Deontas ceadaithe don áis foghlamtha ar líne, Vifax don Ghaeilge, in Ollscoil Mhá Nuad
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 15 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Méadú os cionn 60% tagtha ar líon na n-úsáideoirí le sé mhí anuas
D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers, T.D. inniu go bhfuil maoiniú de os cionn €7,000 ceadaithe don tionscnamh Vifax don Ghaeilge arís i mbliana don cúigiú bliana as a chéile. Is áis do mhúinteoirí agus do fhoghlaimeoirí Gaeilge í Vifax don Ghaeilge atá á reachtáil ag Ollscoil Mhá Nuad agus ar fáil seacht lá na seachtaine. Is físe agus giotaí atá i gceist chomh maith le ceachtanna atá bunaithe ar Nuacht TG4 a chuirtear suas ar shuíomh Ollscoil Mhá Nuad chuile sheachtain.
Tá sí ar fáil ar líne go náisiúnta agus go hidirnaisiúnta agus de réir staitisticí atá bailithe ag Lárionad na Gaeilge tá lear mhór as na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ríocht Aontaithe ag baint úsáid as an gcóras. Tá méadú de 64% tagtha ar líon na n-úsáideoirí le sé mhí anuas de bharr béim ar foghlaim ar líne.
Tá comhaoiniú a fháil ag an togra seo ó COCG Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
Ag fógairt an deontas dó inniu, dúirt an tAire Stáit Chambers,
"Is onóir dom go bhfuil sé ar chumas mo Roinn tacú leis an tionscnamh seo aris i mbliana agus níos tábhachtach nach riamh go bhfuil a leithid de áis ar fáil ar líne agus muid ag dul tríd tréimhse dushlánach de bharr paindéim Covid-19.
Is iarracht é an acmhainn seo freastal ar phobal na hÉireann agus ar fud an domhain atá suim acu teacht isteach ar an teanga arís agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, agus níos fearr fós go bhfuil siad in ann é a úsáid ag aon am den lá a fheileann sé dóibh."