English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deichniúr céimithe le ceapadh faoi Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh, 2023-24

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD, inniu go bhfuil an scéim intéirneachta in institiúidí an Aontais Eorpaigh á reáchtáil ag a Roinn arís i mbliana. Glacfar le hiarratais ar an ríomhphost ón gCéadaoin, 12 Aibreán, 2023, go 12 meán lae Dé Luain, 8 Bealtaine, 2024. Cuireadh tús leis an scéim in 2018 agus tá sé dírithe ar dheiseanna a thabhairt do chéimithe socrúcháin oibre a fháil sna haonaid Ghaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh, i réimsí speisialtóireachta an aistriúcháin agus na profléitheoireachta.

Táthar ag súil go gceapfar deichniúr céimithe arís i mbliana agus go mbeidh siad i mbun taithí oibre ar feadh deich mí ó mhí Dheireadh Fómhair seo chugainn. Beidh ochtar de na céimithe ag cuidiú go príomha le haistriú reachtaíocht an Aontais Eorpaigh – an acquis communautaire – le linn an tsocrúcháin oibre. Beidh beirt ag obair mar phrofléitheoirí faoi mhaoirseacht in Oifig na bhFoilseachán nó i bParlaimint na hEorpa agus doiciméid i nGaeilge le profléamh acu. Íocfar liúntas €2,000 in aghaidh na míosa leis na hintéirnigh ó thús deireadh na tréimhse oiliúna deich mí.

Agus é ag fógairt na scéime i mbliana, dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan TD:

“Tá an-tóir ar an scéim seo ó cuireadh ar bun í in 2018. Tugtar deis do dhaoine blaiseadh a fháil den saol oibre ar mhór-roinn na hEorpa, oiliúint den scoth a fháil ó na hinstitiúidí Eorpacha, agus cur lena gcuid scileanna ionas go mbeidh siad i riocht láidir sna comórtais earcaíochta amach anseo. Cheana féin tá roinnt mhaith de na hintéirnigh tar éis poist eile a fháil sna hinstitiúidí Eorpacha tar éis dóibh an socrúchán oibre seo a dhéanamh, agus tá an-dóchas agam go n-éireoidh chomh maith céanna le hintéirnigh na bliana seo.”

Is féidir gach eolas faoin scéim a fháil ag: https://www.gov.ie/en/news/ed02d-comortas-dinteirneacht-in-institiuidi-an-aontais-eorpaigh-maoinithe-ag-an-roinn-turasoireachta-cultuir-ealaion-gaeltachta-spoirt-agus-mean/

Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur chuig Mairin.NiFhlatharta@tcagsm.gov.ie roimh mheán lae, Dé Luain, 8 Bealtaine 2023.

Nóta do na heagarthóirí

Bronnadh stádas mar theanga oifigiúil agus oibre ar an nGaeilge san AE ón 1 Eanáir 2007 faoi Rialachán 920/2005. San áireamh sa Rialachán bhí maolú ar úsáid na teanga a bhí le hathbhreithniú gach cúig bliana agus an chéad tréimhse le leanúint go dtí an 31 Nollaig 2011. Mar thoradh ar an gcéad athbhreithniú, cuireadh síneadh leis an maolú go dtí an 31 Nollaig 2016 faoi Rialachán 1257/2010. Faoi théarmaí an mhaolaithe a bhí i bhfeidhm ó 2007, níor ghá ach dlíthe AE a rinneadh faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta a aistriú go Gaeilge.

I mí na Nollag 2015, ghlac an Chomhairle Eorpach le rialachán a bhí dírithe ar dheireadh a chur leis an maolú ar bhonn incriminteach faoi dheireadh na bliana 2021. Tá institiúidí an AE anois ag cur seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil ag an leibhéal céanna le teangacha oifigiúla eile an Aontais.