Fógraíonn an tAire Catherine Martin maoiniú níos mó ná €1.1m do Chultúr Éireann
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 10 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, maoiniú níos mó ná €1.1 milliún chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí Chlár Deontas Chultúr Éireann.
Rachaidh an maoiniú chun tairbhe do 156 tionscadal in 33 tír, lena n-áirítear sorcas, damhsa, scannán, litríocht, ceol, drámaíocht, na hamharc-ealaíona agus tionscadail ildhisciplíneacha.
Ag fógairt na ngradam, dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm an t-éileamh láidir ar shaothar ealaíontóirí Éireannacha ar fud an domhain a fheiceáil agus an earnáil ag leanúint ar aghaidh ag forbairt agus ag athnuachan. Léiríonn na tionscadail seo fíor-éagsúlacht ealaíona comhaimseartha na hÉireann agus cáil na n-ealaíontóirí Éireannacha ar stáitse idirnáisiúnta.”
I measc na dtionscadal tá:
• Sorcas: tar éis a thaispeántais ag FiraTàrrega in 2022, leanann Hands Down Circus ar camchuairt idirnáisiúnta agus dátaí acu in Andóra, san Astráil agus sa Chróit.
• Rince: Dátaí camchuairte do raon tionscadal lena n-áirítear: How To Be A Dancer in Seventy-Two Thousand Easy Lessons le Teach Damhsa in Théatre de la Ville, Páras (Nollaig 2023); Fall and Float le Mónica Munoz ar camchuairt go Málta, an Ghearmáin agus an Iorua; Tempo Rubato le Alexandre Iseli in Tenerife (An Spáinn).
• Scannáin: Tacaíocht leanúnach do léiriú scannáin Éireannacha ag príomhfhéilte lena n-áirítear Féile Scannán Newport Beach, California, SAM; Féile Scannáin Éireannacha san Astráil 2023; Féile Scannáin Éireannacha San Francisco.
• Litríocht: scríbhneoirí Éireannacha ag féilte liteartha éagsúla lena n-áirítear Féile Litríochta Cheltenham, GB; Lit Festival Harare, An tSiombáib; Féile Idirnáisiúnta Litríochta, Beirlín, an Ghearmáin.
• Ceol: Tacaíocht do 44 chamchuairt idirnáisiúnta ar fud an domhain a chlúdaíonn raon ealaíontóirí agus seánraí lena n-áirítear Yune Pinku (An Astráil), Joshua Burnside (An Eoraip), Modernlove (An Bhreatain/An Eoraip/SAM), Pillow Queens (An Eoraip), New Pagans (An Bhreatain/An Eoraip), Dervish (SAM), Mick Flannery (SAM/Ceanada), Somebody's Child (An Bhreatain/SAM), Sorcha Richardson (SAM/Ceanada), Lankum (SAM), Anna Mieke (SAM/Ceanada), Karan Casey (SAM), Ye Vagabonds (An Bhreatain), agus Sprints (An Bhreatain/An Íoslainn/SAM).
• Amharclannaíocht: Camchuairteanna idirnáisiúnta le Fishamble: The New Play Company (KING); Brokentalkers and Adrienne Truscott (Masterclass), Kabosh (Green & Blue); Dan Colley/Riverbank (A Very Old Man with Enormous Wings).
• Amharc-ealaíona: Taispeántais idirnáisiúnta le healaíontóirí Éireannacha lena n-áirítear Aideen Barry (An Ungáir), Jesse Jones (BM), Orla Barry (An Bheilg), Rod Coyne & Anja Coyne (An Ghearmáin) agus i dtreo láithreacht na hÉireann ag aontaí ealaíne idirnáisiúnta lena n-áirítear The Armory Show (Nua-Eabhrac), agus Aonach Ealaíne Frieze (BM)
• Ildhisciplíneach: Tacaíocht leanúnach do chlár ealaíon agus cultúir na hÉireann ag príomhfhéilte agus ionaid lena n-áirítear Ionad Cultúrtha na hÉireann Hammersmith (BM), Ceol agus Rince Éireann Londain (BM) agus Féile Éireann Tyneside (BM).
Tá liosta iomlán d’fhaighteoirí an bhabhta deontais seo anseo.