English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Martin faighteoirí maoinithe faoin Scéim chun Tacú le Taibhithe Beo 2021

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD faighteoirí mhaoniú €25 milliún chun cabhrú le hionaid tráchtála, léiritheoirí agus poiblitheoirí chun taibhithe beo a phleanáil ar fud na tíre thar mhíonna an tsamhraidh, le 237 eagraíocht ar fad ag baint leas as an scéim.

Tá an scéim mar chuid de shraith beart €50 milliún chun tacú leis an earnáil siamsaíochta beo agus leanann sé éileamh as cuimse agus torthaí rathúla na Scéime Píolótaí chun Tacú le Taibhiú Beo arbh fhiú €5 mhilliún í. Forbraíodh an scéim i gcomhar leis an earnáil agus is í an phríomhaidhm atá aici ná chun fostaíocht shuntasach agus deiseanna folláine a chur ar fáil san earnáil siamsaíochta beo gaus tacóidh sé le cruthú leanúnach aschur ealaíonta don phobal. Tá sí mar aidhm ag an scéim tacú le taibhithe beo go háirithe i gcásanna a bhfuil an acmhainn i gcomhair lucht féachana beo teoranta mar gheall ar COVID-19, agus go ndéanfaidh an maoiniú léirithe beo indéanta nó go gcuirfear léirithe ar fáil ar líne mura féidir le lucht féachana freastal air mar gheall ar shrianta.

Bhí ardleibhéal spéise sa scéim agus tugadh níos mó ná 400 iarratas cruthaitheach, ilchineálach isteach, ag léiriú nádúr acmhainneach, cumasach agus nuálach na hearnála. Aithníonn and tuigeann an Roinn an obair agus an iarracht a cuireadh isteach sna hiarratais seo. Mar gheall ar líon na n-iarratas a fuarthas, áfach, ní bheadh sé indéanta maoiniú a thabhairt do gach iarratasóir incháilithe.

Tá ionaid bheaga agus mhóra i measc faighteoirí an mhaoinithe seo, léiritheoirí agus poiblitheoirí, ag tacú le himeachtaí beo i ngach contae, féilte, ceolchoirmeacha, léirithe amharclainne, coiméide agus imeachtaí faoin aer san áireamh.

Cuirfear clár iontach gníomhaíochtaí ar fáil leis an maoiniú seo le linn an tsamhraidh agus an fhómhair. Tacóidh an Roinn leis na daoine a fhaigheann deontais chun a chinntiú go bhfaigheann taibheoirí agus criú an maoiniú chomh luath agus is féidir.

Dúirt an tAire Martin:

“Tá ríméad orm an maoiniú seo a fhógairt, maoiniú a chuimseoidh agus a thacóidh le réimse leathan léirithe le linn mhíonna an tsamhraidh. Tá a fhios agam go gcabhróidh an maoiniú seo le fostú taibheoirí, ealaíontóirí, teicneoirí, foireann chruthaitheach agus foireann a thacaíonn le taibhithe san earnáil. Cruthóidh sé fostaíocht atá ag teastáil go dian do go leor daoine nach raibh obair acu le míonna fada anuas. Léiríodh aschur ealaíonta ardchaighdeáin sa scéim phíolótach a bhí thar a bheith tábhachtach agus a bhain go leor daoine taitneamh as. Táim ag súil go mór le saothair ar an leibhéal céanna a fheiceáil an uair seo.”

“Chuir mé €5m eile ar fáil le déanaí don Scéim um Chlárú Taibhiú Beo Áitiúil d’údaráis áitiúla chun maoiniú a thabhairt do thaibheoirí áitiúla agus criú áitiúil chun taibhithe beo a chur ar stáitse ina gceantair, ag cruthú tuilleadh deiseanna fostaíochta sna míonna atá romhainn.”


Nótaí

Tá liosta na ndaoine a gheobhaidh maoiniú faoin Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo 2021 ar fáil anseo.

Live Performance Support Scheme 2021 - List of Grantees
Download link for Íoslódáil