Fáiltíonn an tAire Martin agus Byrne roimh bhua thairiscint na hÉireann chun EURO 2028 a chomhóstáil
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, d’fháiltigh Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, roimh fhógra UEFA go n-óstálfaidh Éire agus an RA Craobhchomórtas EURO 2028 UEFA.
Tar éis cruinniú de Choiste Feidhmiúcháin UEFA ag a cheanncheathrú i Nyon, san Eilvéis, bronnadh Comórtas 2028 ar chomhpháirtíocht uathúil agus cheannródaíoch idir cúig chumann peile in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.
Óstálfaidh Éire an comórtas i gcomhpháirt leis an RA agus tabharfar deis iontach ann chun Éire agus ár dtairiscint turasóireachta den scoth a thaispeáint don Eoraip agus don domhan mór. Tugann bronnadh an chomórtais ar Éirinn agus ar an RA luach saothair as an gcomhoibriú dian Thuaidh-Theas agus Thoir Thiar in ullmhú agus i gcur i láthair na tairisceana. Tugtar deis iontach ann do chách chomh maith tógáil ar an gcomhpháirtíocht sin chun comórtas tábhachtach a sheachadadh do phobail ar fud na hÉireann agus an RA.
Tar éis comhoibrithe nach bhfacthas riamh cheana idir cumainn peile, comhpháirtithe rialtais, cathracha, staideanna agus páirtithe leasmhara eile ar fud na hÉireann agus an Ríocht Aontaithe, beidh sé seo ar an imeacht spóirt is mó a bhí againn le chéile riamh. Beidh sé ar an imeacht spóirt idirnáisiúnta aonair is mó a reáchtálfar in Éirinn freisin.
Oibreoidh an Rialtas leis an FAI agus comhpháirtithe eile chun a chinntiú go n-uasmhéadófar na tairbhí do chách agus chun an comórtas seo a dhéanamh ar an gceann is inbhuanaithe agus is cuimsithí riamh ar na hoileáin seo. Le linn EURO2028 cruthófar tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha fiúntacha do na pobail go léir a bheidh páirteach ann, meallfar níos mó imreoirí, leantóirí agus oibrithe deonacha ar fud ár dtíortha agus spreagfar iad chun páirt a ghlacadh sa spórt.
Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar:
"Tá áthas an domhain orm a chloisteáil go gcomhóstálfaidh Éire agus an Ríocht Aontaithe EURO 2028 UEFA. Beidh sé ar an imeacht is mó riamh a bheidh ar siúl ag an dá oileán ag obair le chéile. Táimid sásta infheistíocht a dhéanamh i Staid Aviva agus i bPáirc Mhic Easmainn lena chinntiú go bhfuil na staideanna, thuaidh agus theas, réidh le fáilte a chur roimh an domhan. Ba mhaith liom a chinntiú freisin go mbeidh buntáistí ann freisin do chlubanna peile ar fud na tíre agus táim ag tnúth le dul i dteagmháil leis na cumainn peile ar conas is féidir linn é sin a bhaint amach. Is spórt domhanda í an pheil, a imrítear ar gach mór-roinn agus tá sé tharchéimnitheach ó thaobh cine, aicme sóisialta nó inscne. Sílim gur féidir linn an comórtas seo a úsáid chun Éire a thaispeáint don domhan mór agus daoine a thabhairt le chéile."
Dúirt an tAire Catherine Martin:
"Fáiltím roimh bhronnadh chomórtas EURO 2028 ar Éirinn agus ar an RA. Bainfidh an tír buntáistí ollmhóra eacnamaíocha amach tríd an gcomórtas a óstáil, go háirithe dár dtionscal turasóireachta, agus meastar go dtiocfaidh breis agus 120,000 cuairteoir go hÉirinn don chomórtas. Beidh buntáistí ollmhóra eacnamaíocha ag an tír trí óstáil a dhéanamh ar an gcomórtas, go háirithe dár dtionscal turasóireachta, agus meastar go dtiocfaidh breis agus 120,000 cuairteoir go hÉirinn dó. Tá an cumas ag Euro 2028 rannpháirtíocht mhéadaithe ó gach cuid agus pobal dár sochaí a spreagadh agus chun spriocanna na hiarrachta a léiriú chun peil a sheachadadh do chách, peil a dhéanfaidh maitheas agus peil don todhchaí."
Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne:
"Tá lúcháir orm le cinneadh UEFA na cearta óstála do EURO 2028 a bhronnadh ar Éirinn agus ar an RA. Tá a fhios agam gur féidir linn comórtas iontach a óstáil do lucht leanúna peile a chuirfidh Éire ar stáitse an domhain. Tugann EURO 2028 deis iontach dúinn an cluiche a mhéadú tuilleadh in Éirinn agus oibreoimid le chéile chun a chinntiú go mbeidh oidhreacht dhearfach bhuan ag an gcomórtas a reáchtálfar anseo. Tá áthas ar leith orm go bhfuil Tuaisceart Éireann mar chuid den iarracht mhór seo mar go mbeidh 2028 ag comóradh tríocha bliain ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Molaim gach duine a bhfuil baint acu leis an toradh rathúil seo."
Dúirt an tArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath Daithí de Róiste:
"Tar éis an díomá a bhain leis an deis a chailleadh a bheith ina chomhóstach ar UEFA EURO 2020, tabharfar deis do Bhaile Átha Cliath a áit a ghlacadh in óstáil an ócáid spóirt is mó riamh a reáchtáladh anseo. Taispeánfar Baile Átha Cliath do lucht féachana teilifíse domhanda de na céadta milliún, chomh maith leis an iliomad leantóirí, cuairteoirí, geallsealbhóirí agus muintir na háite a dhéanfaidh a mbealach chun na cathrach le linn an chomórtais. Beidh fuadar iontach le brath! Oibreoidh an Chomhairle Cathrach lenár gcomhpháirtithe sa Rialtas agus leis an gCumann Peile chun a chinntiú go reáchtálfar sraith tionscnaimh fiúntacha i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre chun oidhreacht bhuan a chruthú ó EURO 2028."