English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanfaidh saineolaithe idirnáisiúnta plé ar an tábhacht a bhaineann le taifead an phobail a chosaint chun muinín, trédhearcacht agus iontaofacht i bhforais phoiblí agus i rialtas a chinntiú ag seimineár a reáchtálfaidh an Chartlann Náisiúnta go luath

Ar an 24 Meitheamh, reáchtálfaidh an Chartlann Náisiúnta seimineár idirnáisiúnta ar líne dar teideal ‘Ag cosaint an taifid phoiblí: eiseamláirí idirnáisiúnta den dea-chleachtas’. Beidh ionadaithe ón gCartlann Náisiúnta agus agus Cartlann Náisiúnta na Danmhairge, na hAlban agus na Nua-Shéalainne i measc na gcainteoirí.

Labhrófar faoi réimse leathan ábhar sa seimineár, ar nós athruithe a chur chun cinn i mbainisitiú taifead sa rialtas, saolré an taifid phoiblí, an t-aistriú i dtreo caomhnú digiteach, cosaint sonraí agus RCGS. Léireoidh gach cainteoir a gcomhthéacs náisiúnta agus reachtúil féin, ag scrúdú conas a théann sé seo i bhfeidhm ar a gcumas chun taifid phoiblí agus eolas poiblí a chosaint go háirithe, ón nóiméad a chruthaítear iad.

Ag labhairt roimh an seimineár, dúirt an tAire Catherine Martin, TD: ‘in aimsir na bréagnuachta agus mhí-ionramháil eolais, aithnímid ionracas agus barántúlacht an taifid chartlainne chun muinín, iontaofacht agus trédhearcacht a chur ar fáil inár bhforais phoiblí agus inár ranna rialtais. Tá forais ar nós na Cartlainne Náisiúnta a bhfuil freagracht reachtúil orthu chun taifid an stáit a chosaint agus a chur ar fáil, bunriachtanach mar fhórsa maitheasa, taighde, díospóireachta agus fionnachtana’.

Díreoidh an seimineár go sonrach ar ranna rialtais, ar ghníomhaireachtaí agus ar údaráis áitiúla chomh maith le cartlanna náisiúnta eile, cartlannaithe, bainisteoirí taifead, oifigigh dheimhniúcháin agus comhlachtaí ionadaíocha.

I measc chainteoirí an tseimineáir, beidh:

• Stephen Clarke, an Príomh-Chartlannaí, Cartlann na Nua-Sheálainne

• An Dr Hugh Hagan, Ceann Fheidhmiú an Achta um Thaifid Phoiblí, Taifid Náisiúnta na hAlban

• Helen Hewson, Coimeádaí, An Chartlann Náisiúnta

• Poul Olsen, Príomh-Chomhairleoir agus Oifigeach um Chosaint Sonraí, Rigsarkivet (Cartlann Náisiúnta na Danmhairge)

Modhnaithe ag Orlaith McBride, Stiúrthóir, An Chartlann Náisiúnta

Dáta agus am: 9.30–12.30, Déardaoin 24 Meitheamh 2021

Áiteanna ar fáil trí Eventbrite le tuilleadh eolais ar www.nationalarchives.ie