Déanann an tAire Martin comhghairdeas le Fishamble: The New Play Company as a Dhuais Fringe First
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 11 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Rinne an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, comhghairdeas le Fishamble: The New Play Company as a Dhuais Fringe First as ucht Heaven le Eugene O’Brien ag Féile Imeallach Dhún Éideann.
Fógraíodh an duais Scotsman Fringe First, lena ndéantar ceiliúradh ar scríbhneoireacht nua ag an Fhéile Imeallach, ag imeacht speisialta i nDún Éideann maidin inniu (Dé hAoine 11 Lúnasa).
Dúirt an tAire Martin:
“Déanaim comhghairdeas ó chroí d’fhoireann iomlán Fishamble agus go háirithe le Eugene O’Brien, Jim Culleton, Janet Moran agus Andrew Bennett as an duais seo. Is éacht iontach í dóibhsean agus léiríonn sé neart seóthaispeántas na hÉireann ag Féile Imeallach na bliana seo, le tacaíocht ó Chultúr Éireann.”
Tá Heaven le Eugene O’Brien ar siúl faoi láthair ag Amharclann Traverse i nDún Éideann mar pháirt de Seóthaispeántas Dhún Éideann de chuid Chultúr Éireann.
Cruthaíonn agus tacaíonn Cultúr Éireann le deiseanna d’ealaíontóirí agus comhlachtaí Éireannacha agus iad ag cur a n-obair i láthair go hidirnáisiúnta. Tá naoi léiriúchán ar siúl ag ionaid Fringe ar fud Dhún Éideann i Seóthaispeántas Dhún Éideann na bliana seo, chun lucht féachana nua idirnáisiúnta a shroicheadh agus deiseanna nua camchuartaíochta idirnáisiúnta a chruthú. Tá an clár iomlán do seóthaispeántas na bliana seo ar fáil anseo.