Déantar ceiliúradh gharspriocanna stairiúla i seoladh Fhéile Bhróid Bhaile Átha Cliath le tacaíocht na Roinne do Chlár Cultúrtha
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 1 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, fáilte roimh sheoladh Fhéile Bhróid Bhaile Átha Cliath 2023, agus go háirithe an Clár Cultúir. Tá Féile Bróid Bhaile Átha Cliath ar cheann de na féilte pobail agus cultúrtha is mó agus a bhfuil an tóir is mó uirthi in Éirinn. Déanfar comóradh ar shraith de gharspriocanna i stair Fhéile Bhróid agus an phobail LADTA+ i mBaile Átha Cliath agus in Éirinn i mbliana. I measc na bpríomhchuimhneachán tá comóradh 50 bliain an chéad ghrúpa LADTA+ i mBaile Átha Cliath, comóradh 40 bliain an mháirseáil cháiliúil go Páirc Fhionnradharc, chéad Mhórshiúl Bróid Bhaile Átha Cliath, agus comóradh 30 bliain ó rinneadh an homaighnéasachas a dhíchoiriú in Éirinn.
Cheadaigh an tAire leithdháileadh €54,000 do Chlár Cultúrtha imeacht na bliana seo. Beidh spás léirithe i Mol Bróid ar Shráid an Diúic mar aon le taispeántas 50.40.30, a rianóidh stair an Bhróid agus an phobail LADTA+ i mBaile Átha Cliath agus in Éirinn le 50 bliain anuas. Óstálfaidh Filí Bróid oícheanta filíochta, agus beidh imeacht iar-pharáide Shráidbhaile Bróid ar Chearnóg Mhuirfean ina imeacht lae saor in aisce ar nós féile ceoil.
Ag labhairt faoin seoladh, dúirt an tAire Martin:
“Bíonn mí an Bhróid ar siúl le linn mhí an Mheithimh, agus i mbliana déanaimid ceiliúradh ar roinnt imeachtaí tábhachtacha i stair na Féile Bróid agus chearta LADTA+ in Éirinn. Cuireann Clár Cultúrtha na bliana seo deiseanna ar fáil freisin d’ealaíontóirí agus do thaibheoirí a gcuid buanna a léiriú le léirithe a bheidh mealltach, a chuirfidh siamsaíocht agus spreagadh ar fáil. Mholfainn do gach duine teacht chuige, taitneamh a bhaint as an eispéireas agus tacú leis an dul chun cinn i dtreo sochaí níos cothroime agus níos cuimsithí.”
Dúirt Jed Dowling, Stiúrthóir Fhéile Bhróid LADTA+ Bhaile Átha Cliath:
“Sna 40 bliain ó reáchtáladh an chéad fhéile bhróid i mBaile Átha Cliath, bhí roinnt ár gcultúir le daoine eile ríthábhachtach dár rathúlacht i gcónaí. Trí chuireadh a thabhairt dár gcairde agus dár gcomhghuaillithe isteach inár spásanna agus inár scéalta, d’fhás an fhéile ó chúpla céad duine ag máirseáil tríd an gcathair, go dtí go raibh inti an ceiliúradh ba mhó ar éagsúlacht agus ar chuimsiú sa tír. Bíonn an fhéile difriúil do dhaoine éagsúla, ach níl sé teoranta, dá mhéad a roinnimid é, is amhlaidh is saibhre a éiríonn sé. Le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán beidh deis againn cuireadh a thabhairt do níos mó daoine páirt a ghlacadh sa scéal.”