Fógraíon an tAire Catherine Martin TD ceapadh beirt chomhaltaí agus athcheapadh comhalta amháin chuig Bord na Comhairle Ealaíon
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 29 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin ceapadh beirt chomhaltaí agus athcheapadh comhalta amháin chuig Bord na Comhairle Ealaíon:
- Rosaleen McDonagh
- Noyona Chundur
- Jillian Van Turnhout (Athcheapadh)
Mairfidh na ceapacháin ar feadh 5 bliana agus tagann siad tar éis ghlao oscailte ar léiriú spéise agus próiseas measúnaithe a d’fheidhmigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:
"Tá lúcháir orm beirt chomhaltaí nua den chéad scoth a cheapadh ar Bhord na Comhairle Ealaíon agus tréaslaím a gceapacháin leo. Tá an-áthas orm freisin Jillian Van Turnhout a cheapadh don dara téarma."
"Tá ról lárnach ag an mBord i rialú, maoirseacht agus treo stráitéiseach na Comhairle Ealaíon agus gabhaim buíochas le baill reatha agus nua an Bhoird as a gcuid ama a roinnt linn agus as tacú leis na healaíona. Guím gach rath ar na comhaltaí seo le linn a dtéarmaí agus gabhaim buíochas leo as glacadh leis na róil thábhachtacha seo.”
CRÍOCH
Scéalta na gComhaltaí a Ceapadh
Rosaleen McDonagh
Is bean faoi mhíchumas den Lucht Siúil í Rosaleen McDonagh as Sligeach ó dhúchas. D’oibrigh sí in Ionad Lucht Siúil & Romach Pavee Point ar feadh deich mbliana, ag bainistiú chlár Foréigin in aghaidh na mBan, agus tá sí fós ina ball boird. Tá BA ag Rosaleen i Léann an Bhíobla & na Diagachta, MPhil sa Léann Eitneach & Ciníoch & MPhil sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach, ar fad Ollscoil Northumbria. Is rannpháirtí rialta í san Irish Times agus scríobhann sí laistigh de chreat de pheirspictíocht fheimineach an Lucht Siúil. Áirítear ar shaothar McDonagh Mainstream, The Baby Doll Project, Stuck, She’s Not Mine, Rings agus Contentious Spaces. Ceapadh Rosaleen chuig Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas i mí Bealtaine 2020, áit a bhfuil sí ina cathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach um Míchumas.
In 2018, léirigh Fishamble dráma Rosaleen Running Out of Road san Ospidéal Ríoga i gCill Mhaighneann. Bhí Rosaleen ina scríbhneoir cónaithe le Tuti Theatre Company in Adelaide, san Astráil in 2019.
Tá Rosaleen faoi choimisiún Amharclann na Mainistreach faoi láthair, agus tá oiriúnú á scríobh aici ar A Dolls House le hIbsen. Tá Rosaleen ag obair ar dhá leabhar do Skein Press freisin. Cnuasach gearrscéalta atá sa chéad cheann dar teideal “Contentious Spaces”. Ina tríú leabhar “Bearings a Letter to Amy & Rosie Bridget”, tá litir chuig bean óg den Lucht Siúil agus litir chuig bean óg faoi mhíchumas.
Noyona Chundur
Tá Noyona Chundur ina Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle Tomhaltóirí Thuaisceart Éireann, tar éis di a bheith ina Comhalta Boird agus ina Cathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Dearbhaithe Riosca roimhe seo. Seachadann sí
timpeallacht rialála Thuaisceart Éireann um chosaint tomhaltóirí, le hainmniú sárghearán agus freagrachtaí reachtúla i bhfuinneamh, iompar, uisce agus séarachas, seirbhísí poist agus inrochtaineacht bia, agus achoimre maidir le cuimsiú airgeadais agus cúrsaí Imeachta ón AE.
Tá Noyona ina Stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin freisin ar an Progressive Building Society agus ina Ball Comhairle do Chumann Tráchtála agus Tionscail Thuaisceart Éireann. Is Stiúrthóir Cairte í trí Institiúid na Stiúrthóirí agus bhuaigh sí Stiúrthóir na Bliana san Earnáil Phoiblí ag Gradaim Institiúid na Stiúrthóirí 2023.
Is iar-Chathaoirleach í Noyona ar cheann de na féilte ealaíon is mó le rá i dTuaisceart Éireann, Féile Ealaíon Cheathrú na hArdeaglaise, mar chatalaíoch chun a tírdhreach cultúrtha a fhás agus chun lárionad cultúrtha Bhéal Feirste, Ceathrú na hArdeaglaise, a athnuachan trí infheistíocht a dhéanamh sna healaíona agus sa turasóireacht.
Sular thosaigh sí mar Phríomhfheidhmeannach ar an gComhairle Tomhaltóirí i mí Eanáir 2021, chaith sí 16 bliana i bhforbairt eacnamaíoch agus bhuaigh sí iliomad gradam a aithnítear go hidirnáisiúnta le haghaidh margaíochta agus nuálaíochta digití.
Jillian Van Turnhout
Bhí roinnt roil cheannaireachta ag Jillian Van Turnhout in Éirinn agus san AE trasna na n-earnálacha gnó, gnóthaí poiblí agus deonacha. Is comhairleoir í Jillian van Turnhout a sholáthraíonn comhairle rialachais do chuideachtaí agus eagraíochtaí seachbhrabúis.
Eascraíonn a saineolas rialachais ó níos mó ná cúig bliana is fiche ag fónamh agus ina cathaoirleach ar Bhoird mar aon lena creidiúnú aitheanta mar Stiúrthóir Cairte (CDir), agus Clár Stiúrthóirí Idirnáisiúnta INSEAD (IDP-C). Tá Jillian ag obair faoi láthair i dtreo creidiúnaithe mar Ghinealaí.
I dteannta leis an gComhairle Ealaíon, cuimsíonn a cuid oibre Boird faoi láthair an tÚdarás um Urrúis Phríobháideacha agus mar Iontaobhaí (Stiúrthóir) ar One in Four Ireland. Is iar-Sheanadóir neamhspleách í, iar-Leas-Uachtarán ar Chomhlacht Comhairleach an AE, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa; iar-Leas-Chathaoirleach, Gluaiseacht na hEorpa Éireann, Iar-Chathaoirleach, Luath-Óige
Éireann; iar-Phríomhfheidhmeannach ar an gComhaontas um Chearta Leanaí; iar-Phríomh-Choimisinéir Irish Girl Guides; agus iar-Uachtarán Chomhairle Náisiúnta na nÓg.
Tá Jillian ina comhbhunaitheoir ar an bhFóram Eorpach um an Óige. Bhronn Uachtarán na Fraince Chevalier de l’Ordre National du Mérite ar Jillian agus Comhaltacht Oinigh ó Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann.