Déanann na hAirí Martin, Byrne & O’Donovan machnamh ar éachtaí 2023
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 14 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tacaíocht do na hEalaíona, don Spórt agus do na Meáin, mar aon leis an nGaeilge agus ceantair Ghaeltachta
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne TD agus Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD béim ar thacaíocht a Roinne thar 2023 don Turasóireacht, don Chultúr, do na hEalaíona, don Ghaeltacht, don Spórt agus do na Meáin.
Agus machnamh á dhéanamh acu ar an mbliain, rinne an triúr Airí cur síos ar mhaoiniú agus ar bhearta tábhachtacha a chabhraigh le hearnálacha fás agus cur le geilleagar na hÉireann agus le sochaí na hÉireann i gcoitinne.
Dúirt an tAire Martin:
“Lean mo Roinnse do thacaíocht a thabhairt d’earnálacha a bhfuil ardmheas againn orthu, ar nós earnáil na Turasóireachta, an Chultúir, na Gaeltachta, an Spóirt agus na Meán, le linn dushlán nach bhfacthas riamh cheana. Chinntigh na príomhthacaí a thug an Rialtas do na hearnálacha seo forbairt bhríomhar agus dhinimiciúil agus athbheochan leanúnach na n-ealaíon agus an chultúir, na turasóireachta, an spóirt agus ár dteanga dhúchais in Éirinn i rith na bliana.
“Rinneamar dul chun cinn suntasach maidir le sábháilteacht ar líne. I mí an Mhárta, bunaíodh an rialtóir nua, Coimisiún na Meán, a dhéanann maoirseacht ar rialáil na meán agus ar shábháilteacht ar líne. I mí na Nollag, d'fhoilsigh an Coimisiún an chéad dréacht-Chód Sábháilteachta ar Líne le haghaidh comhairliúcháin do sheirbhísí ardáin ar a roinntear físeáin. Beidh an Cód críochnaithe sin mar chuid de chreat foriomlán na hÉireann um shábháilteacht ar líne, ag tabhairt seirbhísí ar líne chun cuntais ar an gcaoi a gcoinníonn siad daoine sábháilte ar líne. Tá straitéis fhrithfhaisnéise náisiúnta, príomh-mholadh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, faoi lánseol freisin. San fhómhar reáchtáladh próiseas comhairliúcháin poiblí ar líne le fóram comhairliúcháin le páirtithe leasmhara ag deireadh mhí na Samhna. Táimid ar an mbealach chun an Straitéis a fhoilsiú faoi dheireadh R1 2024.”
Dúirt sí, chomh maith:
“Ba bhliain dhúshlánach í do chraoltóireacht seirbhíse poiblí tar éis do RTÉ teipeanna rialachais chorparáidigh a nochtadh. Mar sin féin, cabhróidh na hathbhreithnithe agus na scrúduithe éagsúla atá ar bun, mar aon leis an bhFís Straitéiseach, an bealach chun cinn a réiteach chun muinín as RTÉ a atógáil agus a chinntiú go mbeidh luachanna seirbhíse poiblí ag croílár gníomhaíochtaí RTÉ amach anseo. Tá sé ríthábhachtach múnla nua maoinithe a chur i bhfeidhm chun todhchaí inbhuanaithe a chinntiú do na meáin seirbhíse poiblí in Éirinn, agus tabharfaidh mé tosaíocht dó seo in 2024.
“I bhfianaise an chúlra seo, áfach, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara an rath domhanda i mbliana ar léiriúcháin Éireannacha ar nós “An Cailín Ciúin” agus “The Banshees of Inisherin”. Cinnteoidh méadú na bliana seo ar an uasteorainn sa scéim faoisimh cánach scannán Alt 481 go mbeidh Éire fós ar cheann de na háiteanna is tarraingtí do léiriúchán idirnáisiúnta ardluachmhara scannán agus teilifíse ar ardchaighdeán. Tacóidh an Ciste Meán nua freisin le cúrsaí craolacháin agus meán níos leithne, agus neartaigh maoiniú breise a cuireadh ar fáil do TG4 i mbliana forbairt agus seoladh Cúla4, an chéad chainéal teilifíse Gaeilge do dhaoine óga.
