Deontas suas le €39,459 do Ghaillimh le Gaeilge faoin Scéim Tacaíochta Gaeilge
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 25 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., inniu, 25 Iúil 2023, go bhfuil deontas de suas le €39,459 á chur ar fáil aige do Ghaillimh le Gaeilge faoin Scéim Tacaíochta Gaeilge (Caipitil) le cumasú dóibh staidéar féidearthachta a dhéanamh i leith fhorbairt Lárionad Cultúrtha Gaeilge i gCathair na Gaillimhe.
Tá Gaillimh ainmnithe mar cheann de na Bailte Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus rinneadh Plean Teanga a ullmhú ina leith, a ceadaíodh in 2020. Is é príomhchuspóir an Phlean Teanga cur le húsáid na Gaeilge mar theanga pobail na cathrach ar bhonn incriminteach agus tá coimisiúnú staidéir féidearthachta do Lárionad Cultúrtha Gaeilge luaite go sonrach ann faoi Bheart 4.
Oibríonn Gaillimh le Gaeilge i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile chun an dátheangachas a fhorbairt agus a threisiú sa chathair.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Stáit O’Donovan agus an deontas á fhógairt aige:
“Táim ar bís go bhfuil na féidearthachtaí sa spás seo á bhfiosrú ag Gaillimh le Gaeilge. D’fheicfinn go mbeadh tionchar thar a bheith dearfach ag a leithéid de Lárionad Cultúrtha Gaeilge ar shaol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha na cathrach. Dar ndóigh, thacódh sé le gníomhaíochtaí pleanála teanga sna Limistéir Pleanála Teanga mórthimpeall na cathrach chomh maith agus tá sé ag teacht le gealltanais eile atá tugtha ag an Rialtas i bpolasaithe eile dá chuid, ar nós an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2023 agus an Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030.
"Chuige sin, tá áthas orm, mar Aire Stáit, go bhfuil sé ar chumas mo Roinne deontas a chur ar fáil do Ghaillimh le Gaeilge chun tacaíocht a thabhairt agus cumasú don eagraíocht an staidéar féidearthachta seo a chur i gcrích. Tréaslaím leis an eagraíocht as a cuid iarrachtaí sa spás seo agus beidh mé ag súil le toradh na hoibre a fheiceáil amach anseo.”
Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe anseo.anseo.
Nótaí don Eagarthóir:
Plean Teanga do Chathair na Gaillimhe: Beart 4 go sonrach
Plean Gníomhaíochta 2018-2022: Bearta 4.12 agus 8.13 go sonrach