English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Catherine Martin scrúdú neamshpleách cuimsitheach ar RTÉ

Tar éis comhaontú a comhghleacaithe Rialtais ar maidin, d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., go mbeidh sí ag coimisiúnú scrúdú neamhspleách cuimsitheach ar Raidió Teilifís Éireann (RTÉ), comhdhéanta de dhá athbhreithniú comhuaineach ar leith:

  • Athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr; agus,
  • Athbhreithniú ar Tháillí Conraitheora, Acmhainní Daonna (AD) agus nithe eile.

Beidh na hAthbhreithnithe faoi stiúir dhá Choiste Chomhairleacha ar leith ar a mbeidh triúr a dhéanfaidh maoirseacht ar obair gnólacht seirbhísí gairmiúla a cheapfar chun cabhrú leis na hathbhreithnithe soláthair. Oibreoidh na Coistí Comhairleacha Saineolaithe ag an am céanna agus comhordóidh siad nuair is féidir agus gheobhaidh siad tacaíocht freisin ó fhoireann ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Rinne an tAire cinneadh an scrúdú neamhspleách a choimisiúnú tar éis nithe a tháinig chun solais le coicís anuas, a léirigh teipeanna fíor-thromchúiseacha uafásacha laistigh de RTÉ. Mar thoradh ar na teipeanna sin, chaill RTÉ muinín an phobail agus a fhoirne féin. I bhfianaise a ríthábhachtaí atá craolachán seirbhíse poiblí dár ndaonlathas, dár gcultúr agus dár sochaí, tá sé ríthábhachtach go n-athbhunófar muinín agus an phobail as RTÉ.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

"Ó craoladh Raidió Éireann den chéad uair, chuir RTÉ spás poiblí ar fáil do mhuintir na hÉireann chun labhairt lena chéile agus faoina chéile. Tugann sé léargas ar shochaí na hÉireann, an chuid is fearr dár sochaí mar aon leis na héagóracha, na gnéithe soiléire agus faoi cheilt araon. Agus é sin á dhéanamh, tá RTÉ á chothú ní hamháin ag obair dhícheallach na foirne thar na blianta agus ag muinín an phobail.

"Cailleadh an muinín sin. Sa scrúdú neamhspleách, bunriachtanach ar RTÉ atá á fhógairt agam inniu, cuirfear tús lenár n-iarrachtaí chun an muinín sin a atógáil.”

Is é cuspóir an scrúdaithe an muinín sin a atógáil trí athbhreithniú leathan agus neamhspleách ar bhunchúiseanna na dteipeanna in RTÉ agus trí bhearta a mholadh chun nach dtarlóidh siad arís amach anseo.

Chun taca a chur faoi obair na gCoistí, gairfidh an tAire a cumhachtaí faoi alt 109(7)(a) den Acht Craolacháin 2009 chun cuntasóir fóiréinseach a cheapadh chun leabhair nó taifid chuntais eile RTÉ a scrúdú i leith aon bhliain airgeadais nó tréimhse eile. Díreoidh an cuntasóir fóiréinseach ar an gcuntas babhtála agus ar aon chuntais eile nach bhfuil ar an gclár comhardaithe.

De réir mar a théann an scrúdú ar aghaidh, féadfaidh an tAire a raon feidhme a leathnú chun aon chinntí breise a chur san áireamh, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as obair an Choiste um Chuntais Phoiblí (PAC), an Chomhchoiste Oireachtais um Thurasóireacht, Chultúr, Ealaíona, Spórt agus na Meáin agus tuarascálacha Grant Thornton.

Táthar ag súil go dtógfaidh an scrúdú sé mhí ó thús na hoibre. Tabharfar tuarascálacha eatramhacha don Aire ar a ndul chun cinn. Tabharfar treoir sa scrúdú críochnaithe d’fhorbairt plean feidhmithe a thabharfaidh aghaidh ar na moltaí a dhéánfar.

Dé hAoine, an 7 Iúil, buailfidh an tAire le Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst, agus le Cathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, chun plé a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhoibreoidh RTÉ agus a éascóidh siad críochnú an scrúdaithe agus bearta a ghlacfaidh siad láithreach bonn chun muinín as RTÉ a atógáil.

Athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr in RTÉ

Aithneofar sa chéad chuid den scrúdú aon teipeanna nó laigí sa rialachas corparáideach nó sa chultúr eagraíochtúil ar dócha gur chuir siad le torthaí Thuarascáil Grant Thornton a choimisiúnaigh RTÉ maidir le híocaíochtaí áirithe agus ganniontrálacha tuillimh i dtréimhsí 2017-2019 agus 2021-2022.

Is iad téarmaí tagartha na gné seo:

i) Scrúdú a dhéanamh ar chreat rialachais chorparáidigh RTÉ agus comhairle a chur ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i dtaobh na nithe seo a leanas:

(a) go léirítear sa chreat rialachais choparáidigh an cleachtas rialachais is fearr do Chomhlachtaí Stáit Tráchtála mar a leagtar amach sa Chód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit;

(b) go gcomhlíontar sa chreat na forálacha reachtaíochta ábhartha a bhaineann le RTÉ; agus

(c) go bhfuli córas láidir rialachais inmheánaigh sa chreat, lena n-áirítear roinnt freagrachtaí, nósanna imeachta oibriúcháin, seiceálacha inmheánacha a bhaineann le comhthéacs eagraíochtúil RTÉ agus treoir agus maoirsiú an Bhoird Feidhmiúcháin agus Bhord RTÉ. Áireofar leis sin scrúdú ar an gcuntas babhtála agus ar a rialachas.

ii) Aon áit gur féidir, moltaí a dhéanamh don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le hathruithe ar chreat rialachais chorparáidigh RTÉ chun cuntasacht láidir phoiblí a chinntiú.

iii) Measúnú a sholáthar ar aon saintréithe cultúrtha eagraíochtúla agus bealaí chun gnó a dhéanamh laistigh de RTÉ, lena n-áirítear meanma agus rannpháirtíocht na foirne, chomh maith le tionchar ghníomhaíochtaí ioncam tráchtála RTÉ ar a sainchúram seirbhíse poiblí, a aithnítear san athbhreithniú ar rialachas corparáideach nó eile, a chur le torthaí athbhreithnithe Grant Thornton a choimisiúnaigh RTÉ maidir leis na ró-íocaíochtaí a rinneadh i dtréimhsí 2021-2022 agus 2017-2019 araon.

iv) Ag eascairt ón measúnú seo, moltaí a dhéanamh chun cultúr eagraíochtúil a athchóiriú, a thacaíonn le rannpháirtíocht na foirne agus timpeallacht dhearfach oibre, agus chun eagraíocht níos oscailte, níos trédhearcaí agus níos cuntasaí a sholáthar.

Is iad seo a leanas comhaltaí an Choiste Shainchomhairligh a dhéanfaidh maoirseacht ar an athbhreithniú seo:

• An tOllamh Niamh Brennan, Cathaoirleach;

• An Dr Margaret Cullen; agus,

• an tríú comhalta a cheapfar sna laethanta amach romhainn.

Athbhreithniú ar Tháillí Conraitheora, Acmhainní Daonna (AD) agus nithe eile.

I gcomhthéacs imní maidir le fostú conraitheoirí, lena n-áirítear iad siúd ar chonarthaí fostaíochta gearrthéarmacha, agus cleachtais Acmhainní Daonna níos leithne in RTÉ, chinn an tAire go ndíreoidh an dara cuid den scrúdú ar na hábhair seo.

Is iad téarmaí tagartha an Athbhreithnithe seo:

i) Scrúdú a dhéanamh ar an maoirseacht agus ar na meicníochtaí trína bhfostaíonn RTÉ láithreoirí agus conraitheoirí, lena n-áirítear táillí, úsáid gníomhairí, an tionchar ar chostais a iompraíonn RTÉ agus a rialachas;

ii) Scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna a eascraíonn as úsáid conarthaí fostaíochta gearrthéarmacha ag gach leibhéal;

iii) Téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a scrúdú le béim ar leith ar chomhionannas inscne, éagsúlacht agus cuimsiú; agus cibé an bhfuil tionchar ag aon cheann de na cleachtais earcaíochta agus AD atá ann cheana féin, go háirithe iad sin a leagtar amach thuas, ar chomhionannas agus deiseanna;

iv) Moltaí a dhéanamh don Aire maidir leis na nithe thuas.

Is iad seo a leanas comhaltaí an Choiste Shainchomhairligh a dhéanfaidh maoirseacht ar an athbhreithniú seo:

• Brendan McGinty, Cathaoirleach;

• Patricia King; agus,

• an tríú comhalta a cheapfar sna laethanta amach romhainn.

Sa scrúdú cuimsitheach a d’fhógair an tAire inniu déanfar grinnscrúdú ar rialachas, ar chultúr agus ar chleachtais RTÉ ar bhealach nach bhfacthas riamh roimhe. Tá na bearta seo riachtanach chun a chinntiú go bhfuil craoladh seirbhíse poiblí oscailte, trédhearcach agus cuntasach don phobal.

Nótaí don eagarthóir

Beathaisnéisí chomhaltaí na gCoistí Sain-Chomhairleacha

An tOllamh Niamh Brennan

Is Ollamh le Bainistíocht Michael MacCormac sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Bunaitheoir/Stiúrthóir Acadúil ar Ionad Rialachais Chorparáidigh COBÁC í an tOllamh Niamh Brennan. Is céimí chéad onóracha den chéad scoth san Eolaíocht (Micribhitheolaíocht agus Bithcheimic) de chuid COBÁC í, cháiligh an tOllamh Niamh Brennan mar chuntasóir cairte le KPMG, tá PhD aici ó Ollscoil Warwick agus tá sí ina Stiúrthóir Cairte ar Institiúid na Stiúrthóirí (Londain).

Mar aitheantas ar a cuid taighde, toghadh Niamh chuig Acadamh Ríoga na hÉireann in 2020, an onóir acadúil is airde in Éirinn, an chéad acadóir scoile gnó a fuair aitheantas.

Iarchathaoirleach an Choláiste Náisiúnta Ealaíne & Deartha agus Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, tá stiúrthóireachtaí neamhfheidhmiúcháin aici le hOspidéal na Leanaí, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Banc Uladh, Co-operation Ireland, Coillte, Lifetime Assurance (fochuideachta árachais saoil Bhanc na hÉireann) agus roinnt cuideachtaí príobháideacha, agus tá/bhí sí ina ball de choistí iniúchta iomadúla.

Bhí sí ina cathaoirleach ar Choimisiún Rialtas na hÉireann ar Bhainistíocht Airgeadais agus ar Chórais Rialaithe sna Seirbhísí Sláinte agus bhí sí ina Leas-Chathaoirleach ar Ghrúpa Athbhreithnithe ar Iniúchóireacht Rialtas na hÉireann. Is Comhalta Oinigh Tionscnaimh í Niamh de chuid Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn agus Comhalta Oinigh de Chumann na nAchtúirí in Éirinn.

Brendan McGinty

Is saineolaí ceannasach é Brendan ar straitéis daoine, caidreamh fostaithe, beartas fostaíochta, bainistíocht athraithe agus réiteach díospóidí. In Stratis, tacaíonn Brendan agus a chomhghleacaithe le heagraíochtaí atá ag iarraidh feabhsuithe a threorú i réimsí an Chaidrimh Fostaíochta Straitéisigh, na Straitéise Daoine agus an Pholasaí san Ionad Oibre. Tugann sé taithí gairme, eolas agus léargas chun leasa na gcliant maidir le bheith i gceannas ar straitéisí daoine agus ag tacú le ceannairí sinsearacha ar cheisteanna íogaire fostaíochta agus straitéise daoine.

Téann Brendan i dteagmháil le ceardchumainn, leis an rialtas, le gníomhaireachtaí stáit, le páirtithe leasmhara eile agus tá an-tuiscint aige ar bheartas fostaíochta Náisiúnta agus Eorpach.Tá sé ina Chathaoirleach ar Bhord Skillnet Ireland, an ghníomhaireacht náisiúnta tacaíochta gnó atá tiomnaithe d’fhorbairt lucht saothair in Éirinn.

Tá Brendan ina Chathaoirleach freisin ar Bhord Rialaithe Choláiste Náisiúnta na hÉireann agus is ball é de Bhord an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre. Tá Brendan paiseanta faoi cheisteanna forbartha lucht saothair agus cabhrú le heagraíochtaí agus oibrithe ullmhú do ‘thodhchaí na hoibre’. D’oibrigh sé roimhe seo le heagraíocht gnó náisiúnta na hÉireann IBEC, áit a raibh gairm bheatha rathúil aige mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Chaidreamh Tionsclaíoch agus Seirbhísí Acmhainní Daonna.

Patricia King

Iar-Rúnaí an ICTU. Is iar-Leas-Uachtarán í ar SIPTU agus bhí sí ar dhuine de bheirt leas-Uachtarán na Comhdhála freisin. Bhí sí ina hoifigeach lánaimseartha le SIPTU le breis agus 25 bliana, agus ba í an chéad bhean a d’fheidhmigh mar oifigeach náisiúnta den cheardchumann nuair a ceapadh ina Leas-Uachtarán í, i mí Bealtaine 2010. Rinne sí ionadaíocht ar oibrithe i ngach réimse den gheilleagar, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon.

Bhí Patricia ina príomh-idirbheartaí i gcomhaontuithe Pháirc an Chrócaigh agus Bhóthar Haddington. Bhí príomhról aici in aighneas Irish Ferries (2005/6) agus in idirbheartaíochtaí ina dhiaidh sin a chonacthas athchóiriú ar an dlí um chearta fostaíochta.

Tá Patricia ar bhord na Seirbhíse Cúirte faoi láthair agus is ball í den Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide agus den Choimisiún Tithíochta.

An Dr Margaret Cullen

Tá an Dr Margaret Cullen ina comhairleoir rialachais d’Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn (IoD) agus ina measúnóir boird le seirbhís meastóireachta boird IoD. Is speisialtóir í i réimsí rialachais chorparáidigh, baincéireachta agus cistí infheistíochta. Tá PhD ag Margaret i rialachas ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ina taighde dochtúireachta rinne sí iniúchadh ar ról agus éifeachtacht na mbord stiúrthóirí i rialachas cistí infheistíochta. Foilsíodh ailt taighde a scríobh sí. Tá suim ar leith ag Margaret i réimsí rialachais éifeachtacht an bhoird, próisis, dinimic agus cinnteoireacht, cultúr corparáideach agus boird, maoirseacht, freagracht shóisialta chorparáideach, córais rialachais inmheánaigh agus luach saothair feidhmeannach. Sular chríochnaigh sí a taighde dochtúireachta, d’oibrigh Margaret ar feadh 12 bhliain i dtionscal na seirbhísí airgeadais áit a bhfuair sí taithí shuntasach sna réimsí seo a leanas: bainistíocht cistíochta, rialáil cistí infheistíochta, comhlíonadh agus bainistíocht riosca.

Tar éis di a taighde dochtúireachta a chríochnú chuaigh Margaret isteach san Institiúid Baincéireachta mar Stiúrthóir Oideachais Feidhmiúcháin. Dhear sí agus reáchtáil sí Cláir Stiúrthóir Banc Deimhnithe agus Stiúrthóir Ciste Infheistíochta Deimhnithe an Institiúid Baincéireachta ó 2012. Bhí Margaret ina Príomhfheidhmeannach bunaidh agus ina Stiúrthóir Acadúil ar The Certified Investment Fund Director Institute (CIFDI), saininstitiúid de chuid an Institiúid Baincéireachta a dhíríonn ar chaighdeáin ghairmiúla a ardú i rialachas cistí infheistíochta trína Clár CIFD. Mhúin Margaret rialachas cistí infheistíochta ar an gclár ar feadh ocht mbliana suas go dtí Aibreán 2020.

Tá Margaret ina léachtóir i Scoil Ghnó Smurfit UCD ó 2007 i leith agus í ag tabhairt léachtaí ar an Dioplóma Gairmiúil i Rialachas Corparáideach i réimsí freagrachtaí stiúrthóirí, luach saothair feidhmeannach agus dreasachtaí agus gnéithe iompraíochta na mbord. Faoi láthair tá sí ina Comh-Stiúrthóir Acadúil ar Chlár CBD an IoB ar bhonn comhlach agus tugann sí léachtaí ar rialachas bainc ar an gclár. Tá roinnt post mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ag Margaret.