“Ó thaobh na turasóireachta de, atá ar an earnáil eacnamaíoch is mó in Éirinn, cuirfidh maoiniú iomlán de €216 milliún ar ár gcumas tacú le téarnamh na hearnála, go hairithe in áiteanna faoin mbrú is mó ón díláithriú lóistín. Cuideoidh sé chomh maith Éire a choimeád i lár an aonaigh sna margaí idirnaisiúnta is tábhachtaí. Tá idirbheartaíocht mhaith ar siúl le páirtithe leasmhara ar fhorbairt an Chreatlaigh Pholasaí Turasóireachta Naisiúnta nua. Tá súil agam an Creatlach a fhoilisiú sa chéad cheathrú i 2024 agus beidh prionsabail na hinbhuanaitheachta mar bhonn faoi.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Ba bhliain thar na bearta í 2023 do spórt na mban, le rannpháirtíocht fhoireann na hÉireann i gCorn Domhanda FIFA na mBan, buaicphointe pearsanta domsa. I mbliana, bhí mé bródúil as “Riail Rochtana Chosúil le Chéile” nua a thabhairt isteach d’fhir agus do mhná faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt agus faoin gCiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála, chun maoirsiú a dhéanamh ar dhul chun cinn suntasach maidir le sprioc chomhionannas inscne 40% ar bhoird, agus an maoiniú do Mhná sa Spórt faoi Bhuiséad 2024 a mhéadú faoi dhó.
“Táim meáite ar ár leibhéil rannpháirtíochta a ardú agus chun an sprioc seo a bhaint amach, tuigim an gá atá le háiseanna imleor a bheith i bhfeidhm. Níos luaithe i mbliana, bhí an-áthas orm babhta nua den Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt a oscailt le haghaidh iarratas agus le déanaí, d’fhógair mé breis is €37m i leithdháiltí deontais bhreise do thionscadail reatha faoin gCiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála chun cabhrú leo na tionscadail sin a sheachadadh. Agus mé ag breathnú chun cinn, táim ag tnúth le babhta nua den Chiste a fheiceáil oscailte d’iarratais in 2024.”
Dúirt an tAire O’Donovan:
“I mo réimse féin, an Ghaeltacht agus an Ghaeilge, ba bhliain thar a bheith tábhachtach í 2023. Bhí bród orm an maoiniú a mhéadú dár Limistéir Pleanála Teanga, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge, go háirithe. Rachaidh an maoiniú méadaithe seo go mór i dtreo ár n-aidhmeanna an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga bheo bhríomhar phobail sna ceantair Ghaeltachta agus a húsáid laethúil taobh amuigh den Ghaeltacht a chur chun cinn.”
Tugtar achoimre thíos ar roinnt de na príomhbhearta a tugadh isteach go dtí seo chun tacú leis na hearnálacha Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir agus Spóirt, chomh maith le mórfhógraí eile i ngach earnáil faoi shainchúram na Roinne.
TURASÓIREACHT
• Athosclaíodh Gairdíní Mount Congreve tar éis athfhorbairt €7 mhilliún
• Ceapadh seisear comhaltaí boird nua agus cathaoirleach nua ar an Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta (Fáilte Éireann)
• Osclaíodh scoil nua tonnmharcaíochta €3m ar an Leathros, Co. Shligigh
• Sheol Fáilte Éireann 4 Straitéis Réigiúnacha Turasóireachta
• D’infheistigh Fáilte Éireann níos mó ná €6 mhilliún i ndeontais chun bunathrú digiteach a bhrú chun cinn do na céadta gnó turasóireachta
• Fógraíodh tacaíochtaí iartheachtacha do ghnólachtaí turasóireachta a bhfuil tionchar ag díláithriú cóiríochta orthu i mBuiséad 2024
• Coinníodh maoiniú breise chun margaíocht a dhéanamh thar lear ar Éirinn mar cheann scríbe saoire
• Cuireadh tús le hobair ar thionscadal turasóireachta comhoibrithe branda nua a nascann Bealach Cósta an Chlocháin agus Slí an Atlantaigh Fhiáin - daingníodh €7.6 mhilliún i maoiniú Oileán Comhroinnte do 2023-2025
• Chuir maoiniú €7.75 milliún i gCúlchiste Oiriúnaithe Breatimeachta ar chumas Thurasóireacht Éireann straitéis mhargaíochta a chur i bhfeidhm chun gnó a choinneáil ón mBreatain Mhór, chun líon na gcuairteoirí ón AE in Éirinn a mhéadú, chun spleáchas ar mhargadh na Breataine Móire a laghdú agus chun tuilleadh éagsúlaithe a spreagadh sa mhargadh
• Leithdháileadh €3 mhilliún ar Thurasóireacht Éireann i mbliana chun Éire a chur chun cinn i margaí turasóireachta thar lear trí thionscnaimh cosúil leis an Scéim Rochtana um Chomhoibríoch Margaíochta a fhéachann le rochtain nua a spreagadh agus le hacmhainneacht na seirbhísí reatha chuig na réigiúin a uasmhéadú
CULTÚR AGUS NA HEALAÍONA
• Maoiniú €782,000 do Chlár Sábháilte le Cruthú lena n-áirítear €300,000 do Minding Creative Minds
• Seoladh scannáin agus podchraoltaí nua mar chuid de Mhná100 faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán
• Ceapadh comhaltaí boird nua ar Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann agus Bord Gobharnóirí agus Caomhnóirí Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann
• Maoiniú €6.1 mhilliún do thionscnamh Phobail Chruthaitheacha Chlár Éire Ildánach 2023 ar fud na 31 údarás áitiúil go léir
• Ceapadh beirt chomhaltaí nua ar Bhord Amharclann na Mainistreach
• Tosach Feidhme an Achta um Fhorais Náisiúnta Cultuir (An Ceoláras Náisiúnta) (Leasú) 2023
• Misean trádála mór sna SA chun infheistíocht a spreagadh i dtionscal scannán, turasóireachta agus cultúir na hÉireann i gcomhthráth le hOíche Oscar stairiúil d’Éirinn
• Maoiniú €6.6m do Chultúr Éireann, an maoiniú is mó a tugadh dóibh riamh, chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain, agus fógraíodh €885,000 breise ina dhiaidh sin
• Infheistíocht €2m i dTionscnamh Speisialta chun Ealaíona agus Cultúr Comhaimseartha na hÉireann a chur chun cinn sa Ghearmáin in 2024
• Foilsíodh clár don bhliain deiridh de Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023
• Seoladh Plean Óige Ildánach 2023-2027 do leanaí agus do dhaoine óga
• Fuarthas cead pleanála d’athfhorbairt mhór ar Ghailearaí Ealaíne Crawford i gCorcaigh
• Foilsíodh chéad torthaí an chláir taighde um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona
• Tacaíocht €100,000 do Fhleadh Cheoil an Mhuilinn Chearr 2023
• Maoiniú suas le €1 mhilliún le haghaidh músaeim agus gailearaithe áitiúla chun tacú leis an nGeilleagar Oíche
• D’oscail Éire sa Veinéis ag Biennale na Veinéise
• Reáchtáladh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mBaile na nGallóglach, Co. Dhún na nGall
• Fógraíodh faighteoirí 2023 Dhámhachtain Markievicz
• Fógraíodh coiste nua um léiriú scéalta na mban sna Forais Náisiúnta Cultúir agus chun breithniú a dhéanamh ar iarsmalann ban a d’fhéadfaí a bhunú
• Deontas €2m le haghaidh ionad nua amharcealaíon, léirithe agus ealaíon pobail in Uíbh Fhailí
• Lá lán le fuinneamh cruthaitheachta óige, Cruinniú na nÓg 2023, ina raibh níos mó ná 700 imeacht ar fud na tíre
• Maoiniú agus plean nua chun tacú le heagraíochtaí cultúrtha astuithe carbóin a laghdú
• Bunaíodh coiste saineolaithe nua ar rudaí atá íogair ó thaobh an chultúir de a thabhairt ar ais in Éirinn
• Fógraíodh maoiniú €5.8M do thionscnaimh chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíonta faoin gCiste nua um Ghníomhaíocht ar son na hAeráide II
AN GHAELTACHT
• Maoiniú €200,000 do Chiste Spreagtha Sheachtain na Gaeilge
• €910,000 le haghaidh foilsitheoireachta Gaeilge agus forbairt na hUltaise
• Ceapadh bord eatramhach Údarás na Gaeltachta agus buanchomhaltaí boird nua
• Léiríodh tacaíocht do sheirbhís raidió nua trí mheán na Gaeilge agus taighde nua á léiriú go bhfuil spéis láidir ag lucht éisteachta níos óige ann
• Maoiniú €1.5m do chur chun cinn na nEalaíon ar fud na Gaeltachta
• €518,259 do thionscadal 'Gluaiseacht' Chonradh na Gaeilge
• Cuireadh Tús le Príomh-Ailt d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021
• Aithníodh Cathair Saidhbhín mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta le ceadú chiste €560,000
• Méadú breise 20% ar mhaoiniú do Limistéir Phleanála Teanga, do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta agus do Líonraí Gaeilge
• Maoiniú €600,000 do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta i nDún na nGall
• Ainmníodh Coimisinéir Teanga nua, le ceapadh ag an Uachtarán Ó hUiginn
SPÓRT
• Infheistíocht €24m sa spórt ardfheidhmíochta
• Méadú maoinithe faoi dhó do chláir na mban sa spórt
• Rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le sprioc comhionannas inscne 40% de bhallraíocht bhoird a bhaint amach
• Comhthairiscint rathúil ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe chun EURO 2028 a óstáil
• €35m faoin Scéim Tacaíochta Fhuinneamh Spóirt
• Seoladh babhta nua den Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt
• Breis is €37m i leithdháiltí breise faoin gCiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála agus babhta nua le hoscailt sa chéad leath de 2024
• Riachtanas nua Rochtana Cosúile lena chéile d’fhir agus do mhná faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt agus faoin gCiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála
• €500,000 i maoiniú breise do Shacar na mBan agus na gCailíní mar aitheantas do Chorn Domhanda na mBan
• Seoladh teimpléad nua Chód Iompair Náisiúnta do spórt na hÉireann
• Seoladh Bunachar Sonraí Digiteach Náisiúnta d’Áiseanna Spóirt agus Áineasa – “Get Ireland Active”
• Ceapadh cathaoirleach nua agus beirt chomhaltaí boird nua do Spórt Éireann
• Fuarthas cead pleanála don Veileadróm agus Ionad Náisiúnta Badmantain
• Osclaíodh foirgneamh tiomnaithe OFI agus lúthchleasaithe, “The Long Barn” ar an gCampas Náisiúnta Spóirt
NA MEÁIN
• Plean gníomhaíochta nua chun Moltaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a chur i bhfeidhm
• Bunaíodh Meitheal Ilpháirtithe Leasmhara chun Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagfhaisnéise a Fhorbairt
• Bunú foirmiúil Choimisiún na Meán agus ceapachán Coimisinéirí
• Fuair 144 tionscadal raidió, teilifíse agus craolta pobail os cionn €7.5 mhilliún tríd an Scéim Fuaime agus Físe
• Seoladh cainéal nua Gaeilge do dhaoine óga, Cúla 4
• Fuair 32 stáisiún raidió €2.4 mhilliún le haghaidh litearthachta sna meáin, comhionannas inscne, éagsúlacht, cuimsiú agus tógáil pobal
• Fógraíodh athbhreithnithe neamhspleácha seachtracha ar RTÉ