Fógraíonn an tAire Martin agus an tAire Humphreys Eisiúint Taifid Stairiúla Bhreise ar Líne maidir le Clárú Sibhialta
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 27 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Is féidir féachaint ar bhliain bhreise de Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna stairiúla anois ar an suíomh gréasáinwww.irishgenealogy.ie. I measc na dtaifead atá le fáil ar líne anois tá:
• Taifid chlár na mbreitheanna – 1864 go 1922
• Taifid chlár na bpóstaí – 1845 go 1947
• Taifid chlár na mbásanna – 1864 go 1972
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, TD Catherine Martin, fáilte roimh an eisiúint is déanaí seo:
"Is chuid den chomhpháirtíocht leanúnach idir mo Roinn féin agus an Roinn Coimirce Sóisialaí an eisiúint seo de bhliain bhreise maidir le sonraí cláir ar shuíomh gréasáin Ghinealas na hÉireann, mar a sholáthraíonn an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta."
"Is é aidhm an tionscadail leanúnaigh seo na taifid stairiúla sin go léir a chur ar fáil saor in aisce agus go héasca do gach ball den phobal trí shuíomh gréasáin www.irishgeneaology.ie."
"Tá mé cinnte go gcuirfidh cuairteoirí nua agus cuairteoirí atá ag filleadh ar an suíomh, fáilte roimh na taifid úra seo le haghaidh taighde leanúnach".
Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, TD Heather Humphreys:
"Tugann na sonraí saibhre i dtaifid shibhialta na mbreitheanna, na mbás agus na bpóstaí tuiscint níos fearr dúinn ar nósanna maireachtála agus ar chaidreamh ár sinsear."
"Tugann taifid chláraithe shibhialta tuiscint an-láidir dúinn ar ár mbunús agus tugann siad rochtain éasca dár saoránaigh agus do dhiaspóra na hÉireann ar an saibhreas seo de stair mhuintire."
"Mar sin, cuirim fáilte mhór roimh an gcomhpháirtíocht leanúnach idir an dá Roinn, rud a chuir ar ár gcumas an t-eolas is déanaí seo a chur ar fáil go héasca ón lá inniu ar aghaidh."
CRÍOCH
Nóta d'Eagarthóirí;
Is iad na taifid atá á seoladh iontrálacha Chlár na mBreitheanna do 1922, iontrálacha Chlár na bPóstaí do 1947 agus iontrálacha Chlár na mBásanna do 1972. Léiríonn na hiontrálacha seo faisnéis thábhachtach a bhíonn ag teastáil go minic chun cabhrú le daoine teacht ar eolas faoina sinsir.
I gcás Breitheanna tá:
• Céadainm/Céadainmneacha Leanaí
• Sloinne Leanaí
• Dáta Breithe
• Áit Bhreithe
• Ainm agus Seoladh an Athar
• Ainm na Máthar agus Sloinne na Máthar Roimh Phósadh
• Slí Bheatha an Athar
• Síniú an Fhaisnéiseora (An duine a chláraigh an bhreith)
• Dáta Cláraithe na Breithe
I gcás Póstaí tá:
• Suíomh an Phósta
• Dáta an Phósta
• Céadainmneacha & Sloinnte na Brídeoige agus an Ghrúim
• Aois ag am an Phósta
• Staid (i.e. Baitsiléir, Bean shingil nó Baintreach)
• Slí Bheatha na Brídeoige agus an Ghrúim
• Ainmneacha agus Seoltaí Aithreacha na Brídeoige agus an Ghrúim
• Gairmeacha Aithreacha na Brídeoige agus an Ghrúim
• Síniú na Brídeoige agus an Ghrúim
• Síniú Finnéithe
I gcás Básanna tá:
• Dáta agus Áit an Bháis
• Ainm agus Sloinne an té a fuair bás
• Fear nó Bean
• Staid an té a fuair bás ((i.e. Baitsiléir, Bean shingil nó Baintreach)
• Aois ar an Lá Breithe deireanach
• Aicme, Gairm nó Slí Bheatha an té a fuair bás
• Cúis an Bháis agus Fad an Tinnis
• Síniú, cáilíocht agus áit chónaithe an fhaisnéiseora
• Dáta an chláraithe
Is iad seo a leanas na blianta a chlúdaíonn taifid stairiúla na mBreitheanna, na bPóstaí agus na mBásanna atá ar fáil ar shuíomh gréasáin www.irishgenealogy.ie:
Breitheanna: 1864 go 1922
Póstaí: 1845* go 1947
Básanna: 1871** go 1972
- Níor cuireadh tús le Clárú Sibhialta Póstaí san Eaglais Chaitliceach Rómhánach go dtí 1864.
- Tá an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta ag obair faoi láthair ar nuashonrú a dhéanamh ar na taifid eile de Bhásanna a théann siar go dtí 1864. Cuirfear iad sin san áireamh i nuashonruithe amach anseo ar na taifid atá ar fáil ar an láithreán gréasáin.
Gach bliain cuirtear iontrálacha breise breithe, pósta agus báis leis an suíomh gréasáin.
Tá an láithreán gréasáin saor in aisce agus ní gá síntiús a fháil ná clárú chun é a úsáid.
Méadú suntasach ar thaifid atá ar fáil le hathnuachan 2022:
Breith 1922:
Eamonn Andrews, CBE (19 Nollaig 1922 – 5 Samhain 1987). I Sráid Synge, Baile Átha Cliath, a rugadh é, mac le William Andrew agus Margarte nee Farrell.
Ba láithreoir raidió agus teilifíse Éireannach é Andrews agus is dócha gur fearr aithne air mar láithreoir an chláir a bhíodh ar siúl ar feadh na mblianta sa Ríocht Aontaithe "This is your life", 1955 go 1987.
Idir 1960 agus 1964, bhí Andrews ina chathaoirleach ar Údarás Raidió Éireann (Údarás RTÉ anois), áit a ndearna sé maoirseacht ar theilifís stáit a thabhairt isteach i bPoblacht na hÉireann agus ar bhunú RTÉ mar eagraíocht neamhspleách leathstáit.
