English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dhá Phlean Teanga Fógartha ag an Aire Stáit Chambers agus é ag tabhairt cuairt ar ghrúpaí pobail i gCathair na Gaillimhe & Gaeltacht Chonamara

• Gaillimh aitheanta mar an tríú Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas pleanála teanga

• Plean teanga Bhearna & Cnoc na Cathrach ceadaithe

D’fhógair Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus an Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, inniu (13ú Bealtaine 2021) agus é ar chuairt ar Chathair na Gaillimhe agus Gaeltacht Chonamara go bhfuil dhá phlean teanga eile faofa aige, ceann do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Chathair na Gaillimhe agus ceann don Limistéir Pleanála Teanga Bearna & Cnoc na Cathrach.

Rinne sé na fógraí seo agus é ag tabhairt cuairt ar an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge, a d’fhógair sé mar an eagraíocht a bheidh freagrach as feidhmiú an phlean sa Chathair agus ar Áras Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach, áit a bhfuil Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Bhearna & Cnoc na Cathrach lonnaithe.

Is ciste bliantúil suas le €100,000 an cheann a bheidh á chur ar fáil le cabhrú le feidhmiú an dá phlean seo thar thréimhse seacht mbliana. Ciallaíonn sé seo go bhfuil infheistíocht d’ós cionn €3m fógartha d’fhorbairt na Gaeilge inniu do Cathair agus Gaeltacht na Gaillimhe agus teaghlaigh Gaeltachta ar fud na tíre nuair a chuirtear san áireamh an t-allúntas trí bliana bliana de €1.6m a fógraíodh do Thuismitheoirí na Gaeltachta don tréimhse 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2023

Dúirt an tAire Stáit Chambers: “Ba mhaith liom tréaslú Gaillimh le Gaeilge agus le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus páirtithe leasmhara eile a bhí bainteach le hullmhú an Phlean Teanga don Chathair. Tá tábhacht faoi leith le Cathair na Gaillimhe ó thaobh na Gaeilge de, ós rud é go ndéanann sí freastal ar an gceantar Gaeltachta is mó sa tír atá taobh léi. Mar gheall go n-aithnítear go forleathan sa Chathair agus sa cheantar máguaird an luach agus an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga bheo i dtéarmaí cultúir agus geilleagair de, beidh cóir gaoithe taobh thiar d’fheidhmiú an phlean teanga seo gan amhras. Le cúnamh leanúnach mo Roinne agus Fhoras na Gaeilge don phlean agus don obair trí chéile atá ar bun agus beartaithe ag Gaillimh le Gaeilge, táim cinnte go mbeidh ar a chumas oibriú as lámha a chéile le forais agus eagraíochtaí atá lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge ar nós Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun an plean a chur chun feidhme.

Is cúis ceiliúradh don Phróiseas Pleanála Teanga agus do phobal Bhearna & Cnoc na Cathrach é ceadú a bllean teanga chomh maith. Tréaslaím leis an gceanneagraíocht as ucht an sár obair atá déanta acu, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, chun ceadú an bplean seo a thabhairt go ceann scríbe. Tá obair den scoth curtha i gcríoch ag Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Bhearna & Cnoc na Cathrach chun an plean a chur i dtoll a chéile.

Is furasta dearmad a dhéanamh go bhfuil thart ar seacht gcéad gasúir ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge i mBearna agus Cnoc na Cathrach. Tá Gaelscoil Mhic Amhlaigh agus Coláiste na Coiribe ann le píosa, dár ndóigh, agus anois, leis an infheistíocht de bheagnach €1m atá déanta ag mo Roinn le dhá bhliain anuas, beidh Ionad Réamhscoile agus Gaeilge sa cheantar. Cloistear go leor Gaeilge timpeall an cheantair. Tá pobal láidir Gaeilge ann atá faoi bhrú ag an mórphobal Béarla atá fásta teampeall air. Ach tá sé-rí thábhachtach nach ndéanfaimid dearmad ar an bpobal Gaeilge sin.”

CRÍOCH

Nóta Don Eagarthóir:

An Próiseas Pleanála Teanga

Is éard atá i gceist leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta (BSG) ná bailte atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na pobail sna limistéir sin. Faoi Acht na Gaeltachta 2012, caithfidh daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith i mbaile, de réir an daonáirimh is deireanaí, chun gur féidir é a áireamh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

De thoradh próiseas comhairliúcháin poiblí a d’eagraigh an Roinn i samhradh 2014 roghnaíodh 16 baile a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar bhailte seirbhíse Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe sna bailte i gceist:

Contae Baile

Dún na nGall Leitir Ceanainn, An Clochán Liath agus Baile Dhún na nGall

Maigh Eo Béal an Mhuirthead, Baile an Róba agus Caisleán an Bharraigh

Gaillimh Cathair na Gaillimhe agus An Clochán

Ciarraí Daingean Uí Chúis, Trá Lí agus Cathair Saidhbhín

Corcaigh Cathair Chorcaí agus Maigh Chromtha

Port Láirge Dún Garbhán

An Mhí Baile Átha Buí agus An Uaimh

• Is é plean teanga BSG na Gaillimhe an tríú plean teanga atá ceadaithe. Ceadaíodh An Daingean agus Leitir Ceanainn roimhe seo.

• Tá plean teanga An Chlocháin Léith á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair agus tá ullmhú pleananna teanga ar bun i 5 cinn de bhailte faoi láthair - Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín, Corcaigh, Dún Garbháin agus Trá Lí. Ceaptar go bhféadfadh tús a bheith curtha gan rómhoill le hullmhú plean teanga don Chlochán

• Is é Foras na Gaeilge a bheidh freagrach as cabhrú le Gaillimh le Gaeilge sa chás seo chun an plean teanga a chur chun feidhme – ar nós na mbailte eile sa liosta thuas nach bhfuil sa Ghaeltacht. Is é Údarás na Gaeltachta atá freagrach as an trí bhaile thuas atá sa Ghaeltacht ie An Daingean, Béal an Mhuirthead agus An Clochán Liath.

• Cuirfear buiséad bliantúil suas le €80,000 in aghaidh na bliana ar fáil thar tréimhse 7 mbliana nuair atá pleananna ceadaithe faoin bpróiseas seachas Cathair na Gaillimhe agus Cathair Chorcaí; cuirfear buiséad bliantúil suas le €100,000 ar fáil sa dá chás sin.

• Is é plean teanga Bhearna agus Cnoc na Cathrach an 23ú plean do Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta atá ceadaithe go dáta faoin bpróiseas pleanála teanga. Tá dhá phlean á mheas ag an Roinn agus ceann amháin eile le cur faoi bhráid na Roinne i gcónaí (An Ghaeltacht Láir)

• Le ceadú LPT Bhearna, tá trí LPT atá páirt dóibh lonnaithe i gCathair na Gaillimhe ceadaithe –

o Bearna & Cnoc na Cathrach

o Oirthear Chathair na Gaillimhe

o An tEachréidh

• Tá 22 Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe sna LPT (18 nOifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Pleanála Teanga Cúnta)

• Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin

Tá tuilleadh sonraí faoin bpróiseas pleanála teanga ar fáil ag:

https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/an-proiseas-pleanala-teanga/