D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Méan, Catherine Martin TD, inniu go gcuirfí maoiniú breis agus 1.5m ar fáil chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 25 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2021
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, go gcuirfeadh Cultúr Éireann maoiniú €1.516 milliún ar fáil chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain sa bhliain 2021. Cuirfear an maoiniú ar fáil chun tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon na hÉireann agus ionaid chultúrtha Éireannacha thar lear chun imeachtaí damhsa, litríochta, ceoil, drámaíochta agus amharc-ealaíon a reáchtáil go hidirnáisiúnta.
Agus na dámhachtainí á bhfógairt aici, dúirt an tAire Martin:
“Tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcuireann Cultúr Éireann an cháil atá ar Éirinn i dtaobh na cruthaitheachta chun cinn agus go leanann sé le cabhair a thabhairt d’ealaíontóirí na hÉireann lucht tacaíochta domhanda a chothú. Cinnteoidh an maoiniú a fógraíodh inniu go bhfaigheann ealaíontóirí na hÉireann tacaíocht agus go mbainfear taitneamh as ealaíona agus cultúr na hÉireann ar fud an domhain agus cabhróidh sé leis na naisc ríthábhachtacha atá ag Éirinn go hidirnáisiúnta a chothú.”
Leis an maoiniú seo, léireofar scannáin Éireannacha i réimse áiteanna lena n-áirítear Londain, Washington DC, Chicago, Sydney agus Melbourne, seinnfear ceol ar líne, lena n-áirítear 8 dtaispeántas ag Eurosonic an tseachtain seo agus clár bannaí ceoil Éireannacha ag Celtic Connections, Glaschú ag a fhéile bhliantiúil an mhí seo. Léireoidh Léirithe Landmark The Approach, dráma le Mark O’Rowe, i Nua-Eabhrac agus reáchtálfar Féile Pádraig Londan go fíorúil. Reáchtálfaidh Irish Arts Centre i Nua-Eabhrac, Centre Culturel Irlandais i bPáras agus London Irish Centre i Camden clár éagsúil ealaíontóirí Éireannacha.
Tabharfar tacaíocht do Litríocht Éireann chun a chinntiú go mbeidh fáil ag léitheoirí idirnáisiúnta ar shaothair scríbhneoirí Éireannacha trí aistriúcháin agus tabharfaidh sraith nua podchraoltaí le scríbhneoirí agus aistritheoirí Éireannacha seans do lucht éisteachta domhanda taitneamh a bhaint as a saothair. Leanfaidh First Music Contact le ceoltóirí Éireannacha a chur i láthair do láithreoirí agus do lucht éisteachta idirnáisiúnta trí léirithe fíorúla ag seothaispeántais agus comhdhálacha ceoil le linn 2021. Léireoidh Institiúid Idirnáisiúnta Scannán na hÉireann scannáin Éireannacha ar fud an domhain le tairiscint fheabhsaithe trí ardán digiteach neamhspleách chomh maith le taipseáintí faoin aer, imeachtaí ar líne agus imeachtaí hibrideacha.
Tá Clár Seothaispeántais Chultúr Éireann ríthábhachtach chun caidrimh le láithreoirí idirnáisiúnta a chothú chun conarthaí camchuairte nua a chruthú do cheoltóirí Éireannacha nuair a cheadófar dul ar camchuairt arís. Cuirfear ceoltóirí Éireannacha i láthair mar chuid de leagan fíorúil Tradfest i mí Eanáir agus Comhdháil Idirnáisiúnta Folk Alliance in Kansas i mí Feabhra 2021.
Féach ar www.cultureireland.ie chun liosta iomlán na dtionscadal a bhfuil tacaíocht á bhfáil acu a fheiceáil.
CRÍOCH