Fógraíonn an tAire Martin 5 Ealaíontóirí Cónaithe nua faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 23 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 23 Aibreán 2021
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D. 5 ealaíontóirí cónaithe nua faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023. Roghnaíodh na healaíontóirí i gcomhar le comhpháirtithe na scéime: Ardmhúsaem na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Cartlann Náisiúnta na hÉireann, an Chartlann Mhíleata agus Thar 2022 Amach, Taisce Taifead Fhíorúil na hÉireann.
Is iad an cúigear ealaíontóirí: Anthony Haughey (Ardmhúsaem na hÉireann), Julie Morrissy (Leabharlann Náisiúnta na HÉireann), John Beattie (Cartlann Náisiúnta na hÉireann), Studio 9 (An Chartlann Mhíleata) and Mairéad McClean (Thar 2022 Amach).
Léireoidh na healaíontóirí seo na bailiúcháin shaibhre atá ag na hóstaigh agus oibreoidh siad leo chun píosaí nuálacha agus saothair shamhlaíocha a chruthú chun tacú leis an lucht féachana atá ag na bailiúcháin cheana féin, agus chun daoine nua a mhealladh chomh maith chuig na Forais Náisiúnta Cultúir agus forais eile.
Agus na 5 ealaíontóirí roghnaithe á bhfógairt aici, dúirt an tAire Martin:
“Agus muid ag tabhairt faoin tréimhse dheireanach agus is íogairí de chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023, is féidir leis na healaíontóirí seo roinnt dár mbunfhoinsí saibhre a léiriú don phobal ar bhealaí tarraingteacha agus cruthaitheacha. Beidh ról tábhachtach ag iarrachtaí ealaíonta agus cruthaitheacha faoin gcomhpháirtíocht seo agus faoi chinn eile i spreagadh daoine ó gach traidisiún chun mhachnamh, iniúchadh agus díopsóireacht a dhéanamh ar cheisteanna dúshlánacha agus deacra le linn na trí bliana atá fágtha sa chlár.
Díríonn scéim na n-ealaíontóirí cónaithe faoi chlár 2021 ar chúig fhoras a choimeádann agus a léiríonn ábhar a bhfuil baint dhíreach aige leis an tréimhse agus ar lucht féachana nua a mhealladh chuig na bailiúcháin stairiúla. Déanann clár níos leithne na gcuimhneachán iniúchadh ar bhealaí nua chun an chuid seo dár stair a phlé agus fiosrú stairiúil údarach a thacú maidir leis an tréimhse seo, mar aon le húsáid acmhainní cartlainne a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm ag an gclár, chomh maith, tacú le healaíontóirí agus tábhacht fiosraithe ealaíonta a léiriú le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Tá gach ceann de na cúig fhoras ag plé le healaíontóir roghnaithe ó dhisciplín áirithe (ag brath ar riachtanais shaincheaptha an fhorais sin) chun machnamh a dhéanamh ar bhailiúcháin agus ar théamaí áirithe i raon Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Dúirt an tAire Martin:
“Is mór an t-ardú croí a thugann leibhéal, éagsúlacht agus caighdeán na hoibre atá ar siúl ag na healaíontóirí go léir a chur isteach ar ról leis na comhpháirtíochtaí faoin scéim nua seo. Táim ag súil go bhforbróidh na healaíontóirí roghnaithe, mar aon lena n-óstaigh, saothair speisialta agus nua a spreagfaidh an lucht féachana atá ann faoi láthair agus a mheallfaidh lucht féachana nua chuig ár mbailiúcháin luachmhara náisiúnta. Tugann an scéim seo deis do chúig ealaíontóirí cruthaitheacha comhaimseartha chun a gcleachtadh cruthaitheach a fhorbairt i gcomhar lena n-óstaigh, rud atá an-tábhachtach.”
Críoch
Nótaí d’Eagarthóirí
Cuirfidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú €125,000 ar fáil in 2021 do chomhpháirtithe chun tacú le scéim na nEalaíontóirí Cónaithe mar chuid de chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.
Tá gach comhpháirtí tar éis a ealaíontóir cónaithe féin a roghnú bunaithe ar na critéir a cuireadh in iúl agus bunaithe ar théamaí Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Is féidir teacht ar riachtanais fhorais na scéime seo in 2021 Item was unpublished or removed