Deichniúr céimithe le ceapadh do Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh 2022
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 3 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair Príomhaoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers, T.D., go bhfuil an scéim intéirneachta in institiúidí an Aontais Eorpaigh á réachtáil arís i mbliana. Glacfar le hiarratais ar ríomhphost ón Máirt, 3 Bealtaine 2022 go dtí 12 meánlae Dé Máirt, 17 Bealtaine 2022. Cuireadh tús leis an scéim in 2018 agus tá sé dírithe ar dheiseanna a thabhairt do chéimithe socrúcháin oibre a fháil i réimse speisialtóireachta an aistriúcháin agus na profléitheoireachta.
Táthar ag súil go gceapfar deichniúr céimithe i mbliana agus go mbeidh siad i mbun taithí oibre san fhómhar. Beidh ochtar de na céimithe ag cuidiú le haistriú reachtaíocht agus dhlíthe an Aontais Eorpaigh - an acquis communautaire - go príomha le linn an tsocrucháin oibre. Beidh beirt ag obair mar phrofléitheoirí faoi mhaoirseacht in Oifig na bhFoilseachán nó i bParlaimint na hEorpa agus doiciméid i nGaeilge le profléamh acu. Beidh liúntas €2,000 in aghaidh na míosa ar fáil do na hintéirneachtaí seo ar feadh tréimhse 10 mí.
Ag fógairt na scéime i mbliana dúirt an tAire Stáit Jack Chambers, T.D:
“Tá an-rath ar an scéim seo ó cuireadh ar bun é in 2018. Tugann sé deis do dhaoine blaiseadh a fháil den saol oibre san Eoraip, oiliúnt a fháil ó na hinstitiúidí, agus cur lena gcuid scileanna chun deis níos fearr a thabhairt dóibh sna comórtais earcaíochta amach anseo. Cheana féin tá roinnt mhaith de na hintéirnigh tar éis poist eile a fháil sna hinstitiúidí tar éis dóibh an intéirneacht seo a dhéanamh agus tá súil agam go n-éireoidh go geal le hintéirnigh na bliana seo chomh maith.”
Is féidir gach eolas faoin scéim a fháil ag:https://www.gov.ie/ga/nuacht/ed02d-comortas-dinteirneacht-in-institiuidi-an-aontais-eorpaigh-maoinithe-ag-an-roinn-turasoireachta-cultuir-ealaion-gaeltachta-spoirt-agus-mean/
Bronnadh stádas mar theanga oifigiúil agus oibre ar an nGaeilge san AE ón 1 Eanáir 2007 faoi Rialachán 920/2005. San áireamh sa Rialachán, bhí maolú ar úsáid na teanga a bhí le hathbhreithniú gach cúig bliana agus an chéad tréimhse le leanúint go dtí an 31 Nollaig 2011. Mar thoradh ar an gcéad athbhreithniú, cuireadh síneadh leis an maolú go dtí an 31 Nollaig 2016 faoi Rialachán 1257/2010. Faoi théarmaí an mhaolaithe atá i bhfeidhm ó bhí 2007 ann, níor ghá ach dlíthe AE a rinneadh faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta a aistriú go Gaeilge.
I mí na Nollag 2015, ghlac an Chomhairle Eorpach le rialachán dírithe ar dheireadh a chur leis an maolú ar bhonn incriminteach faoi dheireadh na bliana 2021. Tá institiúidí an AE anois ag cur seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil ag an leibhéal céanna le teangacha oifigiúla eile an AE.