Fógraíonn an tAire Martin dáta oscailte Dhuais Markievicz do 2024
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 8 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 27 Meitheamh 2024
Fógraíonn an tAire Martin dáta oscailte Dhuais Markievicz do 2024
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, inniu (08/03/2024) scéim sparánachta Dhuais Markievicz 2024 d’ealaíontóirí. Osclófar an Scéim le haghaidh iarratas ar líne ar an 7 Bealtaine trí shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon agus dúnfar é ag 5:30in ar Déardaoin 6 Meitheamh 2024.
Bronnfar €25k ar suas le 10 n-ealaíontóir (ealaíontóirí ag obair ina n-aonar nó i gcomhar le healaíontóirí eile) faoin scéim. Téann an Roinn i gcomhpháirt leis an Chomhairle Ealaíon ar riar na scéime agus fógróidh an tAire faighteoirí na nduaiseanna do 2024 sa tsamhradh. Beidh treoir d’Iarrthóirí ar an Duais ar fáil roimh ré.
Cruthaíodh Duais Markievicz chun tacú le healaíontóirí chun a gceard a fhorbairt agus saothar den scoth a chruthú, a aithníonn agus a dhéanann ceiliúradh ar ról na mban sa tréimhse 1912-1923 agus ar aghaidh.
Dúirt an tAire Martin:
“Le Duais Markievicz, tugtar urraim do Constance de Markievicz – arbh ealaíontóir í féin – agus tugtar tacaíocht d’ealaíontóirí ó gach cúlra atá i dul i mbun foirmeacha éagsúla ealaíne chun saothar nua a chruthú ina léirítear ról na mban in Éirinn sa 20ú Aois agus ina dhiaidh sin. Is é 2024 an séú bliain den scéim rathúil seo agus tá tairbhe bainte ag níos mó ná 40 ealaíontóir, agus iad i mbun cruthaitheachta in go leor foirmeacha ealaíne difriúla, as an €1m, nach mór, a bronnadh faoin scéim go dtí seo.”
Ón 7 Bealtaine i leith, beidh an scéim ar oscailt d’ealaíontóirí atá i mbun oibre i ngach foirm ealaíne lena dtacaíonn an Chomhairle Ealaíon. I bhfianaise thábhacht ghluaiseacht athbheochan na Gaeilge le linn na réabhlóide, agus freagrachtaí leanúnacha sainiúla na Roinne maidir le tacú leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht, bronnfar ceann de na duaiseanna ar ealaíontóir atá ag obair sa Ghaeltacht agus trí mheán na Gaeilge, an fhad is a bhaineann siad an caighdeán cuí amach. Spreagtar iarratais faoin scéim ó dhaoine nó grúpaí laistigh de phobail atá éagsúil ó thaobh an chultúir de, agus ó dhaoine faoi mhíchumas.
Dúirt an tAire Martin é seo chomh maith:
“Tá ríméad orm gur féidir liom leanúint ar aghaidh ag tacú le healaíontóirí leis an Duais Markievicz, toisc go bhfuil sé chomh tábhachtach go leantar ar aghaidh ag léiriú ról na mban inár stair agus deireadh tagtha le Deich mBliana na gCuimhneachán. Tá ról tábhachtach ag faighteoirí na nduaiseanna go dtí seo, trína samhlaíocht chruthaitheach agus a saothar nua atá ag teacht chun cinn, sa phlé leanúnach ar an ról éagsúil agus barrthábhachtach a bhí ag mná in Éirinn 100 bliain ó shin, agus sna céad bliain a chuaigh thart ó shin.”
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Táimid an-sásta tacaíocht a thabhairt don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus iad ag riair Dhuais Markievicz, a thugann tacaíocht ríthábhachtach d’ealaíontóirí ar fud na hÉireann. Faoin scéim sparánachta seo tugtar onóir d’oidhreacht Constance de Markievicz, an chéad bhean in Éirinn a toghadh go dtí an Dáil agus a ceapadh ar an gcomhaireacht, agus mar sin is oiriúnach go dtarlaíonn fógra an lae inniu ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Tugaimid spreagadh d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus i ngach foirm ealaíne iarratas a chur isteach agus táimid ag súil go mór leis na saothair nuálacha éagsúla a thiocfaidh ó fhaighteoirí na bliana seo a fheiceáil.”