Deontais €365,000 ceadaithe ag an Aire Stáit O’Donovan d’eagraíochtaí i nGaeltacht Dhún na nGall
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 1 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Oideas Gael, Comhairle Uladh agus Scoil Chonaill le tacaíocht a fháil
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D. inniu go bhfuil deontais suas le €365,136 ceadaithe aige do thrí ghrúpa i nGaeltacht Dhún na nGall. Cheadaigh an tAire Stáit deontas suas le €255,000 nó €85,000 sa bhliain d’Oideas Gael thar 3 bliana chun cuidiú leis an eagraíocht cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a reáchtáil i nGaeltachtaí Ghleann Cholm Cille, Toraigh agus Gleann Fhinne. Beidh deontas 3 bliana tugtha do Chomhairle Uladh, ar fiú €100,316 é, chun Clár na gCluichí Gaelacha a chur i bhfeidhm i scoileanna i nGaeltacht Dhún na nGall. Anuas air sin, tá beagnach €10,000 ceadaithe aige do Choiste na dTuismitheoirí, Scoil Chonaill an Bhun Bhig chun timpeallán inrochtana a chur ar láthair na scoile.
Ag fógairt na ndeontas dúirt an tAire Stáit O’Donovan:
“Mar Aire Stáit Gaeltachta, táim tiomanta tacú le pobail na Gaeltachta an teanga a fhorbairt agus a chur chun cinn agus tá na deontais seo dírithe ar an sprioc sin. Tacóidh Clár na gCluichí Gaelacha an nasc idir na cluichí Gaelacha agus an teanga a neartú agus tá áthas orm go bhfuil an clár seo á chur i bhfeidhm i nDún na nGall anois i gcomhpháirtíocht le Comhairle Uladh an CLG mar atá sna ceantair Ghaeltachta eile. Aithnítear go forleathan an obair fhónta atá ar bun ag an eagraíocht Oideas Gael le blianta fada chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine fásta as Éirinn agus níos faide i gcéin an Ghaeilge a fhoghlaim i dtimpeallacht álainn Dhún na nGall. De thoradh ar a gcuid oibre mealltar na céadta duine chuig an dúiche go bliantúil, rud a chuireann go mór le turasóireacht chultúrtha and le geilleagar an cheantair dá réir.
"Agus sa Bhun Beag tá sár obair ar bun ag Coiste Tuismitheoirí Scoil Chonaill chun tacú leis an scoil lán-Ghaeilge sin chun leas an phobail ar fad. Tréaslaím leis na heagraíochtaí agus leis an gcoiste seo as a ndúthracht i gcur chun cinn na teanga.”
Nótaí don Eagarthóir
Comhairle Uladh
• Seo clár píolótach atá cómhaoinithe ag Comhairle Uladh de chuid an CLG agus ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
• Cruthófar post lánaimseartha chun an clár a riar agus a sheachadadh i líon scoileanna atá aitheanta faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta i nGaeltachta Dhún na nGall.
• Déanfar freastal ar os cionn leath den 42 scoil aitheanta sa scéim phíolótach agus beifear ag súil an scéim a leathnú amach chuig na scoileanna ar fad má éiríonn leis an scéim.
• Beidh oiliúint trí Ghaeilge curtha ar fáil do pháistí bunscoile agus iarbhunscoile le linn ghnáth uaireanta scoile agus i seisiúin iarscoile mar chuid den chlár píolótach agus reáchtálfar campaí lasmuigh den scoil fosta.
• Tá an Scéim seo ar bun i réigiúin Chonnacht agus na Mumhan cheana féin.
Oideas Gael
• Is athnuachan ar dheontas reáchtála thar tréimhse 3 bliana atá i gceist leis an deontas seo.
• Cuireann Oideas Gael cúrsaí Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta as Éirinn agus as fud an Domhain ar fáil i nGleann Cholmcille, Toraigh agus Gleann Fhinne.
• Chomh maith le cúrsaí teanga, cuireann obair na heagraíochta seo go mór leis an turasóireacht chultúrtha agus an geilleagar áitiúil i nDún na nGall.
Coiste Tuismitheoirí Scoil Chonaill, An Bun Beag
• Tá Coiste na dTuismitheoirí ag feidhmiú le cúpla bliain anuas chun tacaíocht a thabhairt don scoil.
• Cuidíonn a gcuid oibre tiomsaithe airgid go mór le plean teanga na scoile a chur i bhfeidhm.