Deontais fógartha ag an Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD le linn camchuairt ar Chiarraí agus Tuaisceart Chorcaí
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 18 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
• Staidéar féidearthachta chun Coláiste Gaeilge a athbhunú i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh
• Bus nua le ceannach i nGaeltacht Chorca Dhuibhne
• Ciste caipitil ar fiú €30,646 in iomlán mar thaca don phróiseas pleanála teanga
Déanfar measúnú ar Choláiste Gaeilge a athbhunú i gCiarraí Theas mar chuid den chiste caipitil ar fiú €30,646 in iomlán a d’fhógair Jack Chambers TD., Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt agus é ar chamchuairt ar Ghaeltachtaí Chiarraí agus thuaisceart Chorcaí le dhá lá anuas.
Chuimsigh a chlár ar an Déardaoin cruinnithe le Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, áit ar fhógair sé deontas €5,760 chun a chumasú don Chomhchoiste breathnú ar na féidearthachtaí Coláiste Gaeilge a bhunú sa cheantar. Chas sé le Coiste Páirc Spraoi Bhaile na Sceilge ar cheadaigh sé ciste €32,540 dóibh in 2020 chun an pháirc a fhorbairt agus le CLG Naomh Micheál a bhfuil €3,886 sa bhreis ceadaithe aige anuas ar an deontas €23,482 a cheadaigh sé in 2020, chun trealamh giomnáisiam a cheannach.
Ar an Aoine, thug an tAire Stáit Chambers aghaidh ar Bhaile an Fheirtéaraigh, áit ar chas sé le hionadaithe ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus CLG na Gaeltachta. Chuaigh sé ar aghaidh ansin go Daingean Uí Chúis chun cuairt a thabhairt ar Áiseanna na hÓige. áit ar fhógair sé go raibh deontas €21,000 ceadaithe aige don Choiste chun bus a cheannach don tseirbhís réamhscoile atá á reáchtáil acu.
I mBaile Bhuirne i nGaeltacht Corcaí, thug sé cuairt ar Choláiste Íosagáin a bhfuil €2.7m ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta faoin gCiste Um Fhorbairt Fiontraíochta Réigiúnaí dá athfhorbairt. Thug sé cuairt chomh maith ar áiseanna nua CLG Naomh Abán a fuair cúnamh faoin gClár Caipitil Spóirt de chuid a Roinne chun a bpáirc a fhorbairt agus bhuail sé isteach chuig Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne a chuireann ranganna ealaíona ar fáil agus atá maoinithe ag a Roinn trí Ealaín na Gaeltachta Teo.
Dúirt an tAire Stáit: “Tá áthas ar leith orm cuairt a thabhairt ar Chiarraí agus Chorcaigh agus feiceáil dom féin coistí agus eagraíochtaí áitiúla gníomhach arís faoi réir na treoirlínte Covid-19 is déanaí. Rachaidh an maoiniú atá á fhógairt agam inniu chun leasa na bpobal seo tionscadail tábhachtacha a fhorbairt agus deiseanna shóisialta, cultúrtha, teanga agus eacnamaíocha a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Is léiriú iad na togra seo ar an tseiftiúlacht atá ag coistí áitiúla saincheisteanna a aithint agus pleananna a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt riachtanais a bpobal.
Thug an camchuairt seo deis dom chomh maith léargas a fháil ar an obair atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta agus a chliantchomhlachtaí sna ceantair Gaeltachta seo. Tá an fhorbairt pobail agus an phleanáil teanga ina ndlúthchuid d’obair Údarás na Gaeltachta. Léiríonn an straitéis nua a d’fhoilsigh siad le gairid an nasc tábhachtach leis an bpobal agus an cheannródaíocht a bhaineann leis an obair mhór atá ar bun i gcomhar le pobail na Gaeltachta ar fad maidir leis an nGaeilge a threisiú agus í a thabhairt slán mar oidhreacht don chéad ghlúin eile.”
CRÍOCH
Nóta don Eagarthóir
Is faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga atá an deontas á chur ar fáil do Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh chun cuidiú leo an poitéinseal atá sa cheantar ó thaobh Coláiste Samhraidh a athbhunú a scrúdú.
Tá an ciste caipitil á gceadú faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne a thacaíonn le heagraíochtaí éagsúla Gaeltachta oibreacha athchóirithe agus eile a chur i gcrích chomh maith le trealamh a cheannach. Breis eolas le fáil ANSEO.