Fógraíonn an tAire Byrne ardú ar dheontas laethúil do theaghlaigh agus brúanna Gaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 12 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 19 Meán Fómhair 2024
Ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí Gaeilge feidhmiú go rathúil, tá ardú ar na deontais a íoctar faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge á fhógairt inniu ag Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne T.D.
Beidh ardú €1 ar an deontas laethúil ó €12 go €13 a íoctar de ghnáth faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge na Roinne le theaghlaigh atá aitheanta faoin scéim agus €2.50 ar an deontas laethúil ó €7 go €9.50 a bhíonn á íoc leis na brúanna/scoileanna cónaithe atá aitheanta chun lóistín a sholáthar faoin scéim.
Tugann tábla thíos briseadh síos ar an méadú ó 2022:
Deontas laethúi | Ardú tugtha [2022] | Ráta nua 2024 |
Gnáthchúrsaí | €11 to €12 | €13 |
Brú/lóistín coláiste | €6 to €7 | €9.50 |
ERASMUS Gaeltachta | €20 to €21 | €22 |
ÁRAINN Gaeltachta | €32 to €33 | €34 |
Dúirt an tAire Byrne inniu:
"Tuigim an tábhacht a bhaineann le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ó thaobh na Gaeltachta de, ach freisin ó thaobh an taithí saoil luachmhar a fhaigheann lucht freastail na gcúrsaí agus iad tumtha sa teanga sa Ghaeltacht. Is iad na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil cnámh droma na scéime seo agus ba mhaith liom é sin a aithint. Tá áthas orm a fhógairt gur seo an tríú méadú dá leithéid atá ceadaithe do Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le linn shaolré an rialtais seo. Ar an iomlán, is ionann é agus fás beagnach 30% ar an ráta laethúil atá iníochtha le teaghlaigh, ach i gcomhthéacs na scoileanna cónaithe agus brúanna, is méadú 90% atá i gceist ó €5 go €9.50.”
CRÍOCH
Nóta don Eagarthóir
Is é cuspóir Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) - atá ar an scéim is sine atá á riar ag an Roinn, tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus tríú leibhéal na tíre.
De thoradh an ardaithe atá fógartha, beidh ciste foriomlán ar fiú tuairim is €5.5m á infheistiú go bliantúil feasta ag an Roinn ar leas na hearnála.
Ardú an deontais go dtí €13 - sampla ar thionchar an ardaithe ar theach a mbíonn 13 foghlaimeoirí ar iostas leo
• 13 foghlaimeoirí x 20 oíche x 3 chúrsa trí seachtaine x €1.00 = €780.00