíontóirí óga. Idir halla ceadail nua le 300 suíochán go leabharlann agus áis taighde nuachóirithe, beidh na hacmhainní is fearr ag mic léinn CARÉ chun a bhforbairt a chur chun cinn.”

“Mar Aire Cultúir agus Ealaíon, tá lúcháir orm go raibh mo Roinnse in ann tacú leis an tionscadal tábhachtach athfhorbartha seo. Le hathchóiriú CARÉ agus an athfhorbairt a dhéanfar ar an gCeoláras Náisiúnta, beidh Éire ina lár-ionad ceoil den chéad scoth.”

Dúirt an tAire Harris:

“Tá lúcháir orm a bheith anseo i gCeol-Acadamh Ríoga na hÉireann chun a gcampas athfhorbartha a oscailt go hoifigiúil leis an Aire Catherine Martin. Athfhorbairt shuntasach is ea í seo, ar chostas thart ar €26 mhilliún, mhaoinigh mo Roinn €7 milliún den chostas sin agus mhaoinigh Roinn an Aire Martin €3 mhilliún sa bhreis.

“Athraíonn an tionscadal forbartha campas an Cheol-Acadaimh agus osclaítear é don phobal ar bhealach i bhfad níos inrochtana. Leathnóidh inrochtaineacht agus bonneagar digiteach an champais cúlraí agus próifíl a chuid mac léinn, chun iad siúd atá faoi mhíchumas agus iad siúd lasmuigh de Bhaile Átha Cliath a chur san áireamh.”

Athfhorbairt Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann

Mar chuid de Phlean Straitéiseach 175, d’fhorbair CARÉ pleananna d’athfhorbairt mhór ar a áitreabh ar Rae an Iarthair. Aithníodh nach raibh áitribh CARÉ reatha oiriúnach don fheidhm a thuilleadh agus bhí tionchar aige seo ar chumas an Acadaimh feidhmiú mar lár-ionad ceoil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Cuirfidh an athfhorbairt ar chumas an Acadaimh a líon mac léinn a mhéadú ag leibhéal fochéime agus iarchéime, lena n-áirítear 108 mac léinn lánaimseartha breise agus 1,291 mac léinn páirtaimseartha (is ionann an cohórt mac léinn reatha agus thart ar 150 mac léinn lánaimseartha).

Tá dhá ghné san athfhorbairt:

  • Foirgneamh nua, lena n-áirítear halla ceadail agus leabharlann, suite ar shuíomh na bhfoirgneamh atá ann cheana féin taobh thiar den bhloc Seoirseach
  • Athchóiriú ar an mbloc Seoirseach bunaidh

Áirítear leis an athfhorbairt na háiseanna nua agus feabhsaithe seo a leanas:

  • 76 seomra teagaisc agus maoirseachta taighde
  • Leabharlann mhór agus áis taighde
  • Halla gairmiúil ceadail ina bhfuil 300 suíochán le fuaimíocht den scoth
  • Sraith teiripe ceoil
  • Halla léachta srathach
  • Seomraí caidrimh, spás ar leithligh agus spás oifige

Chuir an Rialtas maoiniú deontais €10 milliún ar fáil don tionscadal, agus bhronn Roinn an Aire Martin €3 milliún de sin mar chuid dá clár foriomlán infheistíochta caipitil i mbonneagar cultúrtha